Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 22:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar an árd‐ṡagart, agus ar na seanóiriḃ go léir: ó n‐a ḃfuaras litreaċa ċum na mbráiṫreaċ, agus do ḃíos ar mo ḃealaċ go Damascus, ċum iad‐san do ḃí ann do ṫaḃairt ceangailte go h‐Iarúsalem, ċum peannaid d’ḟáġáil annsin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Mar a ġní uaċtarán na sagart, agus na seanóirí go léir fiaḋnaise daṁ: agus ar ḟaġáil litreaċ daṁ uaṫa do na bráiṫré, ċuaiḋ mé ċun na Damaisce, ċun go dtaḃarainn liom ceangailte iad as sin go h-Ierusalem le pionós d’ḟaġáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ṫug uaċtarán na sagart, agus na seanóirí, teistiméireaċt dom air sin; agus fuaras leitireaċa uaṫa ag triall ar na bráiṫriḃ i nDamascus, ċun iad a ṫaḃairt liom anso gaḃṫa go Ierúsalem i dtreó go gcurfí pionós orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Mar do ní uaċdarán na sagurt fós fíaḋnuisi ḋaṁ, agus na sinnsir uile: ó fuáir mé litreaċa mar an gcéudna ċum na mbraṫar, ré dul go Damascus, ar ċor go dtiuḃruínn leam ceanguilte go Híarusalém an ṁuinntir do ḃí ann sin, dfaġáil piannuide.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 22:5
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair ṫáinig an lá, do ċruinniġ seanóirí an ṗobail le ċéile, idir uaċtaránaiḃ na sagart agus na scríoḃaiḋṫiḃ; agus ṫugadar eisean isteaċ ’n‐a n‐árd‐ċóṁairle,


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


A ḃráiṫreaċa, a ċlann de ṡlioċt Abraċaim, agus an méid agaiḃ ar a ḃfuil eagla Dé, is dúinne do cuireaḋ briaṫar an tslánuiġṫe seo.


A ḃráiṫreaċa, ní misde liom laḃairt go dána liḃ i dtaoḃ an ṗaitriárċa Dáiḃi, go ḃfuil sé marḃ, curṫa, agus go ḃfuil a ṫuama ’n‐ár measc go dtí an lá atá ann indiu.


A ḃráiṫreaċa agus a aiṫreaċa, éistiḋ leis an gcosnaṁ atá agam d’á ḋéanaṁ ḋaoiḃ anois.


Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.


Aċt nuair ṫug Pól fá deara gur Ṡaddúcíniġ cuid aca, agus gurḃ Ḟairisíniġ an ċuid eile, do ġlaoḋ sé amaċ i lár na h‐árd‐ċóṁairle, Is Fairisíneaċ mise, mac Fairisíniġ: is mar ġeall ar ṡúil ḃeiṫ agam le h‐aiséirġe na marḃ atáim ar mo ṫriail.


Mar sin do‐rinne mé i nIarúsalem: agus do ċuireas mórán naoṁ fá ġlas i bpríosúnaiḃ, tar éis uġdarás d’ḟáġáil ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus nuair ḃídís d’á gcur ċum báis, ṫugas guṫ ’n‐a n‐aġaiḋ.


Agus ṫugas pionós go minic dóiḃ ins na sionagógaiḃ go léir, agus do‐rinneas iarraċt fá ḋia‐ṁaslaḋ do ḃaint asta; agus leis an dearg‐ḃuile do ḃí orm ’n‐a gcoinniḃ, do‐rinneas géirleanaṁain orṫa go dtí na caṫraċa coigríoċa.


Ag dul fá ḋéin Damascuis dom ar an intinn sin le h‐uġdarás agus le barántas na n‐árd‐ṡagart,


Agus ṫárla, i gcionn trí lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur ġlaoḋ sé ċuige daoine móra na nIúdaċ: agus nuair do ḃí siad cruinn le ċéile, aduḃairt sé leo, Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, giḋ naċ ndearnas rud ar biṫ i gcoinniḃ na ndaoine ná i gcoinniḃ nós ár sinnsear, tugaḋ mé mar ḃraiġdeán ó Iarúsalem i láṁaiḃ na Róṁánaċ,


Agus aduḃradar‐san leis, Ní ḟuaraimir‐ne litreaċa ó Iúdaea id’ ṫaoḃ, ná ní ṫáinig duine de na bráiṫriḃ annso le tuairisc nó scéalaiḃ id’ ċoinniḃ.


Agus anois, a ḃráiṫreaċa, atá a ḟios agam gur tré aineolas do‐rinneaḃar é, fá mar rinne ḃúr n‐uaċtaráin.


Agus ṫarla lá ar n‐a ḃáraċ, gur ċruinniġ a n‐uaċtaráin agus a seanóirí agus a scríoḃaiḋṫe le ċéile i nIarúsalem;


Agus ar n‐a ċlos sin dóiḃ, do ċuadar isteaċ san teampall le breacaḋ an lae, agus do ḃíodar ag teagasc. Aċt ṫáinig an t‐árd‐ṡagart agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair, agus do ċruinniġeadar an árd‐ċóṁairle agus seanóirí clainne Israel, agus ċuireadar teaċtaí ċum an ṗríosúin, go dtaḃarfaiḋe cuca iad.


agus atá uġdarás aige annso ó uaċtaránaiḃ na sagart ċum na daoine ġlaoḋas ar t’ainm do ġaḃáil.


Óir do ċualaḃar i dtaoḃ mo ṡaoġail roiṁe seo i gcreideaṁ na nIúdaċ, cionnas mar rinneas géirleanṁain as miosúr ar eaglais Dé, g‐á scrios:


i dtaoḃ díoġraise, inġreimṫeaċ na h‐eaglaise; i dtaoḃ na fíréantaċta atá san dliġe, fríṫ mé ḃeiṫ gan loċt.


Ná déan failliġe san taḃartas atá ionnat, tugaḋ tré ṫarngaire ḋuit le leagaḋ láṁ na seanóir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ