Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 19:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Do ġlaoḋ cuid de na daoiniḃ é seo, agus cuid eile é siúd: óir do ḃí an cruinniú i n‐aċrann a ċéile; gan a ḟios ḃeiṫ ag an gcuid ba ṁó aca cad ċuige a dtángadar le ċéile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Agus scairteaḋ cuid acu rud aṁáin, agus cuid acu rud eile. Óir ḃí an cruinniuġaḋ ina ṡioplaiġe: agus ní raiḃ a ḟios ag an ċuid a ba ṁó acu cérḃ é an fáṫ fá n-a dtáinic siad i gcionn a ċéile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Do liúiġ duine an rud so agus duine eile an rud úd. Is aṁlaiḋ a ḃí measgán mearaiḋe ar an bpobul agus ní ḟeidir an ċuid ba ṁó ḋíoḃ cad a ṫug ann i n-aon ċor iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Uime sin do éiġ cuid díoḃ an nísi, agus cuid ní eile: óir do ḃí an coiṁṫionól buaiḋearṫa; agus ní raiḃ a ḟios ag an gcuid na mó ḋíoḃ créd é an taḋḃar fá dtangadar a gceann a ċéile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 19:32
6 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí an ċaṫair tré ċéile le clampar: agus do riṫeadar i n‐éinḟeaċt isteaċ san téatar, agus greim aca ar Ġáius agus ar Aristárċus, beirt ó’n Ṁaiceadóin, comrádaiḋṫe siuḃail do Ṗól.


Agus do ḃí cuid d’oifigeaċaiḃ na h‐Áise, cáirde leis, do ċuir teaċtaireaċta ċuige, g‐á iarraiḋ air gan dul isteaċ san téatar.


Óir is baoġal dúinn go gcuirfear ’n‐ár leiṫ toirmeasc an lae indiu, gan aon aḋḃ r ḃeiṫ leis, agus gan ar ċumas dúinn cunntas do ṫaḃairt ar an gcruinniú so.


Agus do ġlaoḋ cuid aca é seo agus cuid eile é siúd, i measc an tsluaiġ: agus nuair nár ḟéad sé a ḟios d’ḟáġáil go cruinn caidé an fáṫ do ḃí leis an toirmeasc, d’órduiġ sé a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ