Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 22:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus aduḃairt sé, Do ċeap Dia ár sinnsear ṫú ċum a ṫoile do ṫuigsin, agus ċum an Aoin Ionnraic d’ḟeicsin, agus ċum glóir a ḃéil do ċlos.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus ḋuḃairt seisean: Ṫoġ Dia ár n-aiṫreaċ ṫusa roiṁ ré, ċun go mbéaḋ fios a ṫola agat, agus go ḃfeicṫeá an Neaċ Cóir, agus go gcluinṫeá guṫ as a ḃéal-san féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Ansan duḃairt sé: Do ċeap Dia ár sinnsear ṫusa roim ré ċun go dtuigfá a ṫoil agus go ḃfeicfá an t-Aon Ceart. agus go n-aireóċfá guṫ a ḃéil;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus a duḃairt sé, Do ṫoġ Día ar naiṫreaċne roiṁ láiṁ ṫusa, ċum a ṫóla féin daiṫniúġaḋ, agus an Neaċ Coṁṫrom úd dfaicsin, agus glór a ċluisden as a ḃéul.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 22:14
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é.


Do ṫoġ Dia an ṗobail seo Israel ár sinnsir, agus d’árduiġ sé an pobal nuair do ḃíodar ’n‐a gcóṁnaiḋe i gcríoċaiḃ na h‐Éigipte, agus do ṫreoruiġ sé as sin amaċ iad le láiṁ ċuṁaċtaiġ.


Óir béiḋ tú id’ ḟiaḋnaiḋe ḋó i láṫair na ndaoine go léir, ar a ḃfacais agus ar a gcualais.


agus go ḃfacas é g‐á ráḋ liom, Brostuiġ ort, agus imṫiġ go luaṫ as Iarúsalem: óir ní ġlacfaiḋ siad do ṫeistiméireaċt im’ ṫaoḃ.


Aċt adṁuiġim an méid seo ḋuit, go ndéanaim seirḃís do Ḋia ár sinnsear de réir na Sliġe ar a dtugann siad‐san eiriceaċt, ag creideaṁain do gaċ niḋ atá de réir na dliġe, agus atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ:


Aċt éiriġ, agus seas ar do ċosaiḃ: óir is ċuige seo do ṫaisbeánas mé féin duit, ċum go n‐órdóċainn ṫú id’ ṡeirḃíseaċ agus id’ ḟiaḋnaiḋe ar na neiṫiḃ do ċonnaicis, agus ar na neiṫiḃ ’n‐a noċtfaiḋ mé mé féin duit;


Do ṫóg Dia ár sinnsear Íosa suas; an té do marḃaḃair‐se g‐á ċroċaḋ ar ċrann.


Cia aca de na fáiḋiḃ naċ ndearna ḃúr sinnsir géir‐leanaṁain air? agus do ṁarḃadar iad‐san d’ḟógair roiṁ ré teaċt an Ḟíréin úd; go ḃfuil siḃ‐se ’n‐ḃúr mbraṫadóiriḃ agus ’n‐ḃúr ndúnṁarḃṫóiriḃ aige;


Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


Agus d’imṫiġ Ananias, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ; agus do ċuir sé a láṁa air agus aduḃairt, A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa do ṫaisbeán é féin duit san tsliġe agus tú ag teaċt, do ċuir sé mise ċugat, ċum go ḃfaiġṫeá do raḋarc aṫuair, agus go líonfaiḋe ṫú de’n Spiorad Naoṁ.


Pól seirḃíseaċ Íosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐a abstal, do cuireaḋ ar leiṫ le h‐aġaiḋ soiscéil Dé,


Óir is ó’n Tiġearna fuaras an méid do ṁúineas daoiḃ, gur ġlac an Tiġearna Íosa an t‐arán, an oiḋċe ’n‐ar braiṫeaḋ é;


Óir ar dtús ṫugas daoiḃ, mar fuaras é, go ḃfuair Críost bás i n‐éiric ár bpeacaiḋe, de réir na scrioptúir:


annsin do na h‐abstalaiḃ uile; agus san deireaḋ, taiḋḃriġeaḋ é ḋaṁ‐sa, mar ḋuine rugaḋ i n‐antráṫ.


Naċ ḃfuilim‐se saor? Naċ abstal mise? Naċ ḃfacas‐sa Íosa ár dTiġearna? Naċ siḃ‐se toraḋ mo ṡaoṫair san Tiġearna?


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


Óir ní ó’n duine fuaras é, agus níor múineaḋ é ḋom, aċt ṫáinig sé ċugam tré ṫaisbeánaḋ Íosa Críost.


Aċt nuair ba é deaġ‐ṫoil Dé é, do ċuir ar leiṫ mé ó ḃroinn mo ṁáṫar, agus do ġlaoḋ tré n‐a ġrása mé,


Pól, abstal Íosa Críost, tré ṫoil Dé, do réir geallaṁna na beaṫaḋ atá i nÍosa Críost,


Pól, seirḃíseaċ Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidiṁ muinntire toġṫa Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir cráḃaiḃ,


Ní ḋearna sé peacaḋ ariaṁ, agus ní fríṫ cealg ’n‐a ḃéal.


A ċlann ḃeag, atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo ċugaiḃ ċum naċ ndéanfaiḋ siḃ peacaḋ. Agus má ġníonn aoinneaċ peacaḋ, atá aḃcóide againn i ḃfoċair an Aṫar, Íosa Críost fíréan:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ