Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 20:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Is eol daoiḃ féin gurḃ iad na láṁa so do ṡoláṫruiġ d’á raiḃ ’n‐a riaċtanas orm, agus dóiḃ‐sean do ḃí im’ ḟoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Is eol díḃ féin: óir ṡaoṫruiġ na láṁa seo cib é neiṫe a ḃí riaċtanaċ daṁ féin agus dóḃṫa seo atá i m’ḟoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Mar is eól daoíḃ féin, gurab iad an dá láiṁ seo ṡoláṫair gaċ a raiḃ riaċtanaċ dom féin agus do sna daoine atá am ḟoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Is aiṫne ḋíḃsi féin, gur ab íad na láṁasa do ṡoláṫair ḋaṁ gaċ ní ḋá raiḃ na riáċdanus orum féin, agus ar a raiḃ am ḟoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 20:34
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus ṫáinig sé ċuca‐san; agus, toisc é ḃeiṫ ar aon ċeárd leo, d’ḟan sé aca, agus d’oibriġ sé ’n‐a ḃfoċair, óir ba ḋéantóirí pailliún iad de réir ceirde.


Agus tar a éis dó beirt díoḃ‐san do ḃíoḋ ag freastal dó, Timóteus agus Erastus do ċur go dtí an Ṁaiceadóin, d’ḟan sé féin tamall san Áise.


Agus do ḃí an ċaṫair tré ċéile le clampar: agus do riṫeadar i n‐éinḟeaċt isteaċ san téatar, agus greim aca ar Ġáius agus ar Aristárċus, beirt ó’n Ṁaiceadóin, comrádaiḋṫe siuḃail do Ṗól.


Do ḃíos im’ eisiompláir ḋaoiḃ ins gaċ éinniḋ, g‐á ṫaisbeáint daoiḃ gur ag obair ar an gcuma sin ba ḋual daoiḃ cuidiú leis na daoiniḃ laga, agus cuiṁniú ar ḃriaṫraiḃ an Tiġearna Íosa, mar aduḃairt sé, Is mó is beannuiġṫe bronnaḋ ’ná glacaḋ.


bímíd ag obair go dian le n‐ár láṁaiḃ féin: nuair masluiġtear sinn, do‐ḃeirimíd beannaċt; nuair do‐ġnítear géirleanṁain orainn, fulaingmíd leis;


Óir is cuiṁin liḃ, a ḃráiṫre, an saoṫar agus an duaḋ fuaramar: ag obair d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ, do ṡeanmóruiġeamar soiscéal Dé ḋaoiḃ.


Beannuiġeann a ḃfuil im’ ḟoċair duit. Beannuiġ‐se d’á ḃfuil gráḋ aca ḋúinn san gcreideaṁ. Grása go raiḃ liḃ go léir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ