Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 22:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus nuair do ċeangladar é le téadaiḃ, aduḃairt Pól leis an gceanntúir do ḃí ’n‐a ṡeasaṁ i láṫair, An dlisteanaċ duit fear Róṁánaċ do sciúirseaḋ, agus gan a ḋaoraḋ ar dtús?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Agus nuair a ḃí sé ceangailte le córdaí acu, deir Pól leis an ċeanntúir a ḃí ina ṡeasaṁ ag a ṫaoiḃ: An ḃfuil sé dlisteannaċ agaiḃ duine a sciúrsáil ar Róṁánaċ é, agus gan é ḋaorṫa?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Do ċeangaladar Pól le téadaiḃ. Ansan duḃairt sé leis an dtaoiseaċ céad a ḃí ’n-a ṡeasaṁ i n’aice: An ḃfuil ceaduiġṫe ḋaoiḃ gaḃáil de sgiúirsíḃ ar ḟear Róṁánaċ gan é ḋaoraḋ ar dtúis?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus mar do ċeangladar é lé cordaḋuiḃ, a duḃairt Pól ris an gcaiptín do ṡeas a láṫair, An cóir ḋáoiḃsi Róṁánaċ a sgíursaḋ, agus gan é ar na ḋamnaḋ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 22:25
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoiniḃ: óir do‐ḃéaraiḋ siad ar láiṁ siḃ do na cóṁairliḃ, agus sciúrsálfaiḋ siad siḃ ’n‐a sionagógaiḃ;


Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa,


Agus d’ḟreagair an ceanntúir, agus aduḃairt, A Ṫiġearna, ní fiú mise go dtiocfá fám’ ḋíon: aċt abair an focal aṁáin, agus béiḋ mo ġiolla slán.


Do ḃí fear darḃ ainm Cornélius i gCéasaria, ceanntúir ar an mbuiḋin Iodáiliġ, mar tugaḋ uirṫi, fear cráiḃṫeaċ,


Aċt aduḃairt Pól, Do ḃuaileadar sinn go poibliḋe, gan triail, agus gur fir Róṁánaċa sinn, agus ċaiṫeadar i bpríosún sinn; agus arḃ áil leo anois ár gcur amaċ os íseal? Ní mar sin ḃéas; ní h‐eaḋ, aċt tagaidís féin agus beiridís amaċ sinn.


Nuair do‐ċuala an ceanntúir sin, do ċuaiḋ sé ċum an árd‐ċaiptín, agus d’innis sé ḋó é, g‐á ráḋ, Créad é sin ṁeasas tú do ḋéanaṁ? Fear Róṁánaċ is eaḋ an duine sin.


Agus do ġlaoḋ Pól duine de na ceanntúiriḃ ċuige, agus aduḃairt sé, Beir leat an buaċaill seo ċum an árd‐ċaiptín: óir atá niḋ aige le n’innsin dó.


Rug na h‐Iúdaiġ ar an ḃfear so, agus do ḃíodar ar tí a ċur ċum báis, nuair ṫángas‐sa orṫa i n‐éinḟeaċt leis na saiġdiúiriḃ, agus nuair ṫuigeas gur Róṁánaċ é, do ṫógas slán uaṫa é.


D’ḟreagras dóiḃ, naċ é nós na Rómánaċ duine ar biṫ do ṫaḃairt ċum breiṫeaṁnais gan an duine a cionntuiġṫear agus luċt a ċionntuiġṫe ḃeiṫ ar aon í áṫair le ċéile, agus caoi do ṫaḃairt dó le n‐a ċosaint féin ar an gcoir curtar ’n‐a leiṫ.


Annsin nuair do ṡocruiġeadar go raċaimís fá ṡeol go dtí an Iodáil, ṫugadar Pól agus roinn príosúnaċ eile do ċeanntúir darḃ ainm Iúlius, de ḃuiḋin Augustuis.


Agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫángamar go Sidón: agus ḃí Iúlius cineálta le Pól, agus ṫug sé cead dó dul fá ṫuairisc a ċarad agus sócaṁal d’ḟáġáil uaṫa.


Aċt do ḃí a ḟonn ar an gceanntúir Pól do ṡáḃáil, agus ní leigfeaḋ sé ḋóiḃ é, agus d’órduiġ sé ḋóiḃ‐sean go raiḃ snáṁ aca a gcaiṫeaṁ amaċ ar dtús agus an tír do ḃaint amaċ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ