Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 18:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do ċreid Crispus, uaċtarán na sionagóige, san Tiġearna, é féin agus muinntear a ṫeaġlaiġ go léir; agus do ċreid mórán de na Coirinnteaċaiḃ do ḃí ag éisteaċt leis, agus do baisteaḋ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus ċreid Crispus, uaċtarán na sineagóige, agus a ṫeaġlaċ go léir san Tiġearna: agus mórán de na Coirintiġ, a d’éist leis ċreid siad, agus baisteaḋ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do ċreid Crispus, uaċtarán na sinagóige, sa Tiġearna, agus a ṫeaġlaċ go léir, agus do ċreid mórán de sna Coirintiġ a ḃí ag éisteaċt leis agus do baisteaḋ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ċreid Crispus, úaċdarán ná sinagóige, maille ré luċd a ṫiġe uile, ann sa Tiġearna; agus mórán do na Corintianaċuiḃ ag éisdeaċd rís do ċreideadar, agus do baisdeaḋ íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 18:8
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


Agus ṫáinig fear d’uaċtaránaiḃ na sionagóige ċuige, agus Iáirus ab ainm dó; agus nuair do ċonnaic sé é, do ċaiṫ sé é féin ag a ċosaiḃ,


Ag laḃairt dó, ṫáinig daoine ó ṫiġ uaċtaráin na sionagóige, agus aduḃaradar, Atá t’inġean tar éis báis: cad ċuige ḋuit an Máiġistir do ḃuaiḋreaḋ feasta?


go raiḃ eagla Dé air féin agus ar a ṫeaġlaċ go léir, fear do‐ḃeireaḋ a lán déirce do na daoiniḃ, agus do ḃíoḋ de ġnáṫ ag guiḋe Dé.


laḃarfaiḋ seisean briaṫra leat ṡlánóċas ṫú féin, agus muinntear do ṫeaġlaiġ go léir.


Agus nuair do ḃí léiġeaḋ an reaċta agus na ḃfáiḋ déanta, do ċuir uaċtaráin na sionagóige teaċtaireaċt ċuca, g‐á ráḋ, A ḃráiṫreaċa, má tá focal congantaċ le h‐aġaiḋ an ṗobail agaiḃ, laḃraiḋ.


Agus ṫug sé isteaċ ’n‐a ṫiġ iad, agus do ċuir sé biaḋ rómpa, agus do‐rinne sé féin agus muinntear a ṫeaġlaiġ go léir gáirdeaċas mór, agus é ag creideaṁain i nDia.


I n‐a ḋiaiḋ sin d’imṫiġ sé ó Ċaṫair na h‐Aiṫne, agus ṫáinig sé go Coirinnt.


Agus rugadar uile ar Ṡostenés, uaċtarán na sionagóige, agus do ḃuaileadar é os cóṁair caṫaoireaċ an ḃreiṫeaṁnais. Agus níor ċuir Gallió suim dá laiġead ins na neiṫiḃ sin.


Agus ṫárla, le linn Apollós ḃeiṫ i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúṫaiġ uaċtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:


Aċt nuair do ċreideadar Pilib agus é ag craoḃscaoileaḋ i dtaoḃ ríoġaċta Dé agus ainme Íosa Críost, do baisteaḋ iad, idir ḟearaiḃ agus ṁnáiḃ.


agus Sostenes ár mbrátair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, ċum na ndaoine atá naoṁuiġṫe i nÍosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ’n‐a naoṁaiḃ, maille leis na daoiniḃ uile ins gaċ áit ġlaoḋas ar ainm Íosa Críost, a dTiġearna‐san agus ár dTiġearna féin:


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, agus Timótéus ár mbráṫair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naoṁaiḃ go léir atá i nAċáia ar fad:


Agus éiliġim Dia mar ḟiaḋnaiḋe ar m’anam, gur ar ṁaiṫe liḃ‐se naċ dtainig mé arís go Coirinnt.


A Ċoirinnteaċa, atá ár mbéal ar ḟoscailt daoiḃ, atá fairsinge croiḋe againn.


D’ḟan Erastus i gCoirinnt aċt d’ḟágas Trofimus i Mílétus, agus é tinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ