Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 22:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 d’órduiġ an t‐árd‐ċaiptín a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán, agus a ċeistiú fá’n sciúirse, go ḃfaiġeaḋ sé amaċ caidé an ċúis go raḃadar ag liúiriġ mar sin ’n‐a aġaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 D’órduiġ an ceann feaḋain é taḃairt isteaċ san ċampa, agus é a sciúrsáil, agus a ṗianaḋ, ċun go mbéaḋ a ḟios aige cad ċuige a raiḃ siad ag scairtiġ mar siúd ina aġaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Ansan d’órduiġ an triḃiún é ṫaḃairt isteaċ sa longṗort agus gaḃáil de sgiúirsíḃ air, agus é ṗianaḋ, ċun go ḃfaġaḋ sé amaċ cad é an ċúis go raḃdar ag liúiriġ mar sin ’n-a ċoinniḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Do aiṫin an túaċdarán eisean do ḃreiṫ don ċaisléun, agus a duḃairt sé fios sgéul do ḃuáin lé sgíursaiḋiḃ ḋe; do ċum go mbeiṫ a ḟios aige créd é an taḋḃar fár éiġṁeadar mar sin na aġuiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 22:24
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin ṫug Píoláid Íosa, agus do sciúrsáil sé é.


Aċt aduḃairt Pól, Do ḃuaileadar sinn go poibliḋe, gan triail, agus gur fir Róṁánaċa sinn, agus ċaiṫeadar i bpríosún sinn; agus arḃ áil leo anois ár gcur amaċ os íseal? Ní mar sin ḃéas; ní h‐eaḋ, aċt tagaidís féin agus beiridís amaċ sinn.


Agus do ġlaoḋ cuid aca é seo agus cuid eile é siúd, i measc an tsluaiġ: agus nuair nár ḟéad sé a ḟios d’ḟáġáil go cruinn caidé an fáṫ do ḃí leis an toirmeasc, d’órduiġ sé a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán.


Agus le linn Pól ḃeiṫ d’á ḃreiṫ isteaċ san gcaisleán, aduḃairt sé leis an árd‐ċaiptín, An misde ḋom focal do ráḋ leat? Agus aduḃairt seisean, An ḃfuil Gréigis agat?


Agus nuair do ḃí ag éirġe ar an gcallán go mór, d’órduiġ an t‐árd‐ċaiptín do na saiġdiúiriḃ dul síos, ar eagla go sracfaidís Pól as a ċéile eadorṫa, agus a ṫógáil le neart uaṫa agus a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán.


Rug na h‐Iúdaiġ ar an ḃfear so, agus do ḃíodar ar tí a ċur ċum báis, nuair ṫángas‐sa orṫa i n‐éinḟeaċt leis na saiġdiúiriḃ, agus nuair ṫuigeas gur Róṁánaċ é, do ṫógas slán uaṫa é.


agus, nuair do ċeistiġeadar‐san mé ḃí a ḟonn orṫa mo scaoileaḋ saor, toisc naċ raiḃ aon ċúis báis le fáġáil orm.


Fuair mná a mairḃ ar ais tré aiséirġe: agus do ḃí cuid eile do ciapaḋ, ag diúltú do’n tsliġe éalóiḋ; ċum go ḃfaiġdís aiséirġe dob’ ḟearr:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ