Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 22:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 agus nuair do ḃí fuil Stiofáin, t’ḟiaḋnaiḋe, d’á doirteaḋ, do ḃíos‐sa im’ ṡeasaṁ i láṫair, ag aontaḋ leo, agus ag coiṁéad éadaiġe na ndaoine do ḃí g‐á ṁarḃaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus nuair a ḃí fuil d’ḟiaḋnaisiġ, Steaṗán, dá dortaḋ, ḃí mise i látair, agus mé ag aontuġaḋ, agus ḃí mé ag coiṁéad a gcuid éadaiġ dóḃta sin a ḃí ġá ṁarḃaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus nuair a ḃí suil Stioṗáin t’ ḟínné-se, d’á ḋortaḋ ḃíos-sa láiṫreaċ, agus ḃíos toilṫeanaċ, agus ḃíos ag taḃairt aire do ḃrataiḃ na ndaoine a ḃí ’ġá ṁarḃú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus a núair dóirteaḋ fuil do ṁairtír Steaṗán, do ḃi misi a láṫair, agus dáontuiġ mé ċum a ṁarḃṫa, agus do ċoiṁéud mé éudaiġe na muinntire do ṁarḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 22:20
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mar sin do‐ḃeir siḃ fiaḋnaise go ḃfuil siḃ ar aon inntinn le n‐ḃúr sinnsearaiḃ ’n‐a ngníoṁarṫaiḃ: do marḃadar‐san iad, agus tógann siḃ‐se leaċta.


Mar sin do‐rinne mé i nIarúsalem: agus do ċuireas mórán naoṁ fá ġlas i bpríosúnaiḃ, tar éis uġdarás d’ḟáġáil ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus nuair ḃídís d’á gcur ċum báis, ṫugas guṫ ’n‐a n‐aġaiḋ.


Agus do ṫaiṫin an ċóṁairle sin leis an gcóṁ‐ċruinniú: agus do ṫoġadar Stiofán, fear do ḃí lán de ċreideaṁ agus de’n Spiorad Naoṁ, agus Pilib, agus Próċorus, agus Nicanór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nioclás, prosélíteaċ ó Antuaiġ:


agus do ruaigeadar as an gcaṫair amaċ é, agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ air: agus do leag na fiaḋnaiḋṫe a mbrait ag cosaiḃ fir óig darḃ ainm Saul.


Agus d’éiriġ géir‐leanṁain ṁór an lá sin i gcoinniḃ na h‐eaglaise do ḃí i nIarúsalem; agus do scaipeaḋ iad uile ar fud réigiúin Iúdaea agus Ṡamária, aċt aṁáin na h‐abstail.


daoine, giḋ gur ab eol dóiḃ breiṫ Dé, is é sin go dtuilleann a leiṫéidí bás, ní h‐é aṁáin go ndéanann siad féin iad, aċt go n‐aon‐tuiġeann siad leis an dream do‐ġní iad.


Agus do ċonnacas an ḃean ar meisce le fuil na naoṁ, agus le fuil mairtíreaċ Íosa. Agus ag aṁarc dom uirṫi, ṫáinig árd‐iongnaḋ orm.


Is eol dom t’áit ċóṁnuiġṫe, mar a ḃfuil riġ‐ċaṫaoir Ṡátain: agus greamuiġeann tú dem’ ainm‐se, agus níor ṡéanais mo ċreideaṁ i laeṫiḃ Antipais féin, m’ḟiaḋnaiḋe dílis do marḃaḋ ’n‐ḃur measc, san áit ’n‐a ḃfuil Sátan ’n‐a ċóṁnaiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ