Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 19:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Aċt do ḃí cuid aca d’éiriġ dúr agus easuṁal, ag laḃairt go h‐olc i dtaoḃ na Sliġe os cóṁair an tsluaiġ, agus d’imṫiġ sé uaṫa, agus do ḋealuiġ sé na deisceabail uaṫa, ag argóint go laeṫeaṁail i scoil Ṫurannuis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Aċt de ḃríġ go raiḃ cuid acu ġá gcruaḋaḋ féin, agus naċ gcreidfeaḋ siad, aċt iad ag tromaiḋeaċt ar ṡliġe an Tiġearna ós cóṁair an tsluaiġ, d’ḟág sé iad, agus ar ṫaḃairt na ndeisciobal i leaṫ taoiḃ dó, ḃíoḋ sé ag díospóireaċt gaċ lá i scoil ḋuine áiriṫe, darḃ ainm Tiorán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Aċ ḃí daoine dúra ann ná creidfeaḋ, aċ ḃíoḋ ag tarcuisniú sliġe an Tiġearna os cóṁair na ndaoine. D’imṫiġ sé uaṫa agus do ḋeiġil sé na deisgiobuil uaṫa, agus ḃíod sé ag argóint gaċ lá i sgoil fir dár ḃ’ainim Turannos.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Aċd an tráṫ do ċrúaiḋeadar dream aca, agus naċ ccreidfidis, aċd go laḃraidís go holc ar a tsliġe sin a ḃfíaḋnuisi an ṗobúil, do imṫiġ Pól úaṫa, agus do ḋealuiġ sé na deisciobail, agus do ḃíoḋ sé ag diosbóireaċd gaċ éunlá a sgoil ḋuine áiriġe dár ḃainm Tiránnus.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 19:9
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Leigiḋ ḋóiḃ siúd: treoraiḋṫe dalla is eaḋ iad. Agus má ṫreoruiġeann dall dall eile, tuitfid araon sa díg.


Bíonn droċ‐ṡlioċt aḋaltrannaċ ar lorg cóṁarṫa, aċt ní tiuḃarfar cóṁarṫa ḋó, aċt cóṁarṫa Iónáis. Agus d’ḟág sé iad, agus d’imṫiġ sé.


Aduḃairt Íosa an uair sin leis an sluaġ, An le claiḋṁtiḃ agus le bataiḃ ṫángaḃar amaċ ċum beirṫe orm mar ḃéaḋ biṫeaṁnaċ ann? Do ḃíos im’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasc, agus ní rugaḃar orm.


Do ḋall sé a súile, agus ċruaḋuiġ sé a gcroiḋe; Ionnas naċ ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ, ná naċ dtuigfidís le n‐a gcroiḋe, Agus naċ gcasfaidís, Agus naċ leiġeasfainn iad.


agus nuair fuair sé é, ṫug sé leis go h‐Antuaiġ é. Agus ar feaḋ bliaḋna do ġnáṫuiġeadar cóṁluadar na h‐eaglaise, agus ṫugadar teagasc do ṁórán daoine; agus ṫárla gur i nAntuaiġ tugaḋ Críostaiḋṫe ar dtús ar na deisceablaiḃ.


Aċt d’éiriġ deiġilt idir ṁuinntir na caṫraċ; cuid aca ag cur leis na h‐Iúdaċaiḃ, agus cuid aca ag cur leis na h‐abstalaiḃ.


Agus do ḃí cuid aca do ċreid, agus do ġaḃadar le Pól agus le Sílas; agus orṫa‐san do ḃí a lán mór de na Gréagaċaiḃ diaḋa, agus cuid nár ḃeag de na mnáiḃ uaisle.


Agus le n‐a linn sin d’éiriġ aċrann nár ḃeag i dtaoḃ na Sliġe.


Agus nuair do ċeap Pól dul isteaċ i measc na ndaoine, ní leigfeaḋ na deisceabail dó é.


D’á ḃriġ sin biḋiḋ ag faire, agus taḃraiḋ ċum ḃúr gcuiṁne nár scuireas de lá ná d’oiḋċe, ar feaḋ trí bliaḋan de ṫeagasc do ṫaḃairt daoiḃ le deoraiḃ.


agus do‐rinneas géirleanaṁain go bás ar an Sliġe seo, ag ceangal fear agus ban, agus g‐á gcur i bpríosún.


muna mbéaḋ an t‐aon ḟocal aṁáin do ġlaoḋas amaċ agus mé im’ ṡeasaṁ ’n‐a measc, Is é aiséirġe na marḃ an ċeist go ḃfuil breiṫ ’n‐a taoḃ d’á taḃairt orm os ḃúr gcóṁair indiu.


Aċt ba ṁian linn fios scéil d’ḟáġáil uait i dtaoḃ a gcreideann tú: óir, i dtaoḃ na h‐aicme seo, is eol dúinn go ḃfuiltear ag cainnt ’n‐a coinniḃ ins gaċ áit.


A luċt na muineál riġin, gan cluasa ná croiḋe timċeall‐ġearrṫa agaiḃ, bíonn siḃ i gcóṁnaiḋe ag cur i gcoinniḃ an Spioraid Naoiṁ: fá mar rinne ḃúr sinnsir, is mar sin do‐ġní siḃse.


agus d’iarr sé air liṫreaċa do ṫaḃairt dó ċum na sionagóg i nDamascus, ċum, dá ḃfaiġeaḋ sé aon duine, fear nó bean de’n tSliġe seo, go dtiuḃraḋ sé leis iad ceangailte go h‐Iarúsalem.


Créad eile? An niḋ go ḃfuil Israel ar a lorg, ní ḃfuair sé é; aċt fuair siad‐san do toġaḋ é, agus do cruaiḋeaḋ an ċuid eile aca:


Uime sin do‐ġní sé trócaire ar an té is toil leis, agus cruaḋann sé an té is toil leis.


óir atá doras mór fóġanta ar ḟoscailt róṁam, agus is mór a lán náṁad atá ann.


conspóidí daoine droċ‐aigeantaċ atá dall ar an ḃfírinne, ṁeasas gur aḋḃar tairḃe an cráḃaḋ.


Is eol duit gur ṫréig a raiḃ san Áise mé; daoine ḋíoḃ‐san is eaḋ Figelus agus Hermogenés.


cuma na cráiḃṫeaċta orṫa, aċt go ḃfuil diúlta aca d’á briġ; fan amaċ ó n‐a leiṫéidiḃ sin.


déan an briaṫar do ċraoḃ‐scaoileaḋ; bí go díoġrasaċ i dtráṫ agus i n‐ántráṫ; bí ag spreagaḋ, ag smaċtaḋ, ag gríosaḋ le gaċ ceannsaċt agus le gaċ teagasc;


aċt biḋiḋ ag brostú a ċéile lá i ndiaiḋ lae, a ḟaid agus glaoḋtar An Lá Indiu air; ar eagla go gcruaḋóċaiḋe aon duine


Aċt scriosfar iad ’n‐a dtruailliú féin mar ainṁiḋṫe brúideaṁla do réir dúṫċais, do ċruṫuiġeaḋ ċum ḃeiṫ gaḃṫa agus scriosta, ag laḃairt dóiḃ go masluiġṫeaċ ar neiṫiḃ naċ dtuigid,


Agus leanfaiḋ mórán a sliġṫe déisteannaċa; agus maslóċar sliġe na fírinne mar ġeall orṫa.


Aċt laḃrann an dream so go masluiġṫeaċ i dtaoḃ neiṫe naċ ḃfuil aon eolas aca orṫa: agus na neiṫe go ḃfuil eolas ó ḋúṫċas aca orṫa, truailliġeann siad féin ionnta ar nós ainṁiḋṫe gan réasún.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ