Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 22:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Aċt lá ar n‐a ḃáraċ, ó ba ṁian leis a ḟios d’ḟáġáil go cruinn, créad do ḃí ag na h‐Iúdaċaiḃ d’á ċur ’n‐a leiṫ, do scaoil sé é, agus d’órduiġ sé do na h‐árd‐ṡagartaiḃ agus do’n árd‐ċóṁairle uile teaċt le ċéile, agus ṫug sé Pól amaċ, agus ċuir sé os a gcóṁair é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Agus lá ar n-a ḃáraċ d’ḟonn a ḟaġáil amaċ ní ba ċruinne cad é ḃí ag na h-Iúdaiġ le cur ina leiṫ, scaoil sé é, agus d’órduiġ sé do na sagairt, agus do’n ċóṁairle uilig, a ṫeaċt i gcionn a ċéile, agus ar ṫaḃairt Ṗóil amaċ dó, ċuir sé ós a gcóṁair é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Ansan, lár n-a ṁáireaċ an lae sin, ba ṁian leis a ḋ’ḟáġail amaċ níos cruinne cad a ḃí ag na Iúdaíġ. ’á ċur ’n-a leiṫ, agus do sgaoil sé é, agus d’órduiġ sé na sagairt agus an ċóṁairle do teaċt i ḃfoċair a ċéile agus ṫuġ sé Pól amaċ agus ċuir sé os a gcóṁair é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus ar na ṁáraċ ar mbeiṫ ḋó fonnṁair air ḋeiṁin sgéul dfaġáil créd í an ċoir do ċuirfidis na Iúdaiġe na aġuiḋsion, do sgáoil sé é ó na ċuiḃriġiḃ, agus tug sé aiṫne dúaċdaráin na sagart agus dá gcoṁairle uile teaċd do laṫuir, agus ar dtaḃairt Ṗóil amaċ, do ċuir sé ann a ḃfíaḋmuisi é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 22:30
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoiniḃ: óir do‐ḃéaraiḋ siad ar láiṁ siḃ do na cóṁairliḃ, agus sciúrsálfaiḋ siad siḃ ’n‐a sionagógaiḃ;


agus do ċeangladar é, agus ṫugadar suas do Ṗíoláid an riaġaltóir é.


Cibé duine atá i ḃfeirg le n‐a ḃráṫair, béiḋ seisean cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n Árd‐ċóṁairle, agus cibé duine adéarfas, A ṗleiḋce, béiḋ teine Gehenna tuillte aige.


Agus ag teaċt ċugainn dó, agus ag tógáil creasa Ṗóil, do ċeangail sé a ċosa agus a láṁa féin, agus aduḃairt, Is é adeir an Spiorad Naoṁ, Ar an gcuma so, is eaḋ ċeanglóċas na h‐Iúdaiġ i nIarúsalem an fear gur leis an crios so, agus do‐ḃéarfaiḋ siad ar láṁaiḃ do na Cineaḋaċaiḃ é.


Annsin do ḋruid an t‐árdċaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduiġ sé a ċeangail le ḋá ṡlaḃraḋ; agus d’ḟiafruiġ sé cia arḃ é, agus créad do ḃí déanta aige.


Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar an árd‐ṡagart, agus ar na seanóiriḃ go léir: ó n‐a ḃfuaras litreaċa ċum na mbráiṫreaċ, agus do ḃíos ar mo ḃealaċ go Damascus, ċum iad‐san do ḃí ann do ṫaḃairt ceangailte go h‐Iarúsalem, ċum peannaid d’ḟáġáil annsin.


Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.


Anois, d’á ḃriġ sin, cuireaḋ siḃ‐se agus an árd‐ċóṁairle scéala ċum an árd‐ċaiptín g‐á iarraiḋ air a ṫaḃairt ċugaiḃ, fá mar ba ṁian liḃ eolas níos cruinne d’ḟáġáil ’n‐a ṫaoḃ: agus atáimíd‐ne ullaṁ le n‐a ṁarḃaḋ, sara dtiocfaiḋ sé i láṫair.


Agus aduḃairt seisean, Atá ceapṫa ag na h‐Iúdaċaiḃ a iarraiḋ ort Pól do ṫaḃairt amaċ ċum na h‐árd‐ċóṁairle amáraċ, fá mar ba ṁian leat fios scéil níos cruinne d’ḟáġail ’n‐a ṫaoḃ Aċt ná h‐éist leo:


Annsin, mar ba ṁian liom a ḟios ḃeiṫ agam créad do ḃí aca d’á ċur ’n‐a leiṫ, ṫugas síos ċum a n‐árd‐ċóṁairle féin é:


Aċt nuair ṫug Pól fá deara gur Ṡaddúcíniġ cuid aca, agus gurḃ Ḟairisíniġ an ċuid eile, do ġlaoḋ sé amaċ i lár na h‐árd‐ċóṁairle, Is Fairisíneaċ mise, mac Fairisíniġ: is mar ġeall ar ṡúil ḃeiṫ agam le h‐aiséirġe na marḃ atáim ar mo ṫriail.


Agus aduḃairt Pól, Ba ṁian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a ḃeag nó a ṁór, ní h‐é tusa aṁáin, aċt gaċ a ḃfuil ag éisteaċt liom indiu, ḃeiṫ ar aon dul liom féin, taoḃ amuiġ de na slaḃraiḃ seo.


Agus ar n‐a ċlos sin dóiḃ, do ċuadar isteaċ san teampall le breacaḋ an lae, agus do ḃíodar ag teagasc. Aċt ṫáinig an t‐árd‐ṡagart agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair, agus do ċruinniġeadar an árd‐ċóṁairle agus seanóirí clainne Israel, agus ċuireadar teaċtaí ċum an ṗríosúin, go dtaḃarfaiḋe cuca iad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ