Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 18:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 aċt d’ḟág sé slán aca, g‐á ráḋ, Fillfead cugaiḃ arís, má’s toil le Dia é, agus d’imṫiġ sé ar luing ó Eiféis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Aċt ag fágáil sláin acu, agus ag ráḋ: Pillfiḋ mé arís oraiḃ, má’s é toil Dé é, d’imṫiġ sé as Eṗesus.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Tiocfad ċúġaiḃ airís má’s toil le Dia é. Ansan d’imṫíġ sé ó Eṗesus

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Aċd dfag beannaċd aca, ag ráḋ, Is éigin dáṁsa go deiṁin an tsollomuin so ċugainn do ḋéunaṁ a Niarusalém: aċd más toil lé Día é, fillfiḋ mé ċuguiḃsi a rís. Agus do ṡéol sé ó Eṗesus.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 18:21
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’imṫiġ sé uaṫa aċar beag, agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ an cupán so uaim: ná déantar, áṁ, mar is toil liom‐sa, aċt mar is toil leat‐sa.


Agus nuair do ċuir sé slán leo, d’imṫiġ sé suas an cnoc ċum urnaiġe do ḋéanaṁ.


Agus aduḃairt duine eile, Leanfad‐sa ṫú, a Ṫiġearna; aċt leig dom, ar dtús, slán d’ḟágáil aca‐san atá sa mbaile.


siḃ féin do ṡeaċaint ar neiṫiḃ do h‐íoḋbraḋ d’íoḋalaiḃ, agus ar ḟuil, agus ar neiṫiḃ do taċtaḋ, agus ar striapaċas; má ċongḃuiġeann siḃ amaċ uaṫa sin, béiḋ an scéal go maiṫ agaiḃ. Slán liḃ.


Agus ṫáinig siad go h‐Eiféis, agus d’ḟág sé annsin iad: aċt do ċuaiḋ sé féin isteaċ san tsionagóig, agus do ḃí sé ag diospóireaċt leis na h‐Iúdaċaiḃ.


Agus nuair d’iarradar air fanaṁain ní b’ḟuide, níor ṫoiliġ sé ċuige;


Agus ṫáinig go h‐Eiféis Iúdaċ aṁáin darḃ ainm Apollós, Alecsandríneaċ, fear an‐léiġeanta, agus eolas mór ar na scrioptúiriḃ aige.


Agus ṫárla, le linn Apollós ḃeiṫ i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúṫaiġ uaċtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:


idir Iúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ do ḃí ’n‐a gcóṁnuiḋe i nEiféis, fios ’n‐a ṫaoḃ sin, agus do scannruiġeaḋ iad go mór, agus do móraḋ ainm an Tiġearna Íosa.


Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.


Óir do ḃí socruiġṫe ag Pól seolaḋ ṫar Eiféis, i dtreo naċ gcuirfiḋe aon ṁoill air san Áise; óir ḃí deiṫneas air, ċum dá mb’ ḟéidir é, ḃeiṫ i nIarúsalem lá Cingcíse.


Annsin, nuair nárḃ ḟéidir a intinn d’aṫrú, do stadamar, g‐á ráḋ, Go ndéantar toil an Tiġearna.


Óir do ċonnacadar, roiṁe sin san gcaṫair, Trofimus Eiféiseaċ, agus do ṡíleadar go dtug Pól isteaċ san teampall é.


g‐á iarraiḋ air de ṡíor im’ urnaiġṫiḃ, dá mb’ ḟéidir é, go réiḋteoċar bealaċ dom anois fá ḋeireaḋ, ar ċuma éigin, le toil Dé, ċum teaċt ċugaiḃ.


ċum go dtiocfad ċugaiḃ le h‐áṫas, de ḋeoin Dé, agus go ḃfaiġead suaiṁneas mar aon liḃ.


Má’s ar nós daoine do ṫroideas le h‐ainṁiḋṫiḃ allta i nEiféis, créad é a ṫairḃe ḋom? Muna n‐aiséiriġeann na mairḃ, iṫimís agus ólaimís óir do‐ġeoḃaimíd bás i mbáireaċ.


Óir ní mian liom siḃ d’ḟeicsin an t‐am so ar an sliġe ḋom; mar tá súil agam fanaṁain tamall ’n‐ḃur ḃfoċair, má’s toil le Dia é.


Aċt tiocfad ċugaiḃ gan ṁoill, má’s toil le Dia é, agus aiṫneoċad, ní h‐í cainnt an dreama atá go h‐uaiḃreaċ, aċt an cumas atá aca.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ.


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, ċum na naoṁ atá i nEiféis, agus ċum luċt an ċreidiṁ i nÍosa Críost:


Is é rud ba ċeart daoiḃ a ráḋ ’n‐a ionad sin, Le toil Dé, agus sinn beo, déanfaimíd so nó súd.


Óir is fearr, má’s é toil Dé é, go ḃfulaingeoċaḋ siḃ ag déanaṁ maiṫeasa, ná ag déanaṁ olcais.


g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.


Scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i nÉiféis; Is é adeir an té ċongḃuiġeas na seaċt réaltana ’n‐a láiṁ ḋeis, an té ṡiuḃlas i lár na seaċt gcoinnleoir óir:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ