Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 18:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus nuair do ċuireadar ’n‐a ċoinniḃ, ag cainnt go masluiġṫeaċ, do ċroṫ sé a ċuid éadaiġ, agus aduḃairt sé leo, Ar ḃúr gceann féin go raiḃ ḃúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amaċ raċfad ċum na gCineaḋaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Aċt nuair a ċuir siad-san ina aġaiḋ, agus iad ag laḃairt go diaṁaslaċ, ċraiṫ sé a ċuid éadaiġ, agus duḃairt leo: Bíoḋ ḃur gcuid fola ar ḃur gcinn féin: tá mise glan: ó seo amaċ raċaiḋ mé ag triall ar na ciniḋeaċa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Aċ ḃí na Iúdaíġ ’ġa ḃréagnú go masluiġṫeaċ. Ansan do ċroṫ sé a ċuid éadaiġ agus duḃairt sé: Bíod ḃúr gcuid fola ar ḃúr gceann féin. Táimse glan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus an tráṫ do ċuireadarsan na aġuiḋ, agus do laḃradar blasṗéime, ar gcroṫaḋ a éudaiġ ḋósan, a duḃairt sé ríu, Bíoḋ ḃur ḃfuil ar ḃur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas raċuiḋ mé ċum na Gcineaḋaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 18:6
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus cibé duine naċ nglacfaiḋ siḃ, nó naċ n‐éistfiḋ le n‐ḃúr mbriaṫraiḃ, ag imṫeaċt as an tiġ, nó as an gcaṫair sin daoiḃ, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃúr gcosaiḃ.


Adeir siad‐san leis, Scriosfaiḋ sé na cuirpṫiġ sin go millteaċ, agus ḃéarfaiḋ sé an fíonġort ar cíos do scológaiḃ eile, ḃéarfas na torṫa ḋó ’n‐a séasúraiḃ féin.


Ar an aḋḃar sin adeirim liḃ, Tógfar ríoġaċt Dé uaiḃ‐se, agus do‐ḃéarfar í do ċineaḋ ḃéarfas a torṫa.


Agus do‐ċuaiḋ na seirḃísiġ sin amaċ ar na bóiṫriḃ, agus do ḃailiġeadar a ḃfuaradar, idir olc agus maiṫ: agus do líonaḋ árus na bainse de ḋaoiniḃ ’n‐a suíḋe ċum biḋ.


Agus d’ḟreagair na daoine go léir, Orainn féin agus ar ár gclainn a ċuid fola!


Agus adeirim liḃ go dtiocfaiḋ a lán daoine ó’n doṁan ṫoir agus ó’n doṁan ṫiar, agus go suiḋfiḋ siad i ḃfoċair Abraċaim, agus Íosóig,


Agus aduḃradar a lán neiṫe eile leis, ag taḃairt masla ḋó.


Agus cibé daoine naċ nglacfaiḋ ċuca siḃ, ag imṫeaċt as an gcaṫair sin daoiḃ, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃúr gcosaiḃ mar ḟiaḋnaise ’n‐a n‐aġaiḋ.


Aċt do ċroṫadar‐san luaiṫ a gcos ’n‐a gcoinniḃ, agus ṫángadar go h‐Icónium.


Agus ṫugas pionós go minic dóiḃ ins na sionagógaiḃ go léir, agus do‐rinneas iarraċt fá ḋia‐ṁaslaḋ do ḃaint asta; agus leis an dearg‐ḃuile do ḃí orm ’n‐a gcoinniḃ, do‐rinneas géirleanaṁain orṫa go dtí na caṫraċa coigríoċa.


aċt do ċraoḃscaoileas do ṁuinntir Ḋamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúiṫċe Iúdaea, agus do na Cineaḋaċaiḃ, go ndéanfaidís aiṫriġe agus go n‐iompóċaidís ċum Dé, ag déanaṁ gníoṁarṫa de réir na h‐aiṫriġe.


D’á ḃriġ sin, bíoḋ a ḟios agaiḃ, go ḃfuil an slánuġaḋ so ó Ḋia d’á ċur ċum na gCineaḋaċ: agus do ċluinfiḋ siad‐san.


Ná leag láṁa go h‐obann ar aoinneaċ, agus ná bí páirteaċ i bpeacaiḋiḃ daoine eile: congḃuiġ ṫú féin glan.


lán d’ḟoiḋne, ag ceartú na ndaoine ċuireas ’n‐a aġaiḋ le ceannsaċt, le súil go dtiuḃrfaiḋe Ḋia ḋóiḃ, am ar biṫ, aiṫriġe do ḋéanaṁ ċum eolas d’ḟáġáil ar an ḃfírinne,


Má masluiġtear siḃ ar son ainme Críost is aoiḃinn daoiḃ, óir luiġeann Spiorad na glóire, Spiorad Dé, oraiḃ.


Agus is niḋ é ċuireas iongnaḋ orṫa‐san, a ṁeas naċ riṫeann siḃ i n‐éinḟeaċt leo isteaċ i raḃarta ainṁeasarḋaċta, ag laḃairt go masluiġṫeaċ ’n‐ḃur dtaoḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ