Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 2:47 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 ag molaḋ Dé, agus meas ag gaċ uile ḋuine orṫa. Agus do ċuireaḋ an Tiġearna leo gaċ lá iad‐san do ḃí d’á slánú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

47 Ag molaḋ Dé, agus cion an ṗobáil go léir orṫa. Agus ṁéaduiġ an Tiġearna i gcionn a ċéile gaċ lá an méid a ḃí le slánuġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus iad ag molaḋ Dé agus báiḋ ag na daoine go léir leó. Agus ḃí an Tiġearna, i n-aġaiḋ an lae, ag méadú na ḃuiḋne a ḃí le sáḃáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Ag molaḋ Dé, agus ag faġáil ceana ón ṗobal uile. Agus do ċuir an Tiġearna leis a neagluis gaċ láoi, an dream do sláinéoċṫáoi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 2:47
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus do ċinn orṫa cuiṁniú ar cad do‐ġéanaidís; óir do ḃí na daoine go léir ag greamú ḋó, ag éisteaċt leis.


Agus d’ḟás Íosa i n‐eagna, agus i n‐aois, agus i ngrás i ḃfiaḋnaise Dé agus daoine.


Agus do ḃí láṁ an Tiġearna leo: agus do ḃí cuid ṁór díoḃ‐san do ċreid agus d’iompuiġ ċum an Tiġearna.


óir fear maiṫ ab eaḋ é, agus do ḃí sé lán de’n Spiorad Naoṁ agus de ċreideaṁ: agus ba ṁór an méid daoine tugaḋ ċum an Tiġearna.


Agus nuair do‐ċuala na Geinte sin, ḃí an‐áṫas orṫa, agus ṫugadar glóir do ḃriaṫar Dé: agus do ċreid siad‐san do ḃí réaṁórduiġṫe ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Agus ṫárla i nIcónium go ndeaċadar araon isteaċ i sionagóig na nIúdaċ, agus gur laḃradar ar ċuma gur ċreid sluaġ mór de na h‐Iúdaċaiḃ agus de na Gréagaċaiḃ.


Agus tar a éis dóiḃ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do ṁuinntir na caṫraċ sin, agus mórán deisceabal do ḋéanaṁ, d’ḟilleadar go Listra, agus go h‐Icónium, agus go h‐Antuaiġ,


Agus mar sin do ḃí na h‐eaglaisí ag neartú san gcreideaṁ, agus ag dul i méid i n‐aġaiḋ an lae.


Do ċreid mórán díoḃ‐san, agus de na mnáiḃ uaisle Gréagaċa, agus cuid nár ḃeag de na fearaiḃ.


Óir is daoiḃ‐se agus do ḃúr slioċt do‐rinneaḋ an ġeallaṁain, agus dóiḃ‐sean go léir atá i gcéin, an oiread sin díoḃ agus ġlaoḋfas an Tiġearna, ár nDia, ċuige.


Do baisteaḋ iad‐san do ġlac le n‐a ḃriaṫar: agus do cuireaḋ leo an lá sin tuairim trí míle anam.


Agus tar a éis dóiḃ‐sean bagairt orṫa arís, do scaoileadar iad, mar ní raiḃ a ḟios aca cionnas ċuirfidís pionós orṫa, mar ġeall ar na daoiniḃ; óir ḃí na daoine go léir ag taḃairt na glóire do Ḋia ar son a dtárla.


Agus ṫug na h‐abstail a ḃfiaḋnaise ar aiséirġe an Tiġearna Íosa le neart briġe:


Aċt do ċreid a lán díoḃ‐san do ḃí ag éisteaċt leis an mbriaṫar; agus do ṁéaduiġ uiṁir na ndaoine go tuairim cúig míle.


Agus ins na laeṫiḃ sin, mar ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid, do‐rinne na h‐Iudaiġ Gréagaċa gearán i n‐aġaiḋ na nEaḃraċ, toisc go ndearnaḋ failliġe ar a mbaintreaḃaċaiḃ san ḃfrioṫáileaṁ laeṫeaṁail.


Agus do ḃí briaṫar Dé ag leaṫaḋ; agus ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid go mór i nIarúsalem; agus do ḃí a lán de na sagartaiḃ d’uṁluiġ do’n ċreideaṁ.


Agus do ḃí síoṫċáin ag an eaglais ar fud Iúdaea, agus ar fud na Galilé agus Samária, ḃí beannaċt uirṫi; agus í ag dul i méid, ag gluaiseaċt i n‐eagla an Tiġearna, agus an Spiorad Naoṁ ag neartú léi.


Agus do ċonnaic siad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe i Lidda agus i Sáróna é, agus d’iompuiġeadar ċum an Tiġearna.


Óir an té do‐ġní seirḃís do Ċríost ar an gcuma sin, do‐ḃeir Dia taiṫneaṁ ḋó, águs bíonn urraim ag daoiniḃ ḋó.


Agus an méid díoḃ do réaṁ‐oirdniġ sé, do ġlaoḋ sé iad mar an gcéadna: agus an méid do ġlaoḋ sé, d’ḟíréanuiġ sé iad: agus an méid d’ḟíréanuiġ sé, do ġlóiriġ sé iad mar an gcéadna.


Agus glaoḋann Ésáias i dtaoḃ Israel, Má ḃíonn clann Israel ċóṁ líonṁar le gaineaṁ na fairrge, ní slánóċar aċt a ḃfuiġeall:


Óir do’n dream atá ag dul amuġa is ionann briaṫar na croise agus díṫ‐céille; aċt dúinne atá d’ár slánú is í cuṁaċt Dé í.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ