Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 2:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 aċt d’aiṫḃeoḋuiġ Dia é, tar a éis dó pianta an ḃáis do scaoileaḋ: óir níorḃ ḟéidir go gcongḃóċaḋ an bás é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus ṫóg Dia suas é, ar scaoileaḋ dóláis ifrinn dó, ar an aḋḃar nárḃ ḟéidir dó sin é a ċongḃáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Aċ do ṫóg Dia é tar éis dubrón ifrinn do ċur ar neaṁníḋ, de ḃríġ nár ḃ’féidir go gcimeádfí eisean fé n-a ċumas

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Noċ do ṫóg Día súas, íar sgáoileaḋ ḋoilġis an ḃáis: ar a naḋḃar nar ḃéidir don ḃás a ċungḃáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 2:24
45 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A ṫiġearna, is cuiṁin linn go nduḃairt an fealltóir úd, agus é beo, I gceann trí lá éireoċad arís.


Ní ḟuil aon duine g‐á ṫógáil uaim, aċt is uaim féin atáim g‐á ṫaḃairt uaim. Atá ar ċumas dom a ṫaḃairt uaim, agus atá ar ċumas dom a ġlacaḋ ċugam arís. Mar sin do ċuir m’Aṫair de ḋualgas orm.


Má duḃairt sé gur déiṫe iad‐san, go dtáinig briaṫar Dé ċuca (agus ní féidir an scrioptúir do ċur ar neaṁ‐niḋ),


Ba é fáṫ nár ḟéadadar creideaṁain, go nduḃairt Ésáias i n‐áit eile.


Óir níor ṫuigeadar fós an scrioptúir, go raiḃ i ndán dó aiséirġe ó na marḃaiḃ.


agus aduḃairt, A ḃráiṫreaċa, ní foláir go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, do ṫairngir an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Dáiḃi i dtaoḃ Iúdáis, an té do ṫreoruiġ iad‐san go ġaḃ Íosa.


aċt an té do ṫóg Dia suas, ní ḟaca seisean truailleaḋ.


de ḃriġ go ḃfuil lá ceapṫa aige ’n‐a dtiuḃraiḋ sé breiṫeaṁnas de réir cirt ar an saoġal tríd an ḃfear atá réaṁ‐órduiġṫe aige; agus do ḋearḃuiġ sé é do gaċ uile ḋuine, g‐á ṫógáil ó na marḃaiḃ.


Ba é an t‐Íosa so do ṫóg Dia suas, agus is fiaḋnaiḋṫe sinne uile air.


agus do ṁarḃaḃar Uġdar na beaṫaḋ; do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ; go ḃfuilmíd ’n‐ár ḃfiaḋnaiṫiḃ air.


Ċugaiḃ‐se ar dtús do ċuir Dia a Ṡeirḃíseaċ, nuair ṫóg sé suas é, ċum siḃ do ḃeannú, ag iompoḋ gaċ duine agaiḃ ó n‐ḃúr gcuirpṫeaċt.


bíoḋ a ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, an té do ċroċaḃair‐se, an té do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a ṡeasaṁ slán os ḃúr gcóṁair.


Do ṫóg Dia ár sinnsear Íosa suas; an té do marḃaḃair‐se g‐á ċroċaḋ ar ċrann.


is é sin briaṫar an ċreidiṁ ḟógraimíd‐ne: má adṁuiġeann tú led’ ḃéal gur Tiġearna Íosa, agus má ċreideann tú id’ ċroiḋe gur ṫóg Dia ó na marḃaiḃ é, go slánóċar ṫú:


Ċuige sin is eaḋ fuair Críost bás, agus d’aiséiriġ, ċum go mbéaḋ sé ’n‐a Ṫiġearna ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ.


aċt ar ár son‐na, leis, d’á n‐áirṁfear é, má ċreidimíd san té do ṫóg Íosa ár dTiġearna ó na marḃaiḃ, eisean a tugaḋ suas i n‐éiric ár gcionnta,


D’á ḃriġ sin do h‐aḋlacaḋ sinn mar aon leis ṫríd an mbaisteaḋ ċum báis: ar ṁoḋ, fá mar tógaḋ Críost ó na marḃaiḃ tré ġlóir an Aṫar, gur mar sin ṡiuḃalfaimíd i saoġal úr‐nua.


Agus má ċóṁnuiġeann Spiorad an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ ionnaiḃ, an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ beoḋóċaiḋ sé ḃur gcuirp ṡo‐ṁarḃṫa mar an gcéadna tré n‐a Spiorad ċóṁnuiġeas ionnaiḃ.


Fuair Críost bás, nó, dob ḟearr a ráḋ, d’aiséiriġ sé, agus atá sé ar ḋeasláiṁ Dé, agus do‐ġní sé eadarġuiḋe ar ár son.


Anois, má fógarṫar Críost gur éiriġ sé ó na marḃaiḃ, cionnas adeir cuid agaiḃ naċ ḃfuil aiséirġe na marḃ ann?


Agus do‐ġeiḃtear sinne ḃeiṫ ’n‐ár ḃfianaiḋṫiḃ bréige ar son Dé; de ċionn go dtugamar fiaḋnaise i dtaoḃ Dé gur ṫóg sé Críost: an té nár ṫóg sé; má’s fíor naċ dtógtar na mairḃ.


Aċt anois atá Críost éiriġṫe ó na marḃaiḃ, is é céad‐toraḋ na ndaoine atá fá ṡuan é.


agus gur h‐aḋlacaḋ é: agus gur aiséiriġ sé an treas lá do réir na scrioptúir;


Agus do ṫóg Dia an Tiġearna, agus tógfaiḋ sé suas sinne, leis, tré n‐a ċuṁaċt.


mar tá a ḟios againn, an té do ṫóg suas an Tiġearna Íosa, go dtógfaiḋ sé suas sinne i n‐éinḟeaċt le h‐Íosa, leis, agus go gcuirfiḋ sé ’n‐a láṫair sinne i n‐éinḟeaċt liḃ‐se.


Pól, abstal (ní ó ḋaoiniḃ, agus ní tríd an duine, aċt tré Íosa Críost, agus tré Ḋia, an tAṫair, do ṫóg ó na marḃaiḃ é),


nuair do ṫóg sé ó na marḃaiḃ é, agus do ċuir sé ’n‐a ṡuiḋe é ar a láiṁ ḋeis féin ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa,


atá siḃ aiṫḃeoḋuiġṫe mar aon leis tré ċreideaṁ i gcuṁaċt Dé do ṫóg ó na marḃaiḃ é.


agus ċum ḃeiṫ ag feiṫeaṁ le teaċt a Ṁic ó neaṁ, an té do ṫóg sé ó na marḃaiḃ, Íosa ḟuasclas ó’n díḃeirg atá le teaċt sinn.


Anois, Dia na síoṫċána ṫug aoḋaire mór na gcaoraċ ar ais ó na marḃaiḃ tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorraiḋe,


D’á ḃriġ sin, ó tá an ċlann rannṗáirteaċ i ḃfeoil agus i ḃfuil, do ġlac sé féin, leis, páirt ionnta; ċum go mbrisfeaḋ sé, de ḃárr an ḃáis, ċuṁaċt an té go raiḃ cuṁaċt an ḃáis aige, is é sin an diaḃal;


ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia.


is mise an tosaċ agus an deireaḋ, agus an Té biṫ‐ḃeo; agus do ḃíos marḃ, agus féaċ, atáim beo go saoġal na saoġal, agus atá eoċraċa báis agus ifrinn agam.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ