Gníoṁarṫa 17:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)6 Agus nuair naċ ḃfuaradar iad, do ṫarraingeadar Iásón agus cuid de na bráiṫreaċaiḃ i láṫair riaġlóir na caṫraċ, g‐á ráḋ, Na daoine seo go ḃfuil an doṁan bun os cionn aca, atá siad tagṫa go dtí an áit seo, leis. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)6 Agus nuair naċ ḃfuair siad iad, ṫug siad Iason agus cuid de na bráiṫre ċuig uaċtaráin na caṫraċ, ag scairtiġ: Iad seo a ḃíos ag gríosuġaḋ na caṫraċ, ṫáinic siad annseo fosta, အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)6 Agus nuair ná fuaradar iad do rugadar Iáson agus cuid de sna ḃráiṫre i láṫair uaċtaráin na caṫaraċ, ráḋ go h-árd: ṫáinig anso, leis, an aicme seo atá ag cur na caṫaraċ tré ċéile, အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)6 Agus an tan naċ ḃfúaradar íadsan, do ṫairngeadar Iáson agus cuid áiriġe dona braiṫriḃ ċum úaċdarán na caiṫreaċ, ag éiġṁe, Iad so do ċuir an sáoġal bun os cionn ṫangadar an so mar an cceadna; အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |