Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 18:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus tar a éis do Ṗól tamall maiṫ eile do ċaiṫeaṁ annsin, d’ḟág sé slán ag na bráiṫreaċaiḃ, agus do ċuaiḋ sé ar luing go Siria, agus Priscilla agus Aculas i n‐éinḟeaċt leis; tar éis a ċinn do ḃearaḋ i gCenċréa: óir do ḃí ceangal móide air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Aċt i ndiaiḋ mórán eile laeṫe a ċaiṫeaṁ annsin do Pól, d’ḟág sé slán ag na bráiṫre, agus ṡeol sé ċun na Síre (agus Priscilla agus Aculas i n-aoinḟeaċt leis) agus rinne sé a ċeann a ḃearraḋ i gCeanċra: óir ḃí móid tugṫa aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 D’ḟan Pól mórán laeṫanta sa n-áit. Ansan d’ḟág sé slán ag na bráiṫriḃ agus ċuaid sé ar luing go Síria (agus Priscilla agus Acuila i n-aonḟeaċt leis) tar éis a ċínn a ḃearraḋ i gCencrea, mar ḃí móid aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Aċd tair éis Pól ḟuireaċ fós mórán do láeṫiḃ, do ġlac sé a ċead ag na bráiṫriḃ, agus do ċuáiḋ sé a luíng go Síria, agus do ċuáiḋ Priscilla agus Acuilas leis; tar éis a ċinn do ḃearraḋ ḋó a Gcenċreas: óir do ḃí móidġeallaḋ air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 18:18
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


Agus nuair do ċuir sé slán leo, d’imṫiġ sé suas an cnoc ċum urnaiġe do ḋéanaṁ.


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


agus do ċuireadar scríḃinn tré n‐a láṁaiḃ, Ó na h‐abstalaiḃ agus ó na bráiṫreaċaiḃ is sine ċum na mbráiṫreaċ de ṡlioċt na gCineaḋaċ i nAntuaiġ, agus i Siria, agus i gCilicia, beaṫa agus sláinte:


Agus do ċuaiḋ sé tré Ṡiria agus tré Ċilicia, ag neartú na n‐eaglais.


Agus fuair sé Iúdaċ áiriṫe annsin darḃ ainm Aculas, fear rugaḋ i bPontus, ṫáinig tamall roiṁe sin ó’n Iodáil, mar aon le n‐a ḃainċéile Priscilla, de ḃriġ gur órduiġ Claudius do na h‐Iúdaċaiḃ go léir imṫeaċt ó’n Róiṁ:


agus do ṫosnuiġ sé ar laḃairt go dána san tsionagóig. Aċt nuair d’éist Priscilla agus Aculas leis, ṫugadar leo é, agus do ṁíniġeadar sliġe an Tiġearna ní ba ċruinne ḋó.


Agus nuair do ċeap sé imṫeaċt go h‐Aċáia, ṫug na bráiṫreaċa meisneaċ ḋó, agus do scríoḃadar ċum na ndeisceabal g‐á iarraiḋ orṫa a ġlacaḋ: agus nuair ṫáinig sé, ṫug sé congnaṁ mór dóiḃ‐sean do ċreid tré ġrása:


Ar an aḋḃar sin, déan an niḋ seo adeirimíd leat: Atá ceaṫrar fear againn atá fá ḃriġ móide;


beir leat iad‐san, agus glantar ṫú i n‐éinḟeaċt leo, agus íoc as a gcostas, ċum go mbearrfaiḋ siad a gcinn: annsin béiḋ a ḟios ag gaċ duine naċ ḃfuil aon ḟírinne san méid do h‐inniseaḋ ḋóiḃ id’ ṫaoḃ; aċt go siuḃalfair féin i gceart, mar ċosantóir an reaċta.


Agus nuair ṫáinig Cuprus ’n‐ár raḋarc, d’ḟágamar ar an láiṁ ċlé é, agus do ṡeolamar go Siria, agus ṫángamar i dtír i dTuire: óir do ḃí last na luinge le díluċtú annsin.


Cuirim fá ḃur gcomairce Foíbé ár siúr, baindeoċan na h‐eaglaise i gCenċréa:


Agus do na h‐lúdaċaiḃ do ḃíos mar lúdaċ, ċum go mbuaiḋfinn na h‐lúdaiġ; do’n dream do ḃí fá’n dliġe, mar ḃéinn fá’n dliġe (giḋ naċ ḃfuilim féin fá’n dliġe), ċum go mbuaiḋfinn na daoine atá fá’n dliġe;


’N‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig mé isteaċ i gcríoċaiḃ Ṡiria agus Ċilicia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ