Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 19:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 agus is baoġal, ní h‐é aṁáin go dtiocfaiḋ droċ‐ċlú ar an gcéird seo againn, aċt go ndéanfar beag‐is‐fiú de ṫeampall na bain‐dé móire Diana, agus go raċaiḋ a mórḋaċt ar ceal, ise go ḃfuil an Áise uile agus an doṁan uile g‐á h‐aḋraḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Agus ní h-eaḋ aṁáin gur baoġal do’n ġraiṫé seo againn a ṫeaċt faoi ċáineaḋ, aċṫ measfar fosta mar neiṁníḋ teampall Ḋeána móire, agus a mórḋaċt a ġeiḃ aḋraḋ ó iomlán na h-Aisia agus ó’n doṁan, toiseoċar ar a milleaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Is baoġal go dtaḃarfaiḋ san droċ-ainim d’ár sliġe ḃeaṫa, agus ná fágfaiḋ sé aon ṁeas an ṫeampull ṁór Ḋiána, agus ní h-aṁáin sin aċ go dtusnóċaiḋ a mórḋaċt ar ḋul ar neaṁníḋ, bíoḋ go n-aḋrann an Ásia go léir agus an doṁan go léir í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus ní hí ar gcéird aṁáin as guáis dúinn do ṫeaċd ċum masla; aċd fós teampall na baindée móire Díana do ḋul a dtarcuisne, agus go dtiocfaḋ ċum críċe go gcuirfí ar gcúl a morrḋaċdsa, noċ onóruiġeas a Násia agus an doṁan mór uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 19:27
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt is mairg daoiḃ‐se, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir dúnann siḃ ríoġaċt na ḃflaiṫeas i n‐éadan na ndaoine: óir ní ṫéiġeann siḃ féin isteaċ, agus ní leigeann siḃ isteaċ iad‐san atá ag iarraiḋ dul isteaċ.


Agus craoḃscaoilfear an soiscéal so na ríoġaċta ar fud an doṁain uile mar ḟiaḋnaise do na ciniḋeaċaiḃ go léir; agus annsin tiocfaiḋ an deireaḋ.


Agus do lean mar sin ar feaḋ ḋá ḃliaḋan; i dtreo go gcuala siad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe san Áise briaṫar an Tiġearna, idir Iúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ.


Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.


conspóidí daoine droċ‐aigeantaċ atá dall ar an ḃfírinne, ṁeasas gur aḋḃar tairḃe an cráḃaḋ.


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide.


Agus do ċonnacas ceann d’á ċeannaiḃ mar ḃéaḋ goin ḃáis air; agus do ḃí an ḃás‐ġoin leiġeasta. Agus do ḃí árd‐iongnaḋ ar an saoġal uile ag dul i ndiaiḋ an ainṁiḋe;


Agus ḃéarfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan aḋraḋ ḋó, gaċ duine naċ ḃfuil a ainṁ scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain do h‐íoḋbaraḋ ó ḃunaḋ an doṁain.


Agus do lean an treas aingeal g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Má ḃeireann aoinneaċ aḋraḋ do’n ainṁiḋe agus d’á íoṁáiġ, agus má ġlacann sé marc ar ċlár a éadain, nó ar a láiṁ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ