Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 19:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Aċt do ḃí cuid de na h‐Iúdaċaiḃ siuḃail, luċt deaṁan do ḋíbirt do ḃí ag agairt ainme an Tiġearna Íosa orṫa‐san go raiḃ na droċ‐spioraidí ionnta, g‐á ráḋ, Fógraim ort tré Íosa atá Pól do ċraoḃscaoileaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus d’ḟéaċ cuid de na deaṁaindíbirṫiḋṫe Iúdaċa, a ḃíoḋ ag dul ṫart, fosta, ainm an Tiġearna Íosa d’agairṫ ós cionn na ndaoine a mbíoḋ droċ-spioraid ionnta, ag ráḋ: Agraim siḃ tré Íosa a ġní Pól a ṡeanmóir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Do ṫárla go raiḃ cuid de sna Iúdaíġ ag imṫeaċt ó áit go h-áit agus go raḃdar a d’iarraid deaṁan a ċur amaċ, agus ḋ’agraidís ainim an Tiġearna Íosa agus deiridís: Fógraim oraiḃ Íosa atá ag Pól d’a ċraoḃsgaoile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus dream áiriġe do na Iúduiḋiḃ do ḃíoḋ ag sioḃal ó áit go háit ag cur spiorad fá ġeasuiḃ, do ċuireadar rompa ainm an Tiġearna Iósa do ġairm ós cionn na ndáoine ann a mbíoḋ droċspiorúda, ag ráḋ, Cuirimid fá ġeasuiḃ siḃ tré Iósa do ní Pól a ṡeanmóir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 19:13
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus má ċaiṫim‐se amaċ na deaṁain le cuṁaċt Ḃelsibub, cia leis an gcaiṫeann ḃúr gclann‐sa amaċ iad? D’á ḃriġ sin, is iad‐san ḃéas ’n‐a mbreiṫeaṁnaiḃ oraiḃ.


Aċt d’ḟan Íosa ’n‐a ṫost. Agus aduḃairt an t‐árd‐ṡagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé ḃí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé.


agus ag glaoḋaċ amaċ de ġuṫ árd dó, aduḃairt sé, Cad é an ċuid atá agam‐sa ḋíot, a Íosa, a Ṁic Dé is Aoirde? Aṫċuinġim ort, as uċt Dé, gan mo ṗianaḋ.


Aduḃairt Eoin leis, A Ṁáiġistir, do ċonnacamar duine ag cur deaṁan amaċ id’ ainm‐se, agus do ċoisceamar é, de ḃriġ naċ leanann sé sinne.


Agus má’s tré Ḃelsibub ċuirim‐se na deaṁain amaċ, cia ṫríd ċaiṫeas ḃúr gclann féin amaċ iad? D’á ḃriġ sin is iad‐san ḃéarfas breiṫ oraiḃ.


Agus d’ḟreagair Eoin agus aduḃairt sé, A Ṁáiġistir, do ċonnacamar duine ag cur deaṁain amaċ id’ ainm‐se; agus do ċoisceamar é, toisc naċ leanann sé i n‐éinḟeaċt linne.


Agus do ḃí móirṡeisear mac le Scéḃa, Iúdaċ áiriṫe, árd‐ṡagart, do ḃí g‐á ḋéanaṁ sin.


Óir má ṫagann duine ag seanmóiriú Ċríost eile nár ṡeanmóruiġeamair‐ne, nó má ġlacann siḃ spiorad eile nár ġlacamar leis, naċ breaġ mar ḟulaingeann siḃ leisean?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ