Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 17:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do ḃí cuid aca do ċreid, agus do ġaḃadar le Pól agus le Sílas; agus orṫa‐san do ḃí a lán mór de na Gréagaċaiḃ diaḋa, agus cuid nár ḃeag de na mnáiḃ uaisle.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus ċreid cuid acu, agus ċuaiḋ siad i gcumann le Pól agus Silas, agus sluaġ mór fosta de na daoine a d’aḋraḋ Dia agus de na ciniḋeaċa, agus mórán de ṁná uaisle.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus do ċreid cuid acu agus ġaḃdar le Pól agus le Sílas, agus de sna geintiḃ a ḃi diaḋa, sluaġ ana-mór, agus rainnt nár ṡuaraċ de ṁnáiḃ a ḃí uasal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ċreideadar cuid áiriġe ḋíoḃ, agus do leanadar do Ṗól agus do Ṡílas; agus mar an gcéadna mórán do Ġréugaċaiḃ cráiḃṫeaċ, agus do ṁnáiḃ uáisle níar ḃeag.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 17:4
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin aduḃairt na h‐Iúdaiġ eadorṫa féin, Cia an áit ’n‐a raċaiḋ an duine seo, agus naċ ḃfaiġimíd é? An raċaiḋ sé ċum na ndaoine atá scaipṫe i measc na nGréagaċ, leis na Gréagaiġ do ṫeagasc?


Agus nuair do cuireaḋ scaipeaḋ ar an sionagóig, do lean a lán de na h‐Iúdaċaiḃ agus de na prosélíteaċaiḃ cráiḃṫeaċa Pól agus Barnabas: do laḃradar‐san leo, g‐á spreagaḋ ċum fanaṁna i ngrás Dé.


Aċt do spreag na h‐Iúdaiġ na mná onóraċa diaḋa, agus uaisle na caṫraċ, agus do ġríosadar géirleanaṁain i n‐aġaiḋ Ṗóil agus Ḃarnabais, agus ruaigeadar as a ndúṫaiġ amaċ iad.


Agus ṫárla i nIcónium go ndeaċadar araon isteaċ i sionagóig na nIúdaċ, agus gur laḃradar ar ċuma gur ċreid sluaġ mór de na h‐Iúdaċaiḃ agus de na Gréagaċaiḃ.


Aċt d’éiriġ deiġilt idir ṁuinntir na caṫraċ; cuid aca ag cur leis na h‐Iúdaċaiḃ, agus cuid aca ag cur leis na h‐abstalaiḃ.


Annsin do ṡocruiġ na h‐abstail agus na seanóirí ar ḋaoine do ṫoġaḋ as a gcuideaċtain féin, agus a seolaḋ go h‐Antuaiġ i n‐éinḟeaċt le Pól agus le Barnabas: ba iad sin Iúdás ar a dtugaḋ Barsabbas, agus Sílas, fir tosaiġ i measc na mbráiṫreaċ:


D’á ḃriġ sin do ċuireamar Iúdás agus Sílas, agus inneosaiḋ siad féin le briaṫraiḃ béil na neiṫe céadna.


Agus Iúdás agus Sílas, ó ba fáiḋe iad féin, do spreagadar na bráiṫreaċa le mórán cainnte, agus do neartuiġeadar iad.


aċt do ṫoġ Pól Sílas, agus d’imṫiġ sé, tar a éis do na bráiṫreaċaiḃ a ċur fá ċoimirce grása an Tiġearna.


Do ḃí fonn ar Ṗól go raċaḋ seisean amaċ i n‐éinḟeaċt leis; agus do ġlac sé é agus do ṫimċeall‐ġearr sé é mar ġeall ar na h‐Iúdaċaiḃ do ḃí ins na h‐áiteannaiḃ sin: óir ḃí a ḟios aca go léir gur Ġréagaċ a aṫair.


Agus do ċuir na bráiṫreaċa Pól agus Sílas uaṫa gan ṁoill san oiḋċe, go Beréa: agus ar sroiċint dóiḃ, do ċuadar isteaċ i sionagóig na nIúdaċ.


Do ċreid mórán díoḃ‐san, agus de na mnáiḃ uaisle Gréagaċa, agus cuid nár ḃeag de na fearaiḃ.


Annsin gan ṁoill do ċuir na bráiṫreaċa Pól uaṫa i dtreo na fairrge: aċt d’ḟan Sílas agus Timóteus ’n‐a ḋiaiḋ.


D’á ḃriġ sin do ḃíoḋ sé ag diospóireaċt san tsionagóig leis na h‐Iúdaċaiḃ agus leis na daoiniḃ diaḋa, agus leo‐san do casaḋ leis gaċ lá i n‐áit an ṁargaiḋ.


agus do ċreid: orṫa‐san do ḃí Díonusios an t‐Aréopagíteaċ, agus bean darḃ ainm Damaris, agus daoine eile naċ iad.


Agus gaċ sabóid do ḃí ann ḃíoḋ sé ag pléiḋe san tsionagóig, ag iarraiḋ Gréagaiġ agus Iúdaiġ do ṫaḃairt leis.


Agus do lean mar sin ar feaḋ ḋá ḃliaḋan; i dtreo go gcuala siad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe san Áise briaṫar an Tiġearna, idir Iúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ.


Agus gaċ ar ċreid do ḃídis i gcuideaċtain a ċéile, agus ḃíoḋ gaċ niḋ aca i gcoitċinne;


agus do ġlaoḋadar, A ċlanna Israel, caḃair: Seo é an duine atá ag múineaḋ na ndaoine go léir ins gaċ áit i gcoinniḃ an ṗobail, agus i gcoinniḃ an reaċta, agus i gcoinniḃ na h‐áite seo: agus ṫairis sin, ṫug sé Gréagaiġ isteaċ san teampall, agus atá an áit naoṁṫa truailliġṫe aige.


Agus do ḃí cuid aca do ċreid an méid aduḃraḋ, agus ḃí cuid nár ċreid.


Agus ar n‐a ḃeiṫ scaoilte ḋóiḃ, ṫángadar ċum a muinntire féin, agus d’inniseadar dóiḃ gaċ a nduḃairt na h‐árd‐ṡagairt agus na seanóirí leo.


agus sin, ní h‐é mar ḃíomar ag súil leis, aċt ar dtús go dtugadar iad féin do’n Tiġearna, agus dúinne de ṫoil Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ