Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 17:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Aċt do las éad na nIúdaċ, agus do ċruinniġeadar daoine de ḋíoġa an ṗobail, agus do ḃailiġeadar sluaġ, agus do ċuireadar an ċaṫair i n‐aċrann a ċéile; agus d’ionnsuiġeadar teaċ Iásóin, ag iarraiḋ iad‐san do ṫaḃairt amaċ ċum an ṗobail.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Aċt ṫáinic éad ar na ti-Iúdaiġ, agus ag gaḃáil droċ-ḋaoine áiriṫe as an ġraṁascar ċuca dóiḃ, ṫóg siad gleo, agus ġríosuiġ siad an ċaṫair: agus ina seasaṁ ṫart fá ṫiġ Iasoin dóiḃ, d’iarr siad iad a ṫaḃairt amaċ ċuig na daoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ansan ṫáinig éad ar na Iúdaíġ agus do ḃailíġdar as an sluaġ rainnt droċ-daoine agus ḋeineadar aċrann agus ċuireadar an ċaṫair i gcollóid. Ansan ṫánadar tímpal ar ṫiġ Iásoin agus ḃíodar a d’iarraiḋ go gcurfi amaċ ċun an ṗoḃuil iad-san.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Aċd do ġaḃ iomṫnúḋ, na Iúdaiḋe nár ċreid, agus ag cruinniuġaḋ ḋroċḋáoine airiġe agus ċorra-marguiḋ, do rinneadar cuideaċda ṁór, agus do ḃuáiḋreadar an ċaṫuir, agus tangadar a dtimċeall tiġe lásoin, ag iarruiḋ íadsan do ṫaḃairt amaċ ċum an ṗobuil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 17:5
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir do ḃí a ḟios aige gur le formad ṫugadar ar láiṁ é.


Aċt nuair do ċonnaic na h‐Iúdaiġ na sluaiġte, do líonadar d’éad, agus do ċuireadar i gcoinniḃ na neiṫe do laḃair Pól, agus ṫugadar masla ḋó.


Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ.


Aċt na h‐Iúdaiġ do ḃí díċreideaṁnaċ, do ġríosadar na Cineaḋaiġ, agus do ṁúscladar mioscais ’n‐a h‐inntinn do na bráiṫreaċaiḃ.


Aċt nuair fuair na h‐Iúdaiġ i dTessaloníca fios scéil go raiḃ Pól ag craoḃscaoileaḋ briaṫair Dé i mBeréa, leis, ṫáinig siad annsin mar an gcéadna, ag gríosaḋ agus ag saiġdeaḋ na ndaoine.


Agus nuair naċ ḃfuaradar iad, do ṫarraingeadar Iásón agus cuid de na bráiṫreaċaiḃ i láṫair riaġlóir na caṫraċ, g‐á ráḋ, Na daoine seo go ḃfuil an doṁan bun os cionn aca, atá siad tagṫa go dtí an áit seo, leis.


Do ġlac Iásón isteaċ iad: agus atáid uile ag cur i gcoinniḃ reaċta Ċéasair, g‐á ráḋ go ḃfuil rí eile ann, Íosa.


Agus nuair do ḃaineadar banna de Iásón agus de’n ċuid eile, do scaoileadar uaṫa iad.


Aċt an tráṫ ’n‐a raiḃ Gallió ’n‐a ṗróconsúl i nAċáia, d’éiriġ na h‐Iúdaiġ de ṫoil a ċéile i gcoinniḃ Ṗóil, agus ṫugadar os cóṁair caṫaoireaċ an ḃreiṫeaṁnais é,


Óir is baoġal dúinn go gcuirfear ’n‐ár leiṫ toirmeasc an lae indiu, gan aon aḋḃ r ḃeiṫ leis, agus gan ar ċumas dúinn cunntas do ṫaḃairt ar an gcruinniú so.


Agus d’ḟás éad ar na paitriárċaiḃ le Seosaṁ, gur ḋíoladar isteaċ san Éigipt é:


Beannuiġeann Timóteus, cóṁ‐ṡaoṫraiḋe liom, agus Lúcias, agus Iásón, agus Sosípatros, mo ḋaoine muinntearḋa, ḋaoiḃ.


óir cóṁḟad agus ḃíos formad agus imreasán ’n‐ḃur measc, naċ ḃfuil siḃ colnaiḋe, ag siuḃal ar nós daoine?


go minic ar turasaiḃ, i ngáḃaḋ aiḃne, i ngáḃaḋ ó ġadaiḋṫiḃ, i ngáḃaḋ óm’ ċineaḋ féin, i ngáḃaḋ ó na Págánaċaiḃ, i ngáḃaḋ i mbailtiḃ móra, i ngáḃaḋ san ḃfásaċ, i ngáḃaḋ mara, i ngáḃaḋ i measc bráṫar bréige;


ólaċán, dreaḃlas, agus a leiṫéidí eile: fógraim daoiḃ roiṁ ré, mar aduḃras liḃ ċeana, na daoine ċleaċtas a leiṫéidí sin, naċ ḃfaiġiḋ siad oiḋreaċt i ríoġaċt Dé.


Ná biḋiḋ mórḋálaċ, ag cur duḃṡláin fá n‐a ċéile, ag formad le ċéile.


Agus do rinneaḃar aiṫris orainne agus ar an Tiġearna, ó ġlacaḃar an briaṫar i ndóġrainn ṁóir, le h‐áṫas an Spioraid Naoiṁ;


Nó an measann siḃ gur díoṁaoin laḃras an scrioptúir, Is le h‐éad ṡanntuiġeas sé an spiorad do ċuir sé ’n‐a ċóṁnaiḋe ionnainn?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ