Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 20:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Taḃairigiḋ ḃur n-aire díḃ féin, agus do’n tréad uilig, i n-ar ċuir an Spiorad Naoṁ i ḃur n-easbuic siḃ a raġlaḋ Eaglais Dé, a ċeannuiġ sé le n-a ċuid fola féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spioraid Naoṁ siḃ i n-ḃúr n-easbogaiḃ ag riaġlaḋ eaglaise Dé a ċeannuiġ sé le n-a ċuid fola féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náoṁ easbuig ḋíḃ, do ḃéaṫuġaḋ eagluíse Dé, noċ do ċeannaiġ sé lé na ḟuil féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 20:28
61 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus adeirim‐se leat gur tusa Peadar, agus gur ar an gcarraig seo ṫógfad‐sa m’eaglais; agus naċ mbuaiḋfiḋ geataí ifrinn uirṫi.


Agus tusa, a Ḃeiṫil, a ṫalaṁ Iúda, Ní tusa is luġa ar ċeann‐ṗortaiḃ Iúda, Óir is asat ṫiocfas an taoiseaċ, Ḋéanfas aoḋaireaċt ar Israel, mo ṗobal.


Aċt taḃraiḋ‐se aire ḋaoiḃ féin: óir do‐ḃéarṫar siḃ i ḃfiaḋnaise na gcóṁairle; agus sciúrsálfar siḃ i sionagógaiḃ; agus seasfaiḋ siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ.


Ná bíoḋ eagla oraiḃ, a ṫréad ḃeag, óir is é toil ḃúr nAṫar an ríoġaċt do ṫaḃairt daoiḃ.


Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste:


Agus ag frioṫáileaṁ gnóṫa an Tiġearna, agus ag déanaṁ troscaiḋ ḋóiḃ, aduḃairt an Spiorad Naoṁ, Cuiriḋ i leaṫtaoiḃ Barnabas agus Saul le h‐aġaiḋ na h‐oibre ċum a ḃfuil siad ceapṫa agam.


Agus tar éis seanóirí do ṫoġaḋ ḋóiḃ ins gaċ eaglais, agus urnaiġe agus troscaḋ do ḋéanaṁ, d’ḟágadar iad fá ċoimirce an Tiġearna, go raiḃ a gcreideaṁ ann.


Ó Ṁílétus do ċuir sé teaċtaireaċt go h‐Eiféis, agus do ġlaoḋ sé ċuige seanóirí na h‐eaglaise.


Atá a ḟios agam, nuair ḃéiḋead‐sa imṫiġṫe, go dtiocfaiḋ faolċoin fíoċṁara isteaċ ’n‐ḃúr measc, agus ní staonfaiḋ siad ó’n tréad;


Beannuiġiḋ féin d’á ċéile le póig naoṁṫa. Beannuiġeann eaglaisí uile Ċríost daoiḃ.


agus Sostenes ár mbrátair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, ċum na ndaoine atá naoṁuiġṫe i nÍosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ’n‐a naoṁaiḃ, maille leis na daoiniḃ uile ins gaċ áit ġlaoḋas ar ainm Íosa Críost, a dTiġearna‐san agus ár dTiġearna féin:


Ná taḃraiḋ aḋḃar scannail do lúdaċaiḃ ná do Ġréagaċaiḃ, ná d’eaglais Dé


An aṁlaiḋ naċ ḃfuil tiġṫe agaiḃ ċum ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól ionnta? nó an aṁlaiḋ atá droċ‐ṁeas agaiḃ ar eaglais Dé, go náiriġeann siḃ iad‐san atá gan éinniḋ? Créad adéarfas mé liḃ? an aṁlaiḋ ṁolfas mé siḃ? ní ṁolaim san gcás so siḃ.


Óir is mise an té is luġa de na h‐abstalaiḃ, naċ fiú mé ainm abstail do ṫaḃairt orm, de ḃriġ go ndearnas géirleanṁain ar eaglais Dé.


agus ní liḃ féin siḃ; óir do ceannuiġeaḋ siḃ go daor; d’á ḃriġ sin taḃraiḋ glóir do Ḋia ’n‐ḃur gcorp.


Óir do ċualaḃar i dtaoḃ mo ṡaoġail roiṁe seo i gcreideaṁ na nIúdaċ, cionnas mar rinneas géirleanṁain as miosúr ar eaglais Dé, g‐á scrios:


atá ’n‐a éirlis d’ár n‐oiḋreaċt, ċum sealḃaċas Dé d’ḟuascailt, ċum clú a glóire.


’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaḋ,


Agus ṫug sé daoine áiriṫe ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐abstalaiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃfáiḋiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a soiscéalaiḋṫiḃ; agus cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐aoḋaraiḃ agus ’n‐a dteagascṫóiriḃ;


Pól agus Timóteus, seirḃísiġ Íosa Críost, ċum na naoṁ uile i nÍosa Críost atá i ḃFilipí, maille leis na h‐easbogaiḃ agus leis na deoċanaiḃ:


an té ’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaiḋe.


Agus abraiḋ le hArċippus, Taḃair aire do’n ṁiniostrálaċt fuairis ó’n Tiġearna, ċum go gcóiṁlíonfair í.


Is inċreidṫe an focal, má loirgeann duine cúram easbuic, go loirgeann sé obair ṁaiṫ.


Uime sin ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, ḃeiṫ pósta le mnaoi aṁáin, ḃeiṫ measarḋa, staidéarṫa, déiġḃéasaċ, fáilteaċ; ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt,


óir munab eol do ḋuine cionnas a ṫeaġlaċ féin do riaġlú, cionnas ġlacfaiḋ sé cúram eaglaise Dé air féin?


Ná déan failliġe san taḃartas atá ionnat, tugaḋ tré ṫarngaire ḋuit le leagaḋ láṁ na seanóir.


Taḃair aire ḋuit féin agus dod’ ṫeagasc; lean díoḃ; óir, g‐á ḋéanaṁ ḋuit, saorfair ṫú féin agus iad‐san éisteas leat.


Meastar gur fiú a ḋá oiread d’onóir na seanóirí riaġluiġeas go maiṫ, iad‐san go mór‐ṁór go mbíonn an tseanmóireaċt agus an teagasc mar ṡaoṫar aca.


Óir ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, mar ba ċóir do ṁaor Dé; gan ḃeiṫ ceanndána, gan ḃeiṫ feargaċ, gan ḃeiṫ tugṫa do’n ól, gan ḃeiṫ buailteaċ, ná sanntaċ i n‐airgead neaṁ‐ġlan;


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


ag féaċain ċuige ar eagla go gclisfeaḋ ar aoinneaċ fá ġrása Dé; ar eagla go ḃfásfaḋ aon ḟréaṁ seirḃe do ḃéaḋ mar aḋḃar buaiḋearṫa, agus go dtruailleoċaiḋe mórán d’á ḋeascaiḃ;


Biḋiḋ uṁal d’ḃúr dtreoruiġṫiḃ, agus taḃraiḋ ómós dóiḃ: óir bíonn siad ag faire ḃur n‐anmanna, mar ḋaoine go ḃfuil sé de ḋualgas orṫa cunntas do ṫaḃairt: ċum go ndéanfaiḋ siad go lúṫġáireaċ é, agus ní go doilġeasaċ: óir ní ḃéaḋ sin ċum ḃur leasa.


Óir do ḃí siḃ mar ċaoiriġ ag dul ar fán; aċt anois atá siḃ fillte ċum Aoḋaire agus ċum Easpuig ḃur n‐anmann.


Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:


aċt má ṡiuḃlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le ċéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Ṁac ó gaċ peacaḋ sinn.


Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ