Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 20:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 agus éireoċaiḋ daoine ḋíḃ féin, laḃarfas as saoḃċainnt, d’ḟonn na deisceabail do ṫarraing ’n‐a ndiaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Agus eadraiḃ féin éireoċaiḋ fir a laḃarfas neiṫe contráilte, ċun deisciobail a ṫarraingt ċuca.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus eireóċaid, oraiḃ féin, fir a laḃarfaid neiṫe tuaṫalaca, ċun deisgiobul a ṫarrac n’a ndiaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus fós éireóċuid dáoine ḋíḃ féin, noċ laiḃeórus neiṫe sáoḃa, ċum deisciobal do ṫarruing na ndiáiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 20:30
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is mairg daoiḃ, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir taistealann siḃ muir agus tír ċum cóṁalta creidiṁ aṁáin do ḋéanaṁ; agus nuair éiriġeann liḃ, do‐ġní siḃ mac ifrinn de níos ḋá ṁeasa ’ná siḃ féin.


agus nuair fuair sé é, ṫug sé leis go h‐Antuaiġ é. Agus ar feaḋ bliaḋna do ġnáṫuiġeadar cóṁluadar na h‐eaglaise, agus ṫugadar teagasc do ṁórán daoine; agus ṫárla gur i nAntuaiġ tugaḋ Críostaiḋṫe ar dtús ar na deisceablaiḃ.


Naċ tusa an t‐Éigipteaċ úd, do ḃrostuiġ na ceiṫre míle ropaire marḃṫaċ úd, agus do ṫreoruiġ amaċ san ḃfásaċ iad?


Óir is abstail ḃréige a leiṫéidí sin, oibriḋṫe mealltaċa, g‐á gcur féin i gcló abstal Ċríost.


Ṫairis sin, ag éirġe díoṁaoin dóiḃ, bíonn siad ag dul ó ṫiġ go tiġ; agus ní h‐é díoṁaoin aṁáin, aċt bíonn siad cainnteaċ, fíosruiġṫeaċ, ag cur síos ar neiṫiḃ naċ ceart dóiḃ laḃairt ’n‐a dtaoḃ.


conspóidí daoine droċ‐aigeantaċ atá dall ar an ḃfírinne, ṁeasas gur aḋḃar tairḃe an cráḃaḋ.


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


Do ċuadar amaċ as ár measc, aċt níor ḋaoine ḋínne iad; óir dá mba daoine ḋínn iad d’ḟanfaidís i n‐éinḟeaċt linn; aċt d’imṫiġeadar ċum go mba léir naċ daoine ḋínne iad uile.


Óir atá a lán mealltóir imṫiġṫe amaċ san tsaoġal, naċ n‐adṁuiġeann Íosa Críost ṫáinig san gcolainn. Atá a leiṫéid seo ’n‐a ṁealltóir agus ’n‐a ainċríost.


Aċt atá an méid seo agat, go ḃfuil gráin agat ar oibreaċaiḃ na Niocaláiteaċ, ar a ḃfuil gráin agam‐sa, mar an gcéadna.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ