26 Agus do‐ċí siḃ, agus do‐ċluin siḃ go ḃfuil a lán mór daoine iompuiġṫe ag an bPól so, ní h‐é aṁáin i nEiféis, aċt ar fud na h‐Áise ar fad, g‐á ráḋ naċ déiṫe ar ċor ar biṫ na déiṫe do‐ġnítear le láṁaiḃ:
26 Agus tċí siḃ, agus cluin siḃ gur ṫionntuiġ an Pól seo sluaġ mór le n-a ṫeagasc, ní aṁáin i n-Eṗesus, aċt i mbunaḋas; na h-Aisia, ag ráḋ: Ní déiṫe iad sin a ġníṫear le láṁa.
26 Aċ ċíonn siḃ agus airíġeann siḃ conus mar atá mórán daoine iompuiġṫe ag Pól so, le n-a ċóṁráḋ, ní h-aṁáin i n-Eṗesus aċ ar fuid na h-Ásia go léir náċ mór, ’ġá ċur ’n-a luiġe orṫa — Ní déiṫe i n-aon ċor na déiṫe a deintear le láṁaiḃ.
26 Agus do ċíṫí agus do ċluintí, gur ḟill an Pólsa lé na ḃríaṫraiḃ pobal mór, ní hé aṁáin a Neṗesus, aċd fós beag naċ sa Násia uile, ag ráḋ naċ Déé íad, do niṫear lé láṁuiḃ:
ag liúġaḋ agus g‐á ráḋ, A ḋaoine, créad do b’áil liḃ a leiṫéid sin do ḋéanaṁ? Daoine go ḃfuil an nádúir ċéadna againn agus atá agaiḃ féin, is eaḋ sinne, agus atáimíd ag taḃairt deaġ‐scéala ḋaoiḃ, go gcaiṫfiḋ siḃ iompóḋ ó na neiṫiḃ baoṫa sin ċum Dé ḃí, do ċruṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus muir, agus a ḃfuil ionnta:
D’á ḃriġ sin, ó’s de ṡlioċt Dé sinn, ní cóir ḋúinn a ṁeas gur cosṁail Dia le h‐ór, ná le h‐airgead, ná le cloiċ, do greanaḋ le h‐ealaḋain nó le h‐inntleaċt daonna.
Agus ṫárla, le linn Apollós ḃeiṫ i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúṫaiġ uaċtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:
Óir do‐ḃeir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, cionnas mar ċuaḋamar isteaċ ċugaiḃ; agus cionnas mar ṫionntuiġeaḃar ó íoḋalaiḃ ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia beo, fíor,
Agus an ċuid eile de na daoiniḃ do fágáḋ gan marḃaḋ leis na pláiġiḃ seo, ní ḋearnadar aiṫriġe i h‐oibreaċaiḃ a láṁ, ċum naċ ndéanfaidís aḋraḋ d’íoḋalaiḃ óir, agus airgid, agus práis, agus cloiċe, agus aḋmaid: atá gan raḋarc, gan éisteaċt, gan neart siuḃail: