Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 18:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Agus nuair a ṫáinic Silas agus Timoteus as an Ṁaicideoin, ḃí Pól ar a ḋíċeall ag teagasc, agus ag taḃairt ḟiaḋnaise do na h-Iúdaiġ gurab é Íosa an Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ansan nuair a ṫáinig Sílas agus Tímoteus ċuige ó Ṁacedonia do ġéaruiġ Pól sa teagasg, gá ċur ’n-a luiġe ar na Iúdaíġ gur b’é Íosa is Críost ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus mar ṫáinic Silas agus Timotéus ó Ṁacedónia, do las Pól an a spioruid, ag déunaṁ finné do na Iuduiḋiḃ gur ḃé Iósa an Críosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 18:5
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt atá agam baisteaḋ le n‐a mbaistfear mé; agus cad é an ceangal atá orm nó go gcóiṁlíontar é!


go dtiuḃraḋ sé foláireaṁ ḋóiḃ, ar eagla go dtiocfaidís san áit seo na péine.


Fuair seisean ar dtús a ḋearḃráṫair féin, Síomón, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le ráḋ, an Críost).


Agus do ċruinniġ na h‐Iúdaiġ ’n‐a ṫimċeall, agus aduḃradar leis, Cá ḟad an mbeiḋmíd idir an dá ċóṁairle agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go cruinn díreaċ.


agus do‐ḃeir siḃ‐se, leis, fiaḋnaise, óir atá siḃ im’ ḟoċair ó ṫosaċ.


Is fiaḋnaiḋṫe siḃ féin dom go nduḃras, Ní mise an Críost, aċt, do cuireaḋ roiṁe mé.


Agus d’órduiġ sé ḋúinn laḃairt leis na daoiniḃ agus a ḋearḃú gur ab eisean an té atá ceapṫa ag Dia ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃreiṫeaṁ ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ.


Annsin do ṡocruiġ na h‐abstail agus na seanóirí ar ḋaoine do ṫoġaḋ as a gcuideaċtain féin, agus a seolaḋ go h‐Antuaiġ i n‐éinḟeaċt le Pól agus le Barnabas: ba iad sin Iúdás ar a dtugaḋ Barsabbas, agus Sílas, fir tosaiġ i measc na mbráiṫreaċ:


Agus ṫáinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féaċ, do ḃí deisceabal annsin, darḃ ainm Timóteus, mac mná Iúdaiġe go raiḃ an creideaṁ aici; aċt ba Ġréagaċ a aṫair.


agus as sin go Pilippí, príoṁ‐ċaṫair an ċeanntair sin de’n Ṁaiceadóin, coilíneaċt Róṁánaċ: agus d’ḟanamar san gcaṫair sin tamall beag.


Agus do ċonnaic Pól aisling san oiḋċe; Do ḃí fear ó’n Maiceadóin ’na ṡeasaṁ, ag cur impiḋe air, agus g‐á ráḋ, Tar anall go dtí an Ṁaiceadóin, agus caḃruiġ linne.


g‐á ṁíniú agus g‐á áiteaṁ gurḃ éigean do’n Ċríost fulang, agus éirġe ó na marḃaiḃ; agus gur ab é an t‐Íosa so, ḟógraim‐se ḋaoiḃ, an Críost.


óir do ṡáruiġ sé go bríoġṁar ar na h‐Iúdaċaiḃ go poibliḋe san diospóireaċt, g‐a ċroṫú ḋóiḃ gurḃ é Íosa an Críost.


Uime sin, bíoḋ a ḟios go dearḃṫa ag pobal Israel go ḃfuil Tiġearna agus Críost déanta ag Dia de’n Íosa so do ċroċaḃair‐se.


ag brostú na nIúdaċ agus na nGréagaċ ċum aiṫriġe ċum Dé, agus ċum creidiṁ ’n‐ár dTiġearna Íosa Críost.


aċt aṁáin go ḃfuil an Spiorad g‐á ḋearḃú ḋom ins gaċ caṫair gur géiḃeann agus géirleanṁain atá fá mo ċóṁair.


Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.


óir ní féidir linne gan laḃairt i dtaoḃ a ḃfacamar agus a gcualamar.


Aċt is mó do ḃí Saul ag dul i neart, agus é ag cur na nIúdaċ do ċóṁnuiġ i nDamascus ’n‐a dtost, g‐á ċroṫú gur ab é sin an Críost.


Óir Íosa Críost, Mac Dé, do ṡeanmóireamar daoiḃ, is é sin mise agus Silḃánus agus Timótéus, níor ’seaḋ agus ní h‐eaḋ é, aċt ní ḟuil ann aċt ’seaḋ i gcóṁnaiḋe.


agus nuair do ḃíos ’n‐ḃur láṫair, agus mé i ngáḃatar, ní raḃas mar ualaċ ar aon duine; óir na bráiṫre, ag teaċt ó’n Maiċeadóin dóiḃ, ṫugadar dom gaċ a raiḃ i n‐éasnaṁ orm; agus ar gaċ sliġe do ċoisceas mé féin ar ḃeiṫ mar ualaċ oraiḃ, agus coiscfead.


Óir atá gráḋ Ċríost d’ár mbrostú, mar is aṁlaiḋ ḃreaṫnuiġmíd, má fuair duine aṁáin bás ar son an uile ḋuine, go ḃfuaradar uile bás;


Atáim idir an dá roġa, ag dúil le h‐imṫeaċt agus ḃeiṫ i ḃfoċair Ċríost;


agus do ċuireamar Timóteus, ar mbráṫair agus ministir Dé i soiscéal Ċríost, ċugaiḃ ċum siḃ do ḋaingniú, agus ċum sólás i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ do ṫaḃairt daoiḃ;


Aċt nuair ṫáinig Timóteus uaiḃ anois díreaċ ċugainn, agus ṫug sé deaġ‐scéala ḋúinn i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ agus i dtaoḃ ḃur ngráḋa, g‐á ráḋ go mbíonn siḃ i gcóṁnaiḋe ag cuiṁneaṁ orainn, ag tnúṫ le n‐ár ḃfeicsin, mar táimíd féin ag tnúṫ leis, ċóṁ maiṫ:


Tré Ṡilḃánus, ár mbráṫair dílis, do réir mo ṫuairme‐se, atáim ag scríoḃaḋ go h‐aiṫġearr ċugaiḃ, ċum meanmna do ṫaḃairt daoiḃ, agus ċum a ċur i dtuigsin daoiḃ gur ab é fíor‐ġrása Dé é seo: seasuiġiḋ go daingean ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ