Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 17:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 An Dia do‐rinne an doṁan agus a ḃfuil ann, ó’s é Tiġearna neiṁe agus talṁan é, ní ċóṁnuiġeann sé i dteampallaiḃ do‐rinneaḋ le láṁaiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Dia, a rinne an doṁan agus gaċ níḋ dá ḃfuil ann, de ḃríġ gurab é Tiġearna neiṁe agus talaiṁ é, ní ċóṁnuiġeann sé i dteampaill láiṁ-ḋéanta,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Dia, a ḋein an doṁan agus gaċ a ḃfuil ann, ó ’sé Tiġearna neiṁe agus talṁan é, ní ċóṁnuiġeann sé i dteampallaiḃ a deineaḋ le láṁaiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Oír ní ḋeannann an Día do rinne an doṁan agus gaċ uile ni ḋá ḃfuil ann, ar mbeiṫ ḋó na Ṫiġearna ar neaṁ agus talaṁ, coṁnuiḋe a dteampluiḃ láiṁ-ḋéanta;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 17:24
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ins an am sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Molaim ṫú, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do naoiḋeanaiḃ iad:


aċt adeirim‐se liḃ gan dearḃú ar ċor ar biṫ; gan dearḃú dar neaṁ, mar is í ríoġ‐ċaṫaoir Dé í;


Le linn na h‐uaire céadna sin do líonaḋ é de ġáirdeaċas mór tríd an Spiorad Naoṁ, agus aduḃairt sé, Do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe sin ar Luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do leanḃaiḃ iad: do‐rinnis é, a Aṫair; óir ba é do ṫoil féin é.


Ar dtús do ḃí an Briaṫar ann, agus ḃí an Briaṫar i ḃfoċair Dé, agus do b’é Dia an briaṫar.


ag liúġaḋ agus g‐á ráḋ, A ḋaoine, créad do b’áil liḃ a leiṫéid sin do ḋéanaṁ? Daoine go ḃfuil an nádúir ċéadna againn agus atá agaiḃ féin, is eaḋ sinne, agus atáimíd ag taḃairt deaġ‐scéala ḋaoiḃ, go gcaiṫfiḋ siḃ iompóḋ ó na neiṫiḃ baoṫa sin ċum Dé ḃí, do ċruṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus muir, agus a ḃfuil ionnta:


Agus nuair do‐ċualadar san é, d’árduiġeadar a nglór d’aon toil ċum Dé, agus aduḃradar, A Ṫiġearna, is tusa do‐rinne neaṁ, agus talaṁ, agus muir agus a ḃfuil ionnta:


Ní i dtiġ do rinneaḋ le láṁaiḃ, áṁ, ċóṁnuiġeas an Té is Áirde; mar adeir an fáiḋ,


óir is léir dóiḃ gaċ eolas ar Ḋia atá le fáġáil; mar rinne Dia soiléir dóiḃ é.


aċt do laḃair sé linne ins na laeṫaiḃ deireannaċa so tré n‐a Ṁac, do ċinn sé mar oiḋre ar a ḃfuil ann, tré n‐ar ċruṫuiġ sé an doṁan, leis.


Óir do ṫóg duine éigin gaċ teaċ; aċt is é Dia do ṫóg gaċ a ḃfuil ann.


Agus do ċonnacas riġ‐ċaṫaoir ṁór, ġeal, agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe innti, gur ṫeiċ an talaṁ agus neaṁ ó n‐a ġnúis; agus ní raiḃ áit le fáġáil dóiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ