Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 17:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Aċt nuair do‐ċualadar tráċt ar aiséirġe na marḃ, do ḃí cuid aca do‐rinne magaḋ; aċt ḃí cuid eile aduḃairt, Éistfimíd leat uair éigin eile ’n‐a ṫaoḃ sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Agus nuair a ċuala siad fá eiséirġe na marḃ, rinne cuid acu magaḋ faoi: aċt duḃairt cuid eile: Éistfimíd leat arís fá’n ċeist seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Aċ nuair airíġdar an aiseiriġe ó sna mairḃ ċrom cuid acu ar ṁagaḋ ḋéanaṁ, agus duḃairt cuid acu: Éistfimíd leat uair éigin eile i dtaoḃ an sgéil sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Aċd an tan do ċúáladarsan dó eiséiriġe na marḃ, do rinneadar cuid díoḃ fonáṁad: aċd a duḃradar cuid eile, Eisdfeam riot a rís ḋá ṫáoḃ so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 17:32
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫosnuiġeadar go léir d’aon ġuṫ, ar a leiṫscéal do ġaḃáil. Aduḃairt an ċéad duine leis, Atá giota talṁan ceannuiġṫe agam agus ní mór dom dul agus é d’ḟeicsin: iarraim ort mo leiṫscéal do ġaḃáil.


Agus na fir go raiḃ Íosa fá ġreim aca, do ḃíodar ag déanaṁ magaiḋ faoi, agus g‐á ḃualaḋ.


Agus do‐rinne Ioruaṫ agus a ċuid saiġdiúir fonoṁaid faoi, agus ṫugadar tarcuisne ḋó, agus do ċuireadar éadaċ geal air, agus do ċuireadar ar ais ċum Píoláid é.


Agus do ḃí na saiġdiúirí, mar an gcéadna, ag magaḋ faoi, ag teaċt ċuige, ag tairgsin ḃínéagra ḋó,


Féaċaiḋ, a luċt tarcuisne, déanaiḋ iongnaḋ, agus téiġeaḋ siḃ i n‐éag; Óir atá obair d’á déanaṁ agam ’n‐ḃúr laeṫiḃ, Obair naċ gcreidfeaḋ siḃ, dá n‐innsiġeaḋ duine ḋaoiḃ é.


Agus do ḃíoḋ cuid d’ḟeallsaṁnaiḃ na nEpicúraċ agus na Stóiceaċ ag conspóid leis. Agus aduḃairt cuid aca, Créad atá le ráḋ ag an duine cainnteaċ so? Aduḃairt cuid eile, Is cosṁail gur duine é atá ag fógairt déiṫe coiṁiġṫeaċ: toisc go raiḃ sé ag innsint i dtaoḃ Íosa agus i dtaoḃ an aiséirġe.


de ḃriġ go ḃfuil lá ceapṫa aige ’n‐a dtiuḃraiḋ sé breiṫeaṁnas de réir cirt ar an saoġal tríd an ḃfear atá réaṁ‐órduiġṫe aige; agus do ḋearḃuiġ sé é do gaċ uile ḋuine, g‐á ṫógáil ó na marḃaiḃ.


D’imṫiġ Pól uaṫa mar sin. Aċt do ḃí fir áiriṫe do ċlaoiḋ leis,


Aċt ḃí cuid aca ag magaḋ aduḃairt, Lán d’ḟíon úr atá siad.


Aċt ag tráċt dó ar ḟíréantaċt, agus ar ṁeasarḋaċt, agus ar an mbreiṫeaṁnas a ḃí le teaċt, do scannruiġ Féilics, agus aduḃairt sé, Imṫiġ leat anois; agus nuair ḃéas uain agam, cuirfead fios ort.


aċt do ḃí ceisteanna áiriṫe ḃaineas le ’n‐a gcreideaṁ féin aca ’n‐a aġaiḋ, agus i dtaoḃ Íosa éigin, fuair bás, go nduḃairt Pól go raiḃ sé beo.


Cad ċuige a measann siḃ gur dí‐ċreidte an niḋ go n‐aiṫḃcoḋann Dia na mairḃ?


fógraimíd‐ne Críost, agus é céasta, ’n‐a ċeap tuisliḋ do na h‐lúdaċaiḃ, agus ’n‐a ḋíṫ‐céille do na Gréagaċaiḃ;


Anois, má fógarṫar Críost gur éiriġ sé ó na marḃaiḃ, cionnas adeir cuid agaiḃ naċ ḃfuil aiséirġe na marḃ ann?


Atáimíd ’n‐ár n‐amadánaiḃ ar son Ċríost, aċt atá siḃ‐se céilliḋe i gCríost, atáimíd‐ne lag, aċt atá siḃ‐se tréan; atá árd‐ṁeas oraiḃ‐se aċt atá droċ‐ṁeas orainne.


Óir duḃairt sé, I n‐am oireaṁnaċ d’éisteas leat, Agus i ló an tslánuiġṫe do ċaḃruiġeas leat. Féaċ, anois an t‐am oireaṁnaċ; féaċ, anois lá an tslánuiġṫe; gan aḋḃar tuisliḋ do ṫaḃairt d’aon duine,


do fróṁaḋ cuid eile aca le magaḋ agus le sciúrseaḋ, le cuiḃreaċaiḃ agus le príosún:


D’á ḃriġ sin imṫiġmís amaċ as an gcampa ċuige, ag iomċar a ṁasla.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ