Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 17:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 de ḃriġ go ḃfuil lá ceapṫa aige ’n‐a dtiuḃraiḋ sé breiṫeaṁnas de réir cirt ar an saoġal tríd an ḃfear atá réaṁ‐órduiġṫe aige; agus do ḋearḃuiġ sé é do gaċ uile ḋuine, g‐á ṫógáil ó na marḃaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Óir leag sé amaċ lá ina dtaḃarfaiḋ sé breiṫeaṁnas cóir ar an tsaoġal, tríd an ḟear a d’órduiġ sé, agus ṫug sé creideaṁ ann-san do na h-uile ḋaoine, tré n-a ṫógáil ó ṁarḃaiḃ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Mar go ḃfuil lá ceapaiṫe aige ċun ḃreiṫeaṁantais a ṫaḃairt ar an ndoṁan do réir ċirt, tríd an ḃfear atá ceapaiṫe aige, ag taḃairt creidiṁ do gaċ aon duine, mar gur ṫóg sé ó sna mairḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Ar an aḋḃar gur órduiġ sé lá, an a mbéura sé breaṫ ċoṁṫrom ar a tsáoġal tres an ḃfear úd do órduiġ sé; agus mar ḋearḃaḋ ar so do nuile ḋuine, ṫóg sé súas ó ṁarḃuiḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 17:31
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is fearr go mór éireoċas le tír Ṡodom agus Ġomorra, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná leis an gcaṫair sin.


Agus craoḃscaoilfear an soiscéal so na ríoġaċta ar fud an doṁain uile mar ḟiaḋnaise do na ciniḋeaċaiḃ go léir; agus annsin tiocfaiḋ an deireaḋ.


Óir atá Mac an Duine ag imṫeaċt go cinnte, fá mar atá órduiġṫe: aċt is mairg do’n duine sin tré n‐a mbraiṫtear é!


An té ḋiúltas dom, agus naċ nglacann lem’ ḃriaṫraiḃ, atá aige an té do‐ḃeir breiṫ air: an briaṫar aduḃart‐sa, do‐ḃéarfaiḋ an briaṫar sin breiṫ air an lá déiḋeannaċ.


i dtaoḃ an ċirt, toisc go ḃfuilim ag dul ċum m’Aṫar, agus naċ ḃfeicfiḋ siḃ feasta mé;


agus ṫug sé uġdarás dó ċum breiṫ do ḋéanaṁ, toisc gur ab é Mac an Duine é.


Agus do ḃíoḋ cuid d’ḟeallsaṁnaiḃ na nEpicúraċ agus na Stóiceaċ ag conspóid leis. Agus aduḃairt cuid aca, Créad atá le ráḋ ag an duine cainnteaċ so? Aduḃairt cuid eile, Is cosṁail gur duine é atá ag fógairt déiṫe coiṁiġṫeaċ: toisc go raiḃ sé ag innsint i dtaoḃ Íosa agus i dtaoḃ an aiséirġe.


Aċt nuair do‐ċualadar tráċt ar aiséirġe na marḃ, do ḃí cuid aca do‐rinne magaḋ; aċt ḃí cuid eile aduḃairt, Éistfimíd leat uair éigin eile ’n‐a ṫaoḃ sin.


Agus nuair naċ ḃfuaradar iad, do ṫarraingeadar Iásón agus cuid de na bráiṫreaċaiḃ i láṫair riaġlóir na caṫraċ, g‐á ráḋ, Na daoine seo go ḃfuil an doṁan bun os cionn aca, atá siad tagṫa go dtí an áit seo, leis.


Ba é an t‐Íosa so do ṫóg Dia suas, agus is fiaḋnaiḋṫe sinne uile air.


bíoḋ a ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, an té do ċroċaḃair‐se, an té do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a ṡeasaṁ slán os ḃúr gcóṁair.


nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiuḃraiḋ Dia breiṫ ar rúnaiḃ na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo ṡoiscéil‐se.


Aċt do réir do ḋúine agus do ċroiḋe aindiuidiġ atáir ag cur feirge i dtaisce ḋuit féin fá ċóṁair lae na diḃeirge, nuair foillseoċar ceart‐ḃreiṫeaṁnas Dé:


D’á ḃriġ sin ná taḃraiḋ breiṫeaṁnas i gcúis ar biṫ roiṁ an am, nó go dtagiḋ an Tiġearna ḃéarfas ċum an tsolais neiṫe atá foluiġṫe fá ḋorċadas, agus noċtfas rúin na gcroiḋṫe; annsin ġeoḃas gaċ duine a ṁolaḋ féin ó Ḋia.


Óir caiṫfimíd uile dul i láṫair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċríost; ċum go ḃfaiġeaḋ gaċ aoinneaċ cúiteaṁ a ndearna sé san gcolainn, do réir a ġníoṁarṫa, cia aca maiṫ nó olc iad.


Cuirim d’aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost, ḃéarfas breiṫ ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ, agus i n‐ainm a ṫaisbeánta agus a ríoġaċta;


agus teagaisc fá ḃaisteaḋ, agus fá leagaḋ láṁ, agus fá aiséirġe na marḃ, agus fá’n mbreiṫeaṁnas síorraiḋe.


gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ