Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 20:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus nuair ṫáinig siad ċuige, aduḃairt sé leo, Atá a ḟios agaiḃ féin cionnas mar ċaiṫeas mo ṡaoġal ’n‐ḃúr measc i riṫ an ama, ó’n gcéad lá ’n‐ar ċuireas cos ar ṫalaṁ na h‐Áise,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus nuair a ṫáinic siad ċuige, agus iad cruinniġṫe i gcionn a ċéile, duḃairt sé leo: Tá a ḟios agaiḃ cad é mar ḃí mise i ḃur measc i riṫ an ama go léir, ó’n ċéad lá ina dtáinic mé ċun na h-Aisia,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Ṫánadar, agus nuair á ḃíodar ’n-a láṫair duḃairt sé leó: Is eól daoiḃse conus mar atá an aimsir go léir taḃarṫa agam i nḃúr ḃfoċair ó’n gcéad lá a ṫánag isteaċ sa n-Ásia,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus mar ṫangadar ċuige, a duḃairt sé ríu, Atá a ḟios aguiḃsi, cionnus do ḃí misi ḃur ḃfoċuir ann gaċ uile aimsir, ón ċéud la ṫáinic mé do Násia,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 20:18
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig siad go h‐Eiféis, agus d’ḟág sé annsin iad: aċt do ċuaiḋ sé féin isteaċ san tsionagóig, agus do ḃí sé ag diospóireaċt leis na h‐Iúdaċaiḃ.


Agus ṫárla, le linn Apollós ḃeiṫ i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúṫaiġ uaċtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:


Agus do lean mar sin ar feaḋ ḋá ḃliaḋan; i dtreo go gcuala siad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe san Áise briaṫar an Tiġearna, idir Iúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ.


Óir do ḃí socruiġṫe ag Pól seolaḋ ṫar Eiféis, i dtreo naċ gcuirfiḋe aon ṁoill air san Áise; óir ḃí deiṫneas air, ċum dá mb’ ḟéidir é, ḃeiṫ i nIarúsalem lá Cingcíse.


Agus do ċuaiḋ ’n‐a ċuideaċtain ċóṁ fada leis an Áise Sópater Ṗirris ó Ḃeréa; agus Aristárċus agus Secundus, Tessalónaiġ; agus Gáius ó Ḋerbé, agus Timóteus; agus Tuċicus agus Trofimus na h‐Áise.


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


Aċt do leanais‐se dem’ ṫeagasc, dem’ ḋeaġ‐iomċar, dem’ ċuspóir, dem’ ċreideaṁ, de’m ḟoiġid, dem’ ġráḋ, dem’ ṡeasṁaċt, dem’ ġéirleanaṁnaiḃ, dem’ anacraiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ