Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 2:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus ins na Laeṫiḃ deireannaċa, adeir Dia, Doirtfead mo Spiorad ar gaċ feoil: Do‐ġéanaiḋ ḃúr gclann‐ṁac agus ḃúr gclanninġean tarngaireaċt, Agus ċífiḋ ḃúr n‐ógánaiġ aislingí, Agus béiḋ taiḋḃriḋṫe ag ḃúr seanóiriḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus tiocfaiḋ sé ċun críċe ins na laeṫe deireannaċa (deir an Tiġearna), doirtfiḋ mé de mo Spiorad ar an uile ḟeoil: agus ḋéanfaiḋ ḃur mic agus ḃur n-inġeanaċa fáiḋeadóireaċt, agus tċífiḋ ḃur n-óigḟir aislingṫe, agus ḋéanfaiḋ ḃur seandaoine brionglóidí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 “Agus tiocfaiḋ ins na laeṫiḃ déanaċa, adeir an Tiġearna, doirtfead as mo Spioraid ar gaċ feóil, agus déanfaid ḃúr gclann ṁac agus ḃúr gclann inġean targaireaċt, agus ċíḋfid ḃúr ḃfir óga aislingí, agus déanfar taiḃriṫe d’ḃúr seanóiríḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus tíocfuiġ ċum críċe ann sna laéṫiḃ déiġeanaċa (a deir Día,) dóirtfiḋ mé dom Spiorad féin air gaċ uile ḟeóil: agus do ḋéunuid ḃur mic agus ḃur ninġeana fáiḋeadóireaċd, agus do ċífid ḃur nógánaiġ taisbéunta, agus ḃur seandáoine aislingṫe:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 2:17
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do‐ċífiḋ an uile ḟeoil slánú Dé.


fá mar ṫugais dó cuṁaċt ar gaċ a ḃfuil beo, ionnas, gaċ a dtugais dó, go dtiuḃraḋ sé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ.


Aċt is i dtaoḃ an Spioraid do ḃí le glacaḋ aca‐san do ċreidfeaḋ ann, aduḃairt sé an méid sin: óir do ḃí an Spiorad gan bronnaḋ fós; de ḃriġ go raiḃ Íosa gan glóiriú fós.


Agus luċt an timċeall‐ġearrṫa do ċreid, an méid díoḃ ṫáinig i n‐éinḟeaċt le Peadar, do ḃí iongnaḋ mór orṫa de ḃriġ gur doirteaḋ tíoḋlacaḋ an Spioraid Naoṁ ar an Cineaḋaċaiḃ féin.


Agus ins na laeṫiḃ sin ṫáinig fáiḋe ó Iarúsalem go h‐Antuaiġ.


Agus d’éiriġ duine aca darḃ ainm Agabus, agus ṫug sé le tuigsin dóiḃ tríd an Spiorad go raiḃ gorta ṁór le teaċt ar an saoġal uile, rud ṫáinig ċum críċe i n‐aimsir Ċlaudiuis.


aċt is é seo an rud aduḃairt an fáiḋ Ióel;


Agus ar mo ḃuaċailliḃ agus ar mo ċailíniḃ, ins na laeṫiḃ sin Doirtfead dem’ Spiorad; agus do‐ġéanaiḋ siad tarngaireaċt.


Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ.


Is aṁlaiḋ do ḃí ceaṫrar inġean ag an ḃfear sin, maiġdeana do ḋéanaḋ fáiḋeadóireaċt.


agus ní náiriġeann an dóċas, de ḃriġ go ḃfuil gráḋ Dé doirtiġṫe ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ tríd an Spiorad Naoṁ tugaḋ ḋúinn.


do ḋuine eile buaiḋ na míorḃal, do ḋuine eile fáiḋeadóireaċt, do ḋuine eile buaiḋ na spiorad do ḃreaṫnú; do ḋuine eile teangṫaċa éagsaṁla; do ḋuine eile buaiḋ na dteangṫaċ do ṁíniú;


Agus do ċeap Dia daoine san eaglais, abstail ar dtús, san dara h‐áit fáiḋí, san treas áit luċt teagaisc, luċt déanta míorḃal annsin, buaiḋ an leiġis ’n‐a ḋiaiḋ sin, buaiḋ na caḃraċ, buaiḋ an riarṫa, buaiḋ na dteangṫaċ.


aċt do laḃair sé linne ins na laeṫaiḃ deireannaċa so tré n‐a Ṁac, do ċinn sé mar oiḋre ar a ḃfuil ann, tré n‐ar ċruṫuiġ sé an doṁan, leis.


Atá ḃur gcuid óir agus airgid meirgeaċ, agus béiḋ a meirg mar ḟiaḋnaise ’n‐ḃur n‐aġaiḋ, agus cnaoiḋfiḋ sí ḃur ḃfeoil mar ḋéanfaḋ teine. Atá ḃur n‐ionṁas curṫa i dtaisce agaiḃ ins na laeṫiḃ deireannaċa so.


agus a ḟios agaiḃ ar dtús go dtiocfaiḋ luċt magaiḋ le sgige ins na laeṫiḃ deireannaċa, ag leanaṁain d’á n‐ainṁiantaiḃ féin,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ