Gníoṁarṫa 21:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)21 agus do h‐inniseaḋ ḋóiḃ id’ ṫaoḃ‐sa, go ḃfuilir g‐á ṁúineaḋ do na h‐Iúdaċaiḃ go léir atá i measc na gCineaḋaċ Maois do ṫréigean, g‐á ráḋ leo gan a gclann do ṫimċeall‐ġearraḋ, ná leanaṁain de na sean‐ċleaċtaiḃ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)21 Anois ċuala siad fá dtaoiḃ díot go mbíonn tú ag teagasc na n-Iúdaċ sin, atá imeasc na gciniḋeaċ, Maoise a ṫréigin: ag ráḋ naċ cóir dóiḃ a gcuiḋ mac a ṫimċeallġearraḋ, ná siuḃal do réir an ġnáis. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)21 D’airiġdar áṁṫaċ, go ḃfuilirse ġá ċur ’n-a luiġe ar na Iúdaíġ atá ameasg na nGeinte naċ misde ḋóiḃ imṫeaċt ó Ṁaois, agus ná fuil ḟiaċaiḃ orṫa tímpallġearraḋ do ḋéanaṁ ar a gclainn, ná réir na dlíġe do leanṁaint. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)21 Agus do ċúaladar ortsa, go dteagasgann tú do gaċ uile Iúdaiġe dá ḃfuil a measg na Gcineaḋaċ Maóisi do ṫréigean, agus go nabuir tú naċ cóir ḋóiḃ a mic do ṫimċeallġearraḋ, na siuḃal do réir an ġnáṫuiġe. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus ṫárla, i gcionn trí lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur ġlaoḋ sé ċuige daoine móra na nIúdaċ: agus nuair do ḃí siad cruinn le ċéile, aduḃairt sé leo, Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, giḋ naċ ndearnas rud ar biṫ i gcoinniḃ na ndaoine ná i gcoinniḃ nós ár sinnsear, tugaḋ mé mar ḃraiġdeán ó Iarúsalem i láṁaiḃ na Róṁánaċ,