Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 21:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus do ġlaoḋ cuid aca é seo agus cuid eile é siúd, i measc an tsluaiġ: agus nuair nár ḟéad sé a ḟios d’ḟáġáil go cruinn caidé an fáṫ do ḃí leis an toirmeasc, d’órduiġ sé a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus scairt cuid acu seo, agus cuid acu siúd, imeasc an tsluaiġ. Agus mar naċ dtáinic leis scéal deiṁin d’ḟaġáil mar ġeall ar an ġleo, d’órduiġ sé a ṫaḃairt ċun an ċampa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Aċ ḃí án tsluaġ ag liúiriġ, duine ġá ráḋ so agus duine ġá ráḋ súd. Agus nuair nár ḃ’ḟéidir dó deiṁin a ḋ’ḟáġail mar ġeall ar an gcur tré ċéile, d’órduiġ sé é ṫaḃairt ċun an longṗuirt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus do éiġ cuid mar so, agus cuid mar súd, a measg an ṗobail: agus mar nár ḃéidir leision deiṁín sgéul dfaġáil do ḃríġ na buáiḋearṫa, daiṫin sé eisean do ḃréiṫ don ċaisléun.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 21:34
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ġlaoḋ cuid de na daoiniḃ é seo, agus cuid eile é siúd: óir do ḃí an cruinniú i n‐aċrann a ċéile; gan a ḟios ḃeiṫ ag an gcuid ba ṁó aca cad ċuige a dtángadar le ċéile.


Agus le linn Pól ḃeiṫ d’á ḃreiṫ isteaċ san gcaisleán, aduḃairt sé leis an árd‐ċaiptín, An misde ḋom focal do ráḋ leat? Agus aduḃairt seisean, An ḃfuil Gréigis agat?


d’órduiġ an t‐árd‐ċaiptín a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán, agus a ċeistiú fá’n sciúirse, go ḃfaiġeaḋ sé amaċ caidé an ċúis go raḃadar ag liúiriġ mar sin ’n‐a aġaiḋ.


Aċt lá ar n‐a ḃáraċ, ó ba ṁian leis a ḟios d’ḟáġáil go cruinn, créad do ḃí ag na h‐Iúdaċaiḃ d’á ċur ’n‐a leiṫ, do scaoil sé é, agus d’órduiġ sé do na h‐árd‐ṡagartaiḃ agus do’n árd‐ċóṁairle uile teaċt le ċéile, agus ṫug sé Pól amaċ, agus ċuir sé os a gcóṁair é.


Agus nuair do ḃí ag éirġe ar an gcallán go mór, d’órduiġ an t‐árd‐ċaiptín do na saiġdiúiriḃ dul síos, ar eagla go sracfaidís Pól as a ċéile eadorṫa, agus a ṫógáil le neart uaṫa agus a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán.


Aċt do‐ċuala mac deirḃṡeaṫar Ṗóil i dtaoḃ na ceilge, agus ṫáinig sé agus do ċuaiḋ sé isteaċ san gcaisleán, agus d’innis sé do Pól é.


Aċt an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do leigeadar do’n ṁarc‐ṡluaġ dul leis, agus ṫángadar féin ar ais ċum an ċaisleáin.


Ní ḟuil aon niḋ cruinn agam, áṁ, le scríoḃaḋ ċum mo ṫiġearna ’n‐a ṫaoḃ. Ar an aḋḃar sin ṫugas annso ċugaiḃ‐se é, agus ċugat‐sa, go h‐áiriṫe, a rí Agrippa, le súil go mbéiḋ rud éigin agam le scríoḃaḋ nuair ċeisteoċas tú é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ