Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 18:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Aċt an tráṫ ’n‐a raiḃ Gallió ’n‐a ṗróconsúl i nAċáia, d’éiriġ na h‐Iúdaiġ de ṫoil a ċéile i gcoinniḃ Ṗóil, agus ṫugadar os cóṁair caṫaoireaċ an ḃreiṫeaṁnais é,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus le linn do Ġallio a beiṫ ina urċonsul ar an Aiċia, d’éiriġ na h-Iúdaiġ d’aon toil i n-aġaiḋ Ṗóil, agus ṫug siad ós cóṁair ċaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais é,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Aċ nuair a ḃí Gallió ’n-a ṗróċonsul i n-Acaía d’eiriġ na Iúdaíġ, do ṫoil a ċéile i n-aġaiḋ Ṗóil agus ṫugadar os cóṁair an t-suiḋeḃraṫa é, Agus duḃradar:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus an traṫ do ḃí Gallio na úaċdarán a Naċaía do éirġeadar na Iuduiḋe déuntoil a naġuiḋ Ṗóil, agus rugadar go caṫaóir ar ḃreiṫeaṁnuis é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 18:12
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus le linn ḃeiṫ ’n‐a ṡuiḋe ḋó i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, do ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ aon ḃaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’ḟulaingeas i mbrionglóid indiu mar ġeall air.


Ar n‐a ċlos sin do Ṗíoláid, ṫug sé Íosa amaċ, agus do ṡuiḋ sé síos san gcaṫaoir breiṫeaṁnais, i n‐áit ar a dtugtar Litostrótos, agus Gabbata i nEaḃrais.


Annsin, nuair do ċonnaic an próconsúl a raiḃ déanta, do ċreid sé, ag déanaṁ iongantais de ṫeagasc an Tiġearna.


Aċt do spreag na h‐Iúdaiġ na mná onóraċa diaḋa, agus uaisle na caṫraċ, agus do ġríosadar géirleanaṁain i n‐aġaiḋ Ṗóil agus Ḃarnabais, agus ruaigeadar as a ndúṫaiġ amaċ iad.


do ḃí i ḃfoċair an ṗróconsúil, Sergius Paulus, fear tuigseanaċ. Do ġlaoḋ seisean Barnabas agus Saul ċuige, agus ba ṁian leis briaṫar Dé do ċlos.


Aċt Elimas draoi (óir is mar sin míniġṫear a ainm), do ċuir sé ’n‐a gcoinniḃ, ag iarraiḋ an ṗróconsúil d’iompóḋ ó’n gcreideaṁ.


Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ.


Aċt na h‐Iúdaiġ do ḃí díċreideaṁnaċ, do ġríosadar na Cineaḋaiġ, agus do ṁúscladar mioscais ’n‐a h‐inntinn do na bráiṫreaċaiḃ.


Aċt nuair fuair na h‐Iúdaiġ i dTessaloníca fios scéil go raiḃ Pól ag craoḃscaoileaḋ briaṫair Dé i mBeréa, leis, ṫáinig siad annsin mar an gcéadna, ag gríosaḋ agus ag saiġdeaḋ na ndaoine.


Aċt do las éad na nIúdaċ, agus do ċruinniġeadar daoine de ḋíoġa an ṗobail, agus do ḃailiġeadar sluaġ, agus do ċuireadar an ċaṫair i n‐aċrann a ċéile; agus d’ionnsuiġeadar teaċ Iásóin, ag iarraiḋ iad‐san do ṫaḃairt amaċ ċum an ṗobail.


Agus d’ḟan sé annsin bliaḋain agus sé mí, ag teagasc briaṫair Dé ’n‐a measc.


Agus nuair do ċeap sé imṫeaċt go h‐Aċáia, ṫug na bráiṫreaċa meisneaċ ḋó, agus do scríoḃadar ċum na ndeisceabal g‐á iarraiḋ orṫa a ġlacaḋ: agus nuair ṫáinig sé, ṫug sé congnaṁ mór dóiḃ‐sean do ċreid tré ġrása:


Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.


Aċt d’ḟreagair Pól, Atáim im’ ṡeasaṁ os ċóṁair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċéasair, an áit ’n‐ar ċeart breiṫ do ṫaḃairt orm: ní ḟuil éagcóir ar biṫ déanta agam i n‐aġaiḋ na nIúdaċ, mar is eol duit féin go h‐an‐ṁaiṫ.


Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cóṁ‐roinn do ḋéanaṁ leis na boċtaiḃ atá i measc na naoṁ i nIarúsalem.


aċt eaglaisí na gCineaḋaċ go léir: agus beannuiġiḋ do’n eaglais atá ’n‐a dtiġ. Beannuiġiḋ d’Epénatus, mo ċara ionṁain, céad‐ṫoraḋ na h‐Áise do Ċríost.


Impiḋim oraiḃ, a ċáirde (atá a ḟios agaiḃ líon tiġe Steafáin, gur ab iad céad‐toraḋ Aċáia iad, agus go dtugadar iad féin ċum seirḃíse na naoṁ), go mbéiḋ siḃ uṁal d’á leiṫéidiḃ,


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, agus Timótéus ár mbráṫair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naoṁaiḃ go léir atá i nAċáia ar fad:


Mar tá fírinne Ċríost ionnam, ní ċuirfiḋ aon duine stad liom san aḋḃar maoiḋṁeaċais seo agam i gcríoċaiḃ Aċáia.


go minic ar turasaiḃ, i ngáḃaḋ aiḃne, i ngáḃaḋ ó ġadaiḋṫiḃ, i ngáḃaḋ óm’ ċineaḋ féin, i ngáḃaḋ ó na Págánaċaiḃ, i ngáḃaḋ i mbailtiḃ móra, i ngáḃaḋ san ḃfásaċ, i ngáḃaḋ mara, i ngáḃaḋ i measc bráṫar bréige;


óir is eol dom a ṫoilteanaiġe atá siḃ, go mbím ag déanaṁ maoiḋmeaċais ’n‐a ṫaoḃ asaiḃ le muinntir na Maiceadóine, go ḃfuil Aċáia ullaṁ le bliaḋain anuas: agus do ḃrostuiġ ḃur ndíoġrais an ċuid is mó aca.


Óir do rinne siḃ‐se, a ḃráiṫre, aiṫris ar eaglaisiḃ Dé i nÍosa Críost atá i nIúdaea: ó ṫárla gur ḟulaing siḃ na neiṫe céadna ó ṁuinntir ḃur dtíre féin d’ḟulaing siad‐san ó na h‐Iúdaċaiḃ:


’g‐ár gcosc ar laḃairt leis na Cineaḋaċaiḃ ċum iad do ṡlánú; ag méadú a bpeacaiḋe de ṡíor; aċt atá ḋíḃeirg tagṫa go h‐iomlán orṫa.


Aċt is aṁlaiḋ ṫugaḃar easonóir do’n duine boċt. Naċ iad na daoine saiḋḃre do‐gní leaṫtrom oraiḃ, agus naċ iad féin ṫarraingeas isteaċ i dtiġ na cúirte siḃ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ