Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 2:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus aduḃairt Peadar leo, Déanaiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ duine agaiḃ i n‐ainm Íosa Críost ċum maiṫeaṁnais ḃúr bpeacaḋ; agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ an Spiorad Naoṁ mar ḃronntanas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Agus deir Peadar leo: Déanaigiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ aoinneaċ agaiḃ i n-ainm Íosa Críost ċun maiṫeaṁnas ḃur bpeacaiḋe: agus ġeoḃaiḋ siḃ tioḋlacaḋ an Spioraid Naoiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus duḃairt Peadar leó: Déiniḋ, ar seisean, aiṫríġe, agus glacaḋ gaċ duine agaiḃ baiste i n-ainim Íosa Críost, ionus go maiṫfí ḃúr bpeacaí ḋaoiḃ, agus ansan glacfaiḋ siḃ taḃarṫas an Spioraid Naoiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Agus do ḟreagair Peadar iád, Déanuiḋ aiṫriġe, agus baisdear gaċ áonduine agaiḃ a nainm Iósa Críosd ċum maiṫeaṁnuis na bpeacaḋ, agus géuḃṫáoi ċugaiḃ tioḋlacaḋ a Spioruid Naoiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 2:38
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe, óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.


agus do ḃaist sé i nIórnán iad, agus iad ag adṁáil a bpeacaḋ.


As sin amaċ do ṫosnuiġ Íosa ar ṡeanmóir, g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe: óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.


agus é ’g‐a ráḋ, Atá an t‐am cóiṁlíonta, agus atá ríoġaċt Dé druidṫe linn: déanaiḋ aiṫriġe, agus creidiḋ do’n tsoiscéal.


An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é.


agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Agus d’ḟiafruiġ an sluaġ uile ḋe, g‐á ráḋ, Má’s eaḋ, créad atá le déanaṁ againn?


Is dó‐san do‐ḃeir na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gaċ éinneaċ ċreideas ann do‐ġeoḃaiḋ sé maiṫeaṁnas na bpeacaḋ.


Agus d’órduiġ sé iad do ḃaisteaḋ i n‐ainm Íosa Críost. Annsin d’impiḋeadar air fanaṁain aca roinnt laeṫe.


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫreaċa, tuigiḋ gur tríd an ḃfear so fógarṫar daoiḃ‐se maiṫeaṁnas na bpeacaḋ:


Agus nuair do ḃí sí féin agus muinntear a tiġe baistṫe, do ċuir sí impiḋe orainn, g‐á ráḋ, Má’s é ḃúr meas go ḃfuilim dílis do’n Tiġearna, tagaiḋ isteaċ agus fanaiḋ im’ ṫiġ. Agus do ċuir sí d’ḟiacaiḃ orainn dul.


Do leig Dia aimsear an ainḃfiosa ṫairis, aċt anois atá sé g‐á ḟógairt do na daoiniḃ ins gaċ aon áit aiṫriġe do ḋéanaṁ:


ag brostú na nIúdaċ agus na nGréagaċ ċum aiṫriġe ċum Dé, agus ċum creidiṁ ’n‐ár dTiġearna Íosa Críost.


Agus cad ċuige an ṁoill sin ort anois? éiriġ, baistṫear ṫú, agus niġ ḋíot do ṗeacaiḋe, ag glaoḋaċ ar a ainm.


le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se.


aċt do ċraoḃscaoileas do ṁuinntir Ḋamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúiṫċe Iúdaea, agus do na Cineaḋaċaiḃ, go ndéanfaidís aiṫriġe agus go n‐iompóċaidís ċum Dé, ag déanaṁ gníoṁarṫa de réir na h‐aiṫriġe.


Déanaiḋ aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, agus iompuiġiḋ, ċum go nglanfar ḃúr bpeacaiḋe, agus ċum go dtiocfaiḋ tráṫa fionnḟuaire ó ḟiaḋnaise an Tiġearna;


D’árduiġ Dia le n‐a láiṁ ḋeis é ċum ḃeiṫ ’n‐a Ṗrionnsa agus ’n‐a Ṡlánuiġṫeoir, ċum aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋdo ṫaḃairt d’Israel.


Aċt nuair do ċreideadar Pilib agus é ag craoḃscaoileaḋ i dtaoḃ ríoġaċta Dé agus ainme Íosa Críost, do baisteaḋ iad, idir ḟearaiḃ agus ṁnáiḃ.


Aċt aduḃairt Peadar leis, Scrios ar do ċuid airgid agus ort féin, toisc gur ċeapais go ḃféadfá saor‐ṫaḃartas Dé d’ḟáġáil ar airgead.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, an méid dínn do baisteaḋ ċum Íosa Críost, gur ċum a ḃáis do baisteaḋ sinn?


’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaḋ,


ní h‐é do réir gníoṁarṫa fíréanta do ḃí déanta againn, aċt do réir a ṫrócaire féin, do ṡlánuiġ sé sinn, tré ḃaisteaḋ na h‐aiṫ‐ġeineaṁna agus tré aṫnuaḋaḋ an Spioraid Naoiṁ;


Is é a ṡaṁail sin an baiste ṡlánuiġeas sinne anois, ní h‐é glanaḋ salaċair an ċuirp, aċt freagairt deaġ‐ċoinsiais do Ḋia, tré aiséirġe Íosa Críost;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ