Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 20:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Aċt ní ḟuil eagla orm roiṁ aon níḋ acu sin: agus ní mó liom mé féin ná mo ḃeaṫa, ċun go gcríoċnuiġiḋ mé mo ċúrsa, agus frioṫálaṁ an ḃriaṫair a fuair mé ó’n Tiġearna Íosa, fiaḋnaise a ṫaḃairt ar Ṡoiscéal ġrásta Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Aċ ní h-eagal liom aon níḋ ḋíoḃ san ná ní ṁeasaim gur mó is fiú mo ḃeaṫa ’ná me féin, aċ go gcoṁlíonfad mo ṫurus, agus seirḃís an ḃréiṫir, a fuaras ó’n dtiġearna Íosa, fiaḋnuise ḋéanaṁ ar ṡoisgéal ġrásta Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Aċd ní ḃfuil cás agam a néinni, agus ní ḃfuil cion agam ar manum féin, aċd go dti ḋíom mo ṫuras, agus an miniosdrálaċd fuáir mé ón Dtiġearna Iósa do ċoiṁlíonaḋ maille ré gáirdeaċus, ré fíaḋnuise ḋéunaṁ do ḋóisgéul ġrás Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 20:24
59 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

go dtiuḃraḋ sé foláireaṁ ḋóiḃ, ar eagla go dtiocfaidís san áit seo na péine.


agus do‐ḃeir siḃ‐se, leis, fiaḋnaise, óir atá siḃ im’ ḟoċair ó ṫosaċ.


Ṫugas‐sa glóir ḋuit ar talaṁ, ag críoċnú na h‐oibre ṫugais dom le déanaṁ.


Óir do h‐áirṁeaḋ é mar ḋuine againn, agus fuair sé a ċuid san tseirḃís seo.


agus nuair ṫáinig seisean, agus nuair do ċonnaic sé grása Dé, ḃí áṫas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoiḋfidís le díoġrais croiḋe do’n Tiġearna:


Agus nuair do ḃí Eoin ag cóiṁlíonaḋ a ċúrsa, aduḃairt sé, Cia ṁeasann siḃ gur mé? Ní mise é. Aċt féaċ, atá duine ag teaċt im’ ḋiaiḋ, naċ fiú mé go scaoilfinn bróga a ċos.


Aċt d’ḟanadar tamall fada annsin ag laḃairt go dána i muiniġin an Tiġearna, ṫug fiaḋnaise do ḃriaṫar a ġrása, agus míorḃailtí agus iongantais d’á ndéanaṁ d’á ḋeoin tré n‐a láṁaiḃ.


Agus tar éis diospóireaċta fada, d’éiriġ Peadar ’n‐a ṡeasaṁ, agus aduḃairt sé leo, A ḃráiṫreaċa, is eol daoiḃ go ndearna Dia toġaḋ eadraiḃ, tamall maiṫ ó ṡoin, gur as mo ḃéal‐sa do‐ċluinfeaḋ na Cineaḋaċa briaṫar an tsois céil agus go gcreidfidís.


Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.


ag brostú na nIúdaċ agus na nGréagaċ ċum aiṫriġe ċum Dé, agus ċum creidiṁ ’n‐ár dTiġearna Íosa Críost.


aċt aṁáin go ḃfuil an Spiorad g‐á ḋearḃú ḋom ins gaċ caṫair gur géiḃeann agus géirleanṁain atá fá mo ċóṁair.


Agus anois, cuirim fá ċoimirce Dé, agus fá ḃriaṫar a ġrása siḃ, go ḃfuil ar ċumas dó ḃúr dtógáil suas, agus oiḋreaċt do ṫaḃairt daoiḃ i measc na naoṁ.


Annsin d’ḟreagair Pól, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag gol agus ag briseaḋ mo ċroiḋe? óir atáim‐se ullaṁ, ní h‐é aṁáin ċum ḃeiṫ ceangailte, aċt fós ċum báis d’fulang i nIarúsalem ar son ainme an Tiġearna Íosa.


Agus aduḃairt sé liom, Imṫiġ leat: óir cuirfead amaċ ṫú as so ċum na gCineaḋaċ i gcéin.


Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


Agus má’s tré ġrása é, ní tré oibreaċaiḃ é a ṫuilleaḋ: nó ní ḃéiḋ grása ’n‐a ġrása ’n‐a ḋiaiḋ sin.


Aċt do’n té do‐ġní obair, ní mar ġrása áirṁṫear luaċ a ṡaoṫair ḋó, aċt mar ḟiaċa.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


D’á ḃriġ sin bainim aoiḃneas as na laigeaċtaiḃ, as na maslaiḃ, as na géirleanaṁaintiḃ, as na h‐anaċnaiḃ, ar son Ċríost, óir is i n‐am mo laige is mó ḃím láidir.


Ar an aḋḃar sin, ó ṫárla an ṁiniostrálaċt so ḃeiṫ againn, do réir mar fuaramar trócaire, ní ċailleann ar ár meisneaċ:


Mar sin bíonn an bás ag oibriú ionnainne, aċt atá an ḃeaṫa ag oibriú ionnaiḃ‐se.


atá meanma againn, agus is mó dob’ áil linn ḃeiṫ as baile ó’n gcolainn agus ḃeiṫ ’n‐ár gcóṁnaiḋe san Tiġearna.


Is mór an ṁuiniġin atá agam asaiḃ, is mór an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais atá agam ’n‐ḃur dtaoḃ: atáim ṫar a ḃeiṫ lán d’áṫas i lár ár n‐aṁgair.


Pól, abstal (ní ó ḋaoiniḃ, agus ní tríd an duine, aċt tré Íosa Críost, agus tré Ḋia, an tAṫair, do ṫóg ó na marḃaiḃ é),


ċum clú glóire a ġrása, do ḃronn sé go saor orainn san Té n‐a ḃfuil a ġráḋ:


D’á ḃriġ sin iarraim oraiḃ gan dul i laige mar ġeall ar mo ṗiantaiḃ ar ḃur son: is iad ḃur nglóir iad.


’Seaḋ, agus má doirtṫear mé mar ofráil diġe os cionn íoḋbairte agus seirḃíse ḃur gcreidiṁ, do‐ġním gáirdeaċas, agus do‐ġním bród i n‐éinḟeaċt liḃ‐se go léir:


toisc go ndeaċaiḋ sé i ngar do’n ḃás ar son gnó Ċríost, ag cur a anma i mbaoġal báis d’iarraiḋ a raiḃ i n‐easnaṁ ar ḃur seirḃís daṁ‐sa do ṡoláṫar.


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


aċt tar á éis dúinn fulang roiṁe sin, agus masla náireaċ d’ḟáġáil i ḃFilipí, mar tá a ḟios agaiḃ, gur éiriġeamar dána ’n‐ár nDia ċum soiscéal Dé do ṡeanmórú ḋaoiḃ i lár toirmisc ṁóir.


ċum naċ gcorróċaiḋe aon duine leis na caṫuiġṫiḃ úd: óir atá a ḟios agaiḃ gur ċuige sin do h‐órduiġeaḋ sinn.


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


Is eol duit an méid d’ḟulaingeas i nAntuaiġ, i Listra; géire na gcráḋ d’ḟulaingeas agus do ṡaor an Tiġearna asta sin uile mé.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


aċt d’ḟoillsiġ a ḃriaṫar san am oireaṁnaċ tríd an seanmóireaċt do cuireaḋ mar ċuspóir orm‐sa, do réir aiṫne Dé ár Slánuiġṫeoir;


Óir do foillsiġeaḋ grása Dé, ag slánú an uile ḋuine,


Óir ṫug siḃ truaġ do na daoiniḃ do ḃí i ngeiṁleaċaiḃ, agus do ġlac siḃ go fonnṁar le creaċaḋ ḃur maoine, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaiḃ féin, maoin ṡíorḃuan.


Tré Ṡilḃánus, ár mbráṫair dílis, do réir mo ṫuairme‐se, atáim ag scríoḃaḋ go h‐aiṫġearr ċugaiḃ, ċum meanmna do ṫaḃairt daoiḃ, agus ċum a ċur i dtuigsin daoiḃ gur ab é fíor‐ġrása Dé é seo: seasuiġiḋ go daingean ann.


Air so is eaḋ aiṫniġmíd an gráḋ, de ḃriġ go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba ċeart dúinne ár n‐anam do ṫaḃairt ar son na mbráṫar.


Agus rugadar buaiḋ air tré ḟuil an Uain, agus tré ḃriaṫar a ḃfiaḋnaise: agus níor ċuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


Agus tugaḋ róba geal do gaċ duine aca; agus aduḃraḋ leo fanaṁain go suaiṁneaċ tamall beag eile, nó go gcóiṁlíontaiḋe méid a gcóiṁ‐ṡeirḃíseaċ agus a mbráṫar do ḃí le marḃaḋ mar iad féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ