Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 2:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 agus do ḋíolaidís a sealḃaċas agus a maoin, agus do roinnidís ar ċáċ iad, de réir a riaċtanais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

45 Ḋíolaḋ siad a maoin agus a gcuid de’n tsaoġal, agus rannaḋ siad ar gaċ aoinneaċ iad, do réir mar ḃíoḋ sé i riaċtanas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Do ḋíolaidís amaċ a sealḃas agus a maoin agus do rainnidís é ar an mbuiḋin go léir fé mar a ḃíoḋ gáḋ ag aoinne leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

45 Agus do reacadar a ḃfineaċas agus a máoin, agus do roinneadar íad ar gaċ áon, fá leiṫ do réir a ríaċdanuis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 2:45
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aduḃairt Íosa leis, Má’s maiṫ leat ḃeiṫ gan loċt, imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus béiḋ maoin ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


Agus adeirim liḃ, Déanaiḋ cáirde ḋaoiḃ féin le saiḋḃreas na mí‐ċneastaċta; i dtreo, nuair ḃéas easbaiḋ oraiḃ, go nglacfaidís isteaċ ins na puibliḃ síorraiḋe siḃ.


Agus nuair do‐ċuala Íosa é sin, aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort fós: díol a ḃfuil agat, agus taḃair do na boċtaiḃ é, agus béiḋ ionnṁas ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


Agus d’éiriġ Sacċéus ’n‐a ṡeasaṁ, agus aduḃairt sé leis an Tiġearna, Féaċ, A Ṫiġearna, do‐ḃeirim a leaṫ dem’ ṁaoin do na boċtaiḃ; agus má ḃaineas éinniḋ san éagcóir d’aon duine, do‐ḃeirim a ċeiṫre oiread ar ais dó.


Agus do ṡocruiġ na deisceabail caḃair, de réir gustail gaċ duine, do ċur ċum na mbráiṫreaċ do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe i nIúdaea:


agus do ḃí grása mór orṫa go léir. Agus ní raiḃ duine aca do ḃí i ngáḃatar: óir na daoine go raiḃ taltaí nó tiġṫe aca, do ḋíolaidís iad, agus do‐ḃeiridís luaċ na neiṫe do díoltaiḋe, agus do ċuiridís ag cosaiḃ na n‐abstal é:


agus do roinntiḋe é de réir mar ḃíoḋ gáḃaḋ ag aon duine leis.


I dtaoḃ frioṫálṁa na naoṁ, ní gáḃaḋ ḋom scríoḃaḋ ċugaiḃ:


mar tá scríoḃṫa, Do scaip sé go fial, do ḃronn sé ar ḃoċtaiḃ; Maireann a ḟíréantaċt de ṡíor.


Aċt cibé duine go ḃfuil maoin an tsaoġail seo aige, agus go ḃfeiceann sé á ḃráṫair i riaċtanas, agus go gcruaḋann sé a ċroiḋe ’n‐a aġaiḋ, cionnas ċóṁnuiġeann gráḋ Dé ann?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ