Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 19:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus do lean mar sin ar feaḋ ḋá ḃliaḋan; i dtreo go gcuala siad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe san Áise briaṫar an Tiġearna, idir Iúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

10 Agus ḃí sin dá ḋéanaṁ ar feaḋ ḋá ḃliaḋan, san ċruṫ gur ċuala gaċ aoinneaċ dá raiḃ ina ċóṁnaiḋe san Aisia, eadar Iúdaiġ agus Ṗágánaiġ, briaṫar an Tiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Do lean san mar sin ar feaḋ dá ḃlian, i dtreó gur airiġ gaċ a raiḃ i n-Ásia, idir Iúdaċ agus Geinteaċ, briaṫar an Tiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do ḃi so ḋá ḋéunaṁ ar feaḋ ḋá ḃlíaḋan; a gcrúṫ go gcúaladar a raiḃ ann sa Náisia uile eidir Iúduiḋe agus Ġréugaċ, bríaṫar an Tiġearna Iósa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 19:10
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin, nuair do ċonnaic an próconsúl a raiḃ déanta, do ċreid sé, ag déanaṁ iongantais de ṫeagasc an Tiġearna.


Agus do ċuadar tré ċríċ Frigia agus Ġalácia, an Spiorad Naoṁ g‐á gcosc ar an mbriaṫar do laḃairt san Áise;


Agus d’ḟan sé annsin bliaḋain agus sé mí, ag teagasc briaṫair Dé ’n‐a measc.


Agus gaċ sabóid do ḃí ann ḃíoḋ sé ag pléiḋe san tsionagóig, ag iarraiḋ Gréagaiġ agus Iúdaiġ do ṫaḃairt leis.


Mar sin do ḃriaṫar an Tiġearna agus é ag dul i ḃfás agus i dtreise.


Agus tar a éis dó beirt díoḃ‐san do ḃíoḋ ag freastal dó, Timóteus agus Erastus do ċur go dtí an Ṁaiceadóin, d’ḟan sé féin tamall san Áise.


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tsionagóig, agus ḃí sé ag laḃairt go dána ar feaḋ trí mí, ag diospóireaċt agus ag léir‐ṁíniú i dtaoḃ ríoġaċta Dé.


Pártaiġ agus Méidiġ agus Elamítiġ, agus daoine ċóṁnuiġeas i Mesópotámia, i nIúdaea agus i gCappadócia, i bPontus agus san Áise,


Agus nuair ṫáinig siad ċuige, aduḃairt sé leo, Atá a ḟios agaiḃ féin cionnas mar ċaiṫeas mo ṡaoġal ’n‐ḃúr measc i riṫ an ama, ó’n gcéad lá ’n‐ar ċuireas cos ar ṫalaṁ na h‐Áise,


D’á ḃriġ sin biḋiḋ ag faire, agus taḃraiḋ ċum ḃúr gcuiṁne nár scuireas de lá ná d’oiḋċe, ar feaḋ trí bliaḋan de ṫeagasc do ṫaḃairt daoiḃ le deoraiḃ.


Aċt d’éiriġ aicme de luċt na sionagóige ar a dtugaḋ aicme na Libertíneaċ, agus na gCurénaċ, agus na nAlecsandrianaċ, agus daoine ó Ċilicia agus ó’n Áise, agus do ḃíodar ag caismirt le Stiofán.


Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cuṁaċt Dé é ċum gaċ duine ċreideas do ṡlánú; do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna.


Óir ní ḟuil deifir ar biṫ idir an Iúdaċ agus an Gréagaċ: mar is ionann Tiġearna do’n uile ḋuine, agus atá saiḋḃreas aige do gaċ duine ġlaoḋas air:


Aċt fiafruiġim‐se, Nár airiġeadar? D’airiġeadar cinnte, Do leaṫ a nglór ar fud an doṁain uile, Agus a mbriaṫra go foirċeann an doṁain.


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


Ní ḟuil Gréagaċ ná Iúdaċ ann, ní ḟuil timċeall‐ġearraḋ ná neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, barbaraċ, Scitiḋeaċ, daor ná saor ann, aċt is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.


Is eol duit gur ṫréig a raiḃ san Áise mé; daoine ḋíoḃ‐san is eaḋ Figelus agus Hermogenés.


Peadar, abstal Íosa Críost, ċum na muinntire atá ar deoraiḋeaċt, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia,


g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.


EOIN ċum na seaċt n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó’n té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt; agus ó na seaċt Spioraidiḃ atá os cóṁair a riġ‐ċaṫaoireaċ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ