Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 20:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 D’á ḃriġ sin biḋiḋ ag faire, agus taḃraiḋ ċum ḃúr gcuiṁne nár scuireas de lá ná d’oiḋċe, ar feaḋ trí bliaḋan de ṫeagasc do ṫaḃairt daoiḃ le deoraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Bígiḋ ag faire, dá ḃríġ sin, agus cuiṁniġigiḋ nár stad mise de ṫaḃairt ċóṁairle ar gaċ aoinneaċ agaiḃ fríd mo ḋeora lá agus oiḋċe ar feaḋ ṫrí mbliaḋan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 D’á ḃríġ sin déinid faire, agus cimeadaiḋ i nḃúr gcuiṁne conus mar nár stadas ar feaḋ trí mblian, do ló ná d’oiḋċe, aċ ag cóṁairliú an uile ḋuine agaiḃ agus deóra le m’ṡúiliḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Ar a naḋḃarsin déunaiḋ faire, agus cuiṁniġiḋ, nár sguir misi ar feaḋ ṫrí mbliaḋan ag teagusg gaċ áon díḃ do ló agus doiḋċe maille ré déuruiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 20:31
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

aċt nuair do ḃí na daoine ’n‐a gcodlaḋ, ṫáinig a náṁaid agus do ċroiṫ sé cogal i measc na cruiṫneaċtan, agus d’imṫiġ sé.


Aċt nuair do ċonnaic sé mórán de na Fairisíneaċaiḃ agus de na Saddúcíneaċaiḃ ag teaċt ċum baiste d’ḟáġáil uaiḋ, aduḃairt sé leo‐san: A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cia d’ḟógair orṫaiḃ‐se teiċeaṫ ó’n díḃḟeirg atá le teaċt?


Aċt biḋiḋ ag faire i gcóṁnaiḋe, agus ag guiḋe, go mbéiḋ sé de neart agaiḃ éalóḋ ó na neiṫiḃ sin uile atá le teaċt, agus seasaṁ i láṫair Ṁic an Duine.


Agus do lean mar sin ar feaḋ ḋá ḃliaḋan; i dtreo go gcuala siad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe san Áise briaṫar an Tiġearna, idir Iúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ.


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tsionagóig, agus ḃí sé ag laḃairt go dána ar feaḋ trí mí, ag diospóireaċt agus ag léir‐ṁíniú i dtaoḃ ríoġaċta Dé.


Agus do ċuaiḋ sé suas, agus do ḃris sé arán, agus d’iṫ sé biaḋ; annsin do laḃair sé leo ar feaḋ i ḃfad, agus d’imṫiġ sé.


ag déanaṁ seirḃíse do’n Tiġearna le fíor‐uṁlaċt intinne, agus le deoraiḃ, agus le caṫuiġṫiḃ ṫáinig orm tré ċóiṁċeilg na nIúdaċ:


Agus an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus sinn cruinniġṫe le ċéile ċum arán do ḃriseaḋ, do ḃí Pól ag taḃairt seanmóire ḋóiḃ, mar ḃí sé de rún aige imṫeaċt lá ar n‐a ḃáraċ; agus do lean sé ag cainnt leo go h‐uair an ṁeaḋon‐oiḋċe.


Anois, tar éis bliaḋan fada, ṫáinig mé le déirc do ṫaḃairt dom’ ċineaḋ féin agus le h‐íoḋbairt do ḋéanaṁ:


Ní ċum náire do ċur oraiḃ scríoḃaim na neiṫe seo, aċt ċum teagasc do ṫaḃairt daoiḃ, mar ċlann ionṁain liom.


Óir atá a lán daoine ag siuḃal, gur inniseas daoiḃ go minic le deoraiḃ ’n‐a dtaoḃ, gur náiṁde do ċrois Ċríost iad:


Is eisean ḟoillsiġmíd, ag spreagaḋ gaċ uile ḋuine, ċum gaċ uile ḋuine do ṫaḃairt iomlán i gCríost.


Agus iarraimíd oraiḃ, a ḃráiṫre, taḃraiḋ raḃaḋ do na fallsóirí, taḃraiḋ meisneaċ do na daoiniḃ atá lag‐ċroiḋeaċ, biḋiḋ mar ṫaca do na daoiniḃ atá i n‐ísle ḃriġe, biḋiḋ foiġdeaċ leis an uile ḋuine.


Naċ cuiṁin liḃ gur inniseas an méid sin daoiḃ nuair ḃíos ’n‐ḃur ḃfoċair?


agus níor iṫeamar arán aon duine i n‐aisce, aċt ag obair go cruaiḋ, dóċaṁlaċ, d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ.


Aċt bí‐se staidéarṫa san uile niḋ, fulaing cruaḋtan, déan gnó an tsoiscéalaiḋe, cóiṁlíon dualgas do ṁiniostrálaċta.


Biḋiḋ uṁal d’ḃúr dtreoruiġṫiḃ, agus taḃraiḋ ómós dóiḃ: óir bíonn siad ag faire ḃur n‐anmanna, mar ḋaoine go ḃfuil sé de ḋualgas orṫa cunntas do ṫaḃairt: ċum go ndéanfaiḋ siad go lúṫġáireaċ é, agus ní go doilġeasaċ: óir ní ḃéaḋ sin ċum ḃur leasa.


(Féaċ, atáim ag teaċt ar nós gadaiḋe. Is aoiḃinn do’n té do‐ġní faire, agus ċoiṁeádas a ċuid éadaiġe, ar eagla go siuḃalfaḋ sé lomnoċt, agus go ḃfeicfiḋe a náire).


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ