Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 21:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus ag teaċt ċugainn dó, agus ag tógáil creasa Ṗóil, do ċeangail sé a ċosa agus a láṁa féin, agus aduḃairt, Is é adeir an Spiorad Naoṁ, Ar an gcuma so, is eaḋ ċeanglóċas na h‐Iúdaiġ i nIarúsalem an fear gur leis an crios so, agus do‐ḃéarfaiḋ siad ar láṁaiḃ do na Cineaḋaċaiḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus ar ṫeaċt ċugainn dó, rug sé ar ċrios Ṗóil: agus ċeangail sé a ċosa agus a láṁa féin, agus duḃairt: Is é seo a deir an Spiorad Naoṁ: Is mar seo a ċeanglóċas na h-Iúdaiġ i n-Ierusalem an fear ar leis an ċrios seo, agus ḃéarfaiḋ siad ar láiṁ do na ciniḋeaċa é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Nuair a ṫáinig sé sin ċúġainn do ṫóg sé crios Ṗóil agus ċeangail sé a láṁa féin agus a ċosa agus duḃairt sé: Seo mar adeir an Spioraid Naoṁ, an fear gur leis an crios so, sin mar a ċeangalóċaid na Iúdaíġ é i n-Ierúsalem, agus taḃarfaid siad i láṁaiḃ na nGeinte é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus ar dteaċd ċugainne ḋó, do ġlac sé crios Ṗóil, agus ag ceangal a láṁa agus a ċosa féin, a duḃairt sé, Mar so a deir an Spiorad Náoṁ, Is ar an gcorsa ċeingéoluid na Iúdaiḋe an té lér leis an ċrios so a Niarusalém, agus do ḃéuruid síad a láiṁ na Gcineaḋaċ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 21:11
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nuair do ḃí na briaṫra sin ráiḋte ag Íosa, do ċuaiḋ sé amaċ mar aon le n‐a ḋeisceablaiḃ ṫar sruṫ Ċedron, mar a raiḃ garrḋa, agus do ċuaiḋ sé féin isteaċ ann i n‐éinḟeaċt le n‐a ḋeisceablaiḃ.


Agus ag frioṫáileaṁ gnóṫa an Tiġearna, agus ag déanaṁ troscaiḋ ḋóiḃ, aduḃairt an Spiorad Naoṁ, Cuiriḋ i leaṫtaoiḃ Barnabas agus Saul le h‐aġaiḋ na h‐oibre ċum a ḃfuil siad ceapṫa agam.


Agus do ċuadar tré ċríċ Frigia agus Ġalácia, an Spiorad Naoṁ g‐á gcosc ar an mbriaṫar do laḃairt san Áise;


aċt aṁáin go ḃfuil an Spiorad g‐á ḋearḃú ḋom ins gaċ caṫair gur géiḃeann agus géirleanṁain atá fá mo ċóṁair.


Annsin do ḋruid an t‐árdċaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduiġ sé a ċeangail le ḋá ṡlaḃraḋ; agus d’ḟiafruiġ sé cia arḃ é, agus créad do ḃí déanta aige.


Agus nuair fuaramar na deisceabail, d’ḟanamar annsin seaċtṁain: agus do ḃíodar g‐á ráḋ le Pól tríd an Spiorad, gan cos do ċur i nIarúsalem.


Agus nuair do ċeangladar é le téadaiḃ, aduḃairt Pól leis an gceanntúir do ḃí ’n‐a ṡeasaṁ i láṫair, An dlisteanaċ duit fear Róṁánaċ do sciúirseaḋ, agus gan a ḋaoraḋ ar dtús?


Aċt nuair ḃí ḋá ḃliaḋain imṫiġṫe, ṫáinig Porcius Féstus i n‐ionad Ḟéilics; agus le sásaṁ do ṫaḃairt do na h‐Iúdaċaiḃ, d’ḟág Ḟéilics Pól fá ċeangal.


Agus aduḃairt Pól, Ba ṁian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a ḃeag nó a ṁór, ní h‐é tusa aṁáin, aċt gaċ a ḃfuil ag éisteaċt liom indiu, ḃeiṫ ar aon dul liom féin, taoḃ amuiġ de na slaḃraiḃ seo.


Agus ṫárla, i gcionn trí lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur ġlaoḋ sé ċuige daoine móra na nIúdaċ: agus nuair do ḃí siad cruinn le ċéile, aduḃairt sé leo, Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, giḋ naċ ndearnas rud ar biṫ i gcoinniḃ na ndaoine ná i gcoinniḃ nós ár sinnsear, tugaḋ mé mar ḃraiġdeán ó Iarúsalem i láṁaiḃ na Róṁánaċ,


Ar an aḋḃar sin ṫugas cuireaḋ ḋaoiḃ go ḃfeicfeaḋ siḃ mé agus go laḃarfainn‐se liḃ: óir is ar son dóċais Israel atáim ceangailte leis an slaḃraḋ so.


Agus nuair nár ḟéadadar teaċt ar aon intinn eadorṫa féin, d’imṫiġeadar, tar a éis do Ṗól focal aṁáin a ráḋ leo, Is maiṫ aduḃairt an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Ésáias fáiḋ,


Agus aduḃairt an Spiorad le Pilib, Druid i n‐aice leis, agus téiġ san gcarbad sin.


óir taisbeánfad‐sa ḋó an ṁéid ṁór atá le fulang aige ar son m’ainme.


Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,


Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,


go ḃfuilim im’ ṫaiḋleoir fá ċuiḃreaċaiḃ ar a ṡon: ċum go laḃarfad ’n‐a ṫaoḃ gan scáṫ, mar ba ċeart dom laḃairt.


Aċt adeir an Spiorad go soiléir go dtréigfiḋ cuid de na daoiniḃ an creideaṁ ins na h‐aimsearaiḃ deireannaċa, ag taḃairt aire do spioraidiḃ mealltaċa agus do ṫeagascaiḃ deaṁan,


go ḃfuilim ag fulang ar a ṡon i gcuiḃreaċaiḃ aṁail cuirpṫeoir, aċt ní ḟuil briaṫar Dé fá ċuiḃreaċaiḃ.


Óir ṫug siḃ truaġ do na daoiniḃ do ḃí i ngeiṁleaċaiḃ, agus do ġlac siḃ go fonnṁar le creaċaḋ ḃur maoine, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaiḃ féin, maoin ṡíorḃuan.


Uime sin, mar deir an Spiorad Naoṁ, Indiu, má ċluineann siḃ a ġuṫ,


Do noċtaḋ ḋóiḃ, naċ dóiḃ féin, aċt daoiḃ‐se do ḃíodar ag dáileaḋ na neiṫe úd atá curṫa i dtuigsin daoiḃ anois aca‐san do ṡeanmóir an soiscéal daoiḃ tríd an Spiorad Naoṁ do cuireaḋ ó neaṁ; neiṫe is mian le h‐aingliḃ a scrúdú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ