Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 21:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus nuair do ḃí an t‐am istiġ againn, d’imṫiġeamar róṁainn ar ár n‐aistear; agus ṫáinig siad go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ’g‐ár dtioḋlacaḋ, nó go raḃamar taoḃ amuiġ de’n ċaṫair: agus ar ár nglúnaiḃ dúinn ar an gcladaċ, do ġuiḋeamar, agus d’ḟágamar slán ag a ċéile;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Agus nuair a ḃí na laeṫe sin caiṫte, d’imṫiġeamar ċun siuḃail, agus rinne siad uilig, mar aon le n-a gcuid ban agus clann, sinn a ċomóraḋ amaċ as an ċaṫair: agus ġár leigin féin síos ar ár nglúna dúinn ar an tráiġ, rinneamar urnaiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Aċ nuair a ḃí na laeṫanta caiṫte do ġluaiseamair agus ḃíomair ag imṫeaċt, agus ṫánadar go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ġár dtionnlacan, go geataí na caṫaraċ; agus do leogamair sinn féin ar ár nglúiniḃ ar an dtráiġ agus do ġuíḋmair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus ar gcríoċnuġaḋ na laéṫeaḋ sin, do ṫríallamar roṁain; agus tangadársan uile, agus a mná, agus a gclann ar gcuideaċda as an gcaṫruiġ amaċ: agus do leigeamar air ar nglúiniḃ sinn ar an dtráiġ, agus do rinneamar urnuiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 21:5
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ba é méid na ndaoine do ḃí ag iṫe, tuairim le cúig míle fear, seaċas mná agus leanḃaí.


Agus ṫáinig loḃar ċuige, ag cur aṫċuinġe air, agus ag uṁlú ar a ġlúnaiḃ ḋó, aduḃairt sé, Má’s toil leat é, is féidir leat mise do ġlanaḋ.


Agus d’imṫiġ sé uaṫa timċeall faid urċair cloiċe; agus do‐ċuaiḋ sé ar a ġlúiniḃ agus do‐rinne sé guiḋe,


D’imṫiġeadar, mar sin, agus luċt na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ġaḃadar tré Ḟoinicia agus tré Ṡamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuiġeaḋ na Cineaḋaċa: agus do ċuireadar áṫas mór ar na bráiṫreaċaiḃ go léir.


Agus do ċuir na bráiṫreaċa Pól agus Sílas uaṫa gan ṁoill san oiḋċe, go Beréa: agus ar sroiċint dóiḃ, do ċuadar isteaċ i sionagóig na nIúdaċ.


Nuair do ḃí an méid sin ráiḋte aige, do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do‐rinne sé urnaiġe i n‐éinḟeaċt leo go léir.


agus do ṗógadar é, agus ba ṁóide a mbrón go mór an focal aduḃairt sé, naċ ḃfeicfidís a ġnúis arís. Agus annsin do ṫíoḋlacadar é ar a ḃealaċ go dtí an long.


Aċt do ċuir Peadar iad go léir amaċ, agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do‐rinne sé urnaiġe; agus ag iompoḋ ċum an ċuirp, aduḃairt sé, A Ṫabitá, éiriġ. Agus d’ḟoscail sí a súile; agus nuair do ċonnaic sí Peadar, d’éiriġ sí aniar.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ