Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 2:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus do leanadar go seasaṁaċ de ṫeagasc na n‐abstal, agus de’n ċaradas bráṫarḋa, de ḃriseaḋ an aráin, agus de na h‐urnaiġṫiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

42 Agus ṁair siad seasṁaċ i dteagasc na n-Abstal, agus i gcumann an ḃriseaḋ aráin, agus i n-urnaiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus ḃíodar seasaṁaċ do ṫeagasg na n-Aspol, agus i gcumann an aráin do ḃrise, agus ins na h-úrnuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

42 Agus do ċoṁnuiḋeadar go daingion a dteagasg na neasbal agus ann a ccumann a mbriseaḋ aráin, agus a nurnuiġiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 2:42
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuaiḋ sé isteaċ ag fanaṁain aca. Agus ṫarla, nuair do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe ċum biḋ ’n‐a ḃfoċair, gur ṫóg sé an t‐arán, agus gur ḃeannuiġ sé é, agus gur ḃris agus go dtug sé ḋóiḃ é.


Agus d’inniseadar féin gaċ ar ṫuit amaċ ar an sliġe, agus cionnas d’aiṫniġeadar é ar ḃriseaḋ an aráin.


Do ḃíodar uile ag leanaṁain de ṫoil a ċéile i n‐urnaiġe, mar aon leis na mnáiḃ, agus le Muire máṫair Íosa, agus le n‐a ḃráiṫreaċaiḃ.


agus nuair ṫáinig seisean, agus nuair do ċonnaic sé grása Dé, ḃí áṫas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoiḋfidís le díoġrais croiḋe do’n Tiġearna:


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.


Agus d’ḟanaidís gaċ lá d’aon toil san teampall, agus do ḃrisidís arán ó ṫiġ go ṫiġ, ag caiṫeaṁ a mbiḋ le h‐áṫas agus le simpliḋeaċt croiḋe,


Agus do ċuaiḋ sé suas, agus do ḃris sé arán, agus d’iṫ sé biaḋ; annsin do laḃair sé leo ar feaḋ i ḃfad, agus d’imṫiġ sé.


Agus an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus sinn cruinniġṫe le ċéile ċum arán do ḃriseaḋ, do ḃí Pól ag taḃairt seanmóire ḋóiḃ, mar ḃí sé de rún aige imṫeaċt lá ar n‐a ḃáraċ; agus do lean sé ag cainnt leo go h‐uair an ṁeaḋon‐oiḋċe.


Agus ar n‐a ḃeiṫ scaoilte ḋóiḃ, ṫángadar ċum a muinntire féin, agus d’inniseadar dóiḃ gaċ a nduḃairt na h‐árd‐ṡagairt agus na seanóirí leo.


Agus nuair do ġuiḋeadar, do ċrioṫ an áit ’n‐a raḃadar cruinniġṫe le ċéile; agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do laḃradar briaṫar Dé le dánaċt.


Aċt leanfaimíd‐ne de’n urnaiġe i gcóṁnaiḋe, agus de ċraoḃscaoileaḋ an ḃriaṫair.


ag déanaṁ gáirdeaċais i ndóċas; go foiġdeaċ fá ġéirleanṁain;


Ní féidir liḃ cupán an Tiġearna agus cupán na ndeaṁan d’ól: ní féidir liḃ cóṁroinn búird an Tiġearna agus cóṁroinn búird na ndeaṁan do ḋéanaṁ.


Anois molaim siḃ de ḃriġ go mbíonn siḃ ag cuiṁneaṁ orm san uile niḋ, agus de ḃriġ go ḃfuil siḃ ag coiṁeád na ngnás fá mar ṫugas daoiḃ iad.


Anois, a ḃráiṫre, má ṫagaim ċugaiḃ ag laḃairt i dteangṫaċaiḃ, cia an maiṫeas ḋéanfad daoiḃ, muna mbéiḋ foillsiú, nó eolas, nó fáiḋeadóireaċt, nó teagasc éigin agam d’á ṫaḃairt?


Is mór is iongnaḋ liom siḃ ḃeiṫ ċóṁ luaṫ sin ag iompoḋ ó’n té do ġlaoḋ i ngrása Ċríost siḃ, ċum soiscéil eile;


atá siḃ tógṫa ar ḃun na n‐abstal agus na ḃfáiḋ gur ab é Críost féin an ṗríoṁ‐ċloċ ċúinne ḋe;


ag síor‐ġuiḋe le gaċ saġas urnaiġṫe agus aṫċuinġe san Spiorad, ag faire ċuige sin le gaċ dúṫraċt agus eadarġuiḋe ar son na naoṁ uile,


as uċt ḃur gcóṁċáirdeasa i ngnó an tsoiscéil ó’n gcéad lá go dtí anois;


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


Leanaiḋ go buan de’n urnaiġe, agus biḋiḋ go h‐aireaċ innti,


Aċt lean‐sa de na neiṫiḃ atá foġlamṫa agat agus go ḃfuil tú dearḃṫa ḋíoḃ, agus a ḟios agat ciarḃ iad ó n‐ár ḟoġlaimis iad;


gan cóṁċruinniú: gceann a ċéile do ṫréigean, ar nós daoine áiriṫe, aċt ḃeiṫ ag gríosaḋ a ċéile; go mórṁór de ḃriġ go ḃfeiceann siḃ an lá ag druidim linn.


Aċt ní daoine de’n dream ċasas siar agus cailltear sinne, aċt daoine de’n dream ċreideas ċum a n‐anam do ṡlánú.


an méid do ċonnacamar agus do ċualamar, is é atá againn d’á ḟógairt daoiḃ‐se, leis, ċum go mbéiḋ cumann agaiḃ‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Aṫair atá ár gcumann, agus le n‐a Ṁac Íosa Críost:


aċt má ṡiuḃlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le ċéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Ṁac ó gaċ peacaḋ sinn.


Do ċuadar amaċ as ár measc, aċt níor ḋaoine ḋínne iad; óir dá mba daoine ḋínn iad d’ḟanfaidís i n‐éinḟeaċt linn; aċt d’imṫiġeadar ċum go mba léir naċ daoine ḋínne iad uile.


Aċt, a ċáirde, tógaiḋ siḃ féin ar ḃun ḃur gcreidiṁ ṡár‐naoṁṫa, ag urnaiġe san Spiorad Naoṁ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ