Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 19:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus nuair a ḃí na neiṫe seo ṫart, ċuir Pól roiṁe san Spiorad, an Ṁaicideoin agus an Aiċia a ṫaisteal, agus dul go n-Ierusalem, ag ráḋ: I ndiaiḋ ḃeiṫ annsin ḋaṁ, caiṫfiḋ mé an Róiṁ d’ḟeiceáil fosta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Nuair a ḃí na neiṫe sin críoċnuiġṫe do ḃeartuiġ Pól, sa spioraid, gaḃáil tré Ṁacedonia agus tré Acaia agus dul go Ierúsalem, agus duḃairt sé: Tar éis me ḃeiṫ sa n-áit sin ní foláir dom an Róiṁ a ḋ’ḟeisgint.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus ar gcríoċnúġaḋ na neiṫeaḋsa, do ċuir Pól roiṁe ann inntinn, tar éis dul tré Ṁacedónia, agus Aċaía ḋó, dul go Hiarusalém, ag ráḋ, Tar éis mé ḃeiṫ ann sin, as éigin daṁ an Róiṁ dḟeaċain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 19:21
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus as sin go Pilippí, príoṁ‐ċaṫair an ċeanntair sin de’n Ṁaiceadóin, coilíneaċt Róṁánaċ: agus d’ḟanamar san gcaṫair sin tamall beag.


Aċt an tráṫ ’n‐a raiḃ Gallió ’n‐a ṗróconsúl i nAċáia, d’éiriġ na h‐Iúdaiġ de ṫoil a ċéile i gcoinniḃ Ṗóil, agus ṫugadar os cóṁair caṫaoireaċ an ḃreiṫeaṁnais é,


aċt d’ḟág sé slán aca, g‐á ráḋ, Fillfead cugaiḃ arís, má’s toil le Dia é, agus d’imṫiġ sé ar luing ó Eiféis.


Agus tar a éis dó beirt díoḃ‐san do ḃíoḋ ag freastal dó, Timóteus agus Erastus do ċur go dtí an Ṁaiceadóin, d’ḟan sé féin tamall san Áise.


Agus do ḃí an ċaṫair tré ċéile le clampar: agus do riṫeadar i n‐éinḟeaċt isteaċ san téatar, agus greim aca ar Ġáius agus ar Aristárċus, beirt ó’n Ṁaiceadóin, comrádaiḋṫe siuḃail do Ṗól.


Óir do ḃí socruiġṫe ag Pól seolaḋ ṫar Eiféis, i dtreo naċ gcuirfiḋe aon ṁoill air san Áise; óir ḃí deiṫneas air, ċum dá mb’ ḟéidir é, ḃeiṫ i nIarúsalem lá Cingcíse.


Agus féaċ, anois, atáim ag dul fá ċeangal an Spioraid go h‐Iarúsalem, gan a ḟios agam créad atá i ndán dom annsin:


Agus ar dteaċt go h‐Iarúsalem dúinn, do ḃí fáilte ṁór ag na bráiṫreaċaiḃ róṁainn.


Agus nuair fuaramar na deisceabail, d’ḟanamar annsin seaċtṁain: agus do ḃíodar g‐á ráḋ le Pól tríd an Spiorad, gan cos do ċur i nIarúsalem.


Agus an oiḋċe ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ṡeas an Tiġearna le n‐a ais, agus aduḃairt, Bíoḋ meisneaċ agat: óir fá mar atá fiaḋnaise déanta agat im’ ṫaoḃ i nIarúsalem, caiṫfiḋ tú fiaḋnaise do ḋéanaṁ san Róiṁ, leis.


Annsin nuair do ṡocruiġeadar go raċaimís fá ṡeol go dtí an Iodáil, ṫugadar Pól agus roinn príosúnaċ eile do ċeanntúir darḃ ainm Iúlius, de ḃuiḋin Augustuis.


lem’ ais anoct, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ eagla ort, a Ṗóil; caiṫfiḋ tú seasaṁ i láṫair Ċéasair: agus féaċ, atá anamanna na ndaoine uile atá ar an luing bronnta ag Dia ort.


Agus ar ṡroiċint na Róiṁe ḋúinn, tugaḋ cead do Ṗól fanaṁain leis féin i n‐éinḟeaċt leis an saiġdiúir do ḃí mar ġárda air.


Óir is mian liom go mór siḃ d’ḟeicsin, ionnas go roinnfinn tíoḋlacaḋ spioradálta éigin liḃ, ċum go neartóċar siḃ;


Agus, a ḃráiṫre, níor ṁian liom gan a ḟios ḃeiṫ agaiḃ gur minic do ċuireas róṁam teaċt ċugaiḃ (aċt do cuireaḋ cosc orm go dtí anois), ionnas go mbéaḋ toraḋ éigin agam de ḃárr mo ṡaoṫair ’n‐ḃur measc, fá mar ḃí agam i measc na gCineaḋaċ eile.


Ar an aḋḃar sin, im’ ṫaoḃ‐sa ḋe, atá fonn orm an soiscéal do ṡeanmóiriú daoiḃ‐se atá san Róiṁ, leis.


Aċt tiocfad ċugaiḃ tar a éis dom dul tríd an Ṁaiceaḋóin, óir atáim ag dul tríd an Maiceadóin;


Aċt tiocfad ċugaiḃ gan ṁoill, má’s toil le Dia é, agus aiṫneoċad, ní h‐í cainnt an dreama atá go h‐uaiḃreaċ, aċt an cumas atá aca.


go leaṫnóċar ár dteora n‐ḃur measc ċóṁ mór sin go seanmóirfimíd an soiscéal ins na críoċaiḃ ar an taoḃ ṫall díḃ, gan maoiḋeaṁ as a ḃfuil déanta ċeana taoḃ istiġ de ṫeorainn aon duine eile.


Annsin i gcionn ceiṫre bliaḋan déag ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaḋas suas go h‐Iarúsalem arís i n‐éinḟeaċt le Barnabas, ag taḃairt Títuis liom, ċóṁ maiṫ.


ionnas go raḃaḃar ’n‐ḃur n‐eisiompláir do luċt an ċreidiṁ san Maiceadóin agus i nAċáia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ