Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 2:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 A ḟeara Israéil, éistigiḋ leis na briaṫra seo: Íosa as Nasair, fear a fuair dearḃaḋ ó Ḋia eadraiḃ, leis na cuṁaċtaí, na h-iongantaisí, agus na míorḃailte a rinne Dia tríḋ i ḃur measc, mar is eol díḃ féin fosta:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 A ḟeara Israéil, éistiḋ leis na ḃréiṫriḃ seo. Íosa Nasareit, duine a ṡoillsiġ Dia i nḃúr measg-sa leis na cóṁaċtaiḃ, agus leis na h-iongnaíḃ agus leis na soluídíḃ a ḋein Dia tríd i nḃúr lár, mar is eól daoiḃ féin,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Eísdiġ na bríaṫrasa, a ċlann Israél; Iósa Nasarrḋá, duine dearḃṫa ó Ḋía eadruiḃsi maille lé cúṁaċduiḃ agus lé miórḃailiḃ agus le coṁarṫaiḋiḃ; noċ do rinne Día ṫrídsean eadruiḃse, mar is aiṫne ḋiḃ féin:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 2:22
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt má’s le Spiorad Dé ċaiṫim‐se na deaṁain amaċ, is léir go ḃfuil ríoġaċt Dé tagṫa ċugaiḃ.


agus do ċóṁnuiġ sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe na briaṫra aduḃairt na fáiḋe: goirfear Nasarḋa ḋe.


Agus nuair do ċonnaic na sluaiġte sin, ṫáinig eagla orṫa, agus ṫugadar glóir do Ḋia, ṫug a leiṫéid sin de ċuṁaċt do ḋaoiniḃ.


Aċt má’s le cuṁaċt Dé ċuirim‐se na deaṁain amaċ, annsin atá ríoġaċt Dé tagṫa ċugaiḃ.


Agus d’inniseadar dó gurḃ é Íosa Nasarḋa do ḃí ag gaḃáil ṫairis.


Agus d’ḟreagair duine aca, darḃ ainm Cléopas, agus aduḃairt sé leis, An tusa an ċéad duine aṁáin ċóṁnuiġeas i nIarúsalem naċ eol dó na neiṫe do ṫuit amaċ ins na laeṫiḃ seo?


Fuair Pilib Natanaél, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríoḃ Maois sa reaċt, agus na fáiḋe, Íosa Nasarḋa, mac Ṡeosaiṁ.


Muna ndéanaim oibreaċa m’Aṫar, ná creidiḋ mé.


Annsin do ċruinniġ uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ cóṁairle, agus aduḃradar, Créad atá le déanaṁ againn? Óir atá an fear so ag déanaṁ a lán míorḃal.


Uime sin, an sluaġ daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair nuair do ġlaoḋ sé Lasarus as an tuama, agus do ṫóg sé ó na marḃaiḃ é, ṫugadar fiaḋnaise uaṫa.


Muna mbéaḋ go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreaċa naċ ndearna aoinneaċ eile, do ḃéidís gan ṗeacaḋ: aċt anois do ċonnacadar mise agus m’Aṫair, agus ṫugadar fuaṫ ḋúinn.


Agus do scríoḃ Píoláid tiodal, agus do ċuir sé ar an gcrois é. Agus is é do ḃí scríoḃṫa, ÍOSA NASARḊA, RÍ NA N‐IÚDAĊ.


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


Agus aduḃairt Íosa leis, Muna ḃfeiciḋ siḃ cóṁarṫaí agus iongantais, ní ċreidfiḋ siḃ.


Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé.


Agus nuair do ċonnaic na daoine an ṁíorḃail do‐rinne sé, aduḃradar, Go fírinneaċ is é seo an fáiḋ atá le teaċt ar an saoġál.


Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.


Aċt do ḃí a lán de’n tsluaġ do ċreid ann; agus aduḃradar, Nuair ṫiocfas an Críost, an ndéanfaiḋ sé níos mó míorḃailtí ’ná do‐rinne an duine seo?


Muna mbéaḋ gur ó Ḋia an fear so, ní ḟéadfaḋ sé niḋ ar biṫ do ḋéanaṁ.


Agus d’éiriġ Pól ’n‐a ṡeasaṁ, agus ag bagairt ciúnais le n‐a láiṁ dó, aduḃairt sé, A ṗobail Israel, agus siḃ‐se ar a ḃfuil eagla Dé, éistiḋ.


Agus nuair ṫángadar, agus do ċruinniġeadar an eaglais i gceann a ċéile, d’inniseadar gaċ a ndearna Dia tríoṫa, agus cionnas mar d’ḟoscail sé doras creidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ.


Agus taisbeánfad iongantaisí san spéir ṫuas, Agus míorḃailtí ar an talaṁ ṫíos; Fuil, agus teine, agus gal deataiġ:


Agus ṫáinig eagla ar gaċ duine: agus ba iomḋa iongantas agus míorḃail do‐rinneaḋ tríd na h‐abstalaiḃ.


agus do ġlaoḋadar, A ċlanna Israel, caḃair: Seo é an duine atá ag múineaḋ na ndaoine go léir ins gaċ áit i gcoinniḃ an ṗobail, agus i gcoinniḃ an reaċta, agus i gcoinniḃ na h‐áite seo: agus ṫairis sin, ṫug sé Gréagaiġ isteaċ san teampall, agus atá an áit naoṁṫa truailliġṫe aige.


Agus d’ḟreagras‐sa, Cia ṫusa, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé liom, Is mise Íosa Nasarḋa atá agat d’á ġéirleanaṁain.


Is aṁlaiḋ fuaramar an fear so ’n‐a uġdar tubaiste agus ’n‐a aḋḃar ceannairce i measc na nIúdaċ ar fud an doṁain, agus é ’n‐a ċeann ar aicme na Nasarḋaċ:


Óir atá eolas ag an riġ, go ḃfuilim ag cainnt go dána leis, ar na neiṫiḃ seo; óir ní ṁeasaim go ḃfuil éinniḋ díoḃ so fá ċeilt air, óir ní i gcúinne do‐rinneaḋ é.


Do ċeapas féin go raiḃ sé de ḋualgas orm mórán neiṫe do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ ainme Íosa Nasarḋa.


Agus nuair do ċonnaic Peadar é, aduḃairt sé leis an bpobal, A ḟeara Israel, cad ċuige a ḃfuil iongnaḋ oraiḃ i dtaoḃ an duine seo? cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag aṁarc orainne, aṁail is gur le n‐ár gcuṁaċt nó le n‐ár ndiaḋaċt féin do ċuireamar ar ċumas do’n duine seo siuḃal?


Aċt aduḃairt Peadar, Ní ḟuil airgead agam ná ór; aċt an niḋ atá agam do‐ḃeirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, éiriġ agus siuḃail.


bíoḋ a ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, an té do ċroċaḃair‐se, an té do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a ṡeasaṁ slán os ḃúr gcóṁair.


Agus aduḃairt sé leo, A ḟeara Israel, taḃraiḋ do ḃúr n‐aire créad do‐ġéanaiḃ siḃ i dtaoḃ na ḃfear úd.


Oir do‐ċualamar é g‐á ráḋ, go scriosfaiḋ an t‐Íosa Nasarḋa so an áit seo, agus go n‐aṫróċaiḋ sé na cleaċta ṫug Maois dúinn.


Do rinneaḋ cóṁarṫaí abstail ’n‐ḃur measc le mór‐ḟoiġid, le míorḃailtiḃ, le h‐iongantaisiḃ agus le mór‐ċuṁaċtaiḃ.


Dia ag deiṁniú a ḃfiaḋnaise le cóṁarṫaiḃ, agus le h‐iongantaisiḃ, agus le míorḃailtiḃ éagsaṁla, agus le tíoḋlaicṫiḃ an Spioraid Naoiṁ, do réir a ṫola féin?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ