Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 18:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus ṫáinig go h‐Eiféis Iúdaċ aṁáin darḃ ainm Apollós, Alecsandríneaċ, fear an‐léiġeanta, agus eolas mór ar na scrioptúiriḃ aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus ṫáinic go h-Eṗesus Iúdaċ áiriṫe, darḃ ainm Apollós, a rugaḋ i gCaṫair Alastair, fear a raiḃ deis a laḃarṫa aige, agus é cuṁaċtaċ ins na Scrioptúirí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Ṫáinig, áṁ, go h-Eṗesus Iúdaċ n-ar ḃ’ainim dó Apollo, Alecsandríneaċ, fear deaġlaḃarṫa, láidir ins na Scriptiúraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus táinig Iúdaiġe áiriġe go Heṗesus, dár ḃainm Apollos, rugaḋ a Nalecsándria, fear deaġlaḃarṫa, do ḃi cúṁaċdaċ ann sna sgríobtúiriḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 18:24
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt seisean leo, D’á ḃriġ sin, gaċ scríoḃaiḋe atá ’n‐a ḋeisceabal do ríoġaċt na ḃflaiṫeas, is cosṁail é le fear tiġe, do‐ḃeir amaċ as a ċiste neiṫe nua agus neiṫe seanda.


Agus aduḃairt seisean leo, Créad iad na neiṫe? Agus aduḃradar‐san leis, Na neiṫe i dtaoḃ Íosa Nasarḋa do ḃí ’n‐a ḟáiḋ cuṁaċtaċ i ngníoṁ agus i mbriaṫar i láṫair Dé agus daoine:


Agus ṫáinig siad go h‐Eiféis, agus d’ḟág sé annsin iad: aċt do ċuaiḋ sé féin isteaċ san tsionagóig, agus do ḃí sé ag diospóireaċt leis na h‐Iúdaċaiḃ.


aċt d’ḟág sé slán aca, g‐á ráḋ, Fillfead cugaiḃ arís, má’s toil le Dia é, agus d’imṫiġ sé ar luing ó Eiféis.


óir do ṡáruiġ sé go bríoġṁar ar na h‐Iúdaċaiḃ go poibliḋe san diospóireaċt, g‐a ċroṫú ḋóiḃ gurḃ é Íosa an Críost.


Agus ṫárla, le linn Apollós ḃeiṫ i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúṫaiġ uaċtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:


Fuais an ceanntúir annsin long ó Alecsandria do ḃí ag dul go dtí an Iodáil; agus do ċuir sé ar bórd uirṫi sinn.


Aċt d’éiriġ aicme de luċt na sionagóige ar a dtugaḋ aicme na Libertíneaċ, agus na gCurénaċ, agus na nAlecsandrianaċ, agus daoine ó Ċilicia agus ó’n Áise, agus do ḃíodar ag caismirt le Stiofán.


Agus fuair sé oideas i n‐ealaḋantaiḃ uile na nÉigipteaċ; agus ḃí sé cumasaċ ’n‐a ḃriaṫraiḃ agus ’n‐a ġníoṁaraṫiḃ.


Is é seo adeirim, go n‐abrann gaċ duine agaiḃ, Is le Pól mise; nó, is le h‐Apollos mise; nó is le Céfas mise; nó, is le Críost mise.


Aċt i dtaoḃ an ḃráṫar Apollos, d’impiḋeas go dian air teaċt ċugaiḃ i n‐éinḟeaċt leis na bráiṫriḃ: agus ní raiḃ fonn dá laiġead air teaċt anois; aċt tiocfaiḋ sé nuair ḃéas faill aige ċuige.


Anois, a ḃráiṫre, san méid aduḃras, ag tagairt dom féin agus d’Apollos, do rinneas é ċum go ḃfoġlaimeoċaḋ siḃ uainn gan dul ṫar a ḃfuil scríoḃṫa; ċum naċ mbéiḋ siḃ lán d’uaḃar i n‐éadan a ċéile.


Óir, is é adeirid, Bíonn a litreaċa tréan, borb, aċt ní mór le ráḋ a ṗearsa agus é i láṫair, agus bíonn a ċainnt gan éifeaċt.


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


Seol Sénas, dliġeadóir, agus Apollos go h‐aireaċ ar a n‐aistear rómpa, ċum naċ mbéiḋ rud ar biṫ i n‐easnaṁ orṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ