Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 17:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus na daoine go raiḃ Pól fá n‐a gcúram aca ṫugadar leo é ċóṁ fada le Caṫair na h‐Aiṫne: agus tar éis teaċtaireaċt ċum Sílas agus ċum Timóteus d’ḟáġáil ag iarraiḋ orṫa teaċt ċuige ċóṁ luaṫ agus d’ḟéadfaidís, d’imṫiġeadar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus iad sin a ḃí ag comóraḋ Ṗóil, ṫreoruiġ siad go Caṫair na h-Aiṫne é, agus nuair a fuair siad órduġaḋ uaiḋ do Ṡilas agus do Ṫimoteus teaċt ċuige cóṁ luaṫ agus a b’ḟéidir dóiḃ, d’imṫiġ siad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus an ṁuinntir a ċuaid le Pól do rugadar go dtí Aténé é, agus ṫug sé órdú ḋóiḃ le táḃairt do Sílas agus do Ṫimoteus ’ġá rád leó teaċt ag triall air láiṫreaċ, agus ġluaiseadar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus an ċuideaċda do ċuáiḋ lé Pól do ṫréoraiġeadar é go caṫuir na Haiṫne: agus ar ḃfaġáil áiṫne ḋóiḃ ċum Sílais agus Ṫimotéus do ċum go dtiocfaidís mar is luáiṫe do ḟéudfaidis ċuige, dimṫiġeadar rompa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 17:15
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’imṫiġeadar, mar sin, agus luċt na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ġaḃadar tré Ḟoinicia agus tré Ṡamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuiġeaḋ na Cineaḋaċa: agus do ċuireadar áṫas mór ar na bráiṫreaċaiḃ go léir.


Annsin gan ṁoill do ċuir na bráiṫreaċa Pól uaṫa i dtreo na fairrge: aċt d’ḟan Sílas agus Timóteus ’n‐a ḋiaiḋ.


An ḟaid do ḃí Pól ag fanaṁain leo i gCaṫair na h‐Aiṫne, do ḃí a spioraid d’á corrú ann, agus é ag féaċain ar an gcaṫair agus í lán d’íoḋalaiḃ.


(Óir n’ raiḃ de ċaiṫeaṁ aimsire ag luċt na h‐Aiṫne agus ag na coiṁṫiġeaċaiḃ do ḃíoḋ ’n‐a gcóṁnaiḋe annsin, aċt ḃeiṫ ag innsin nó ag clos niḋ úr‐nua éigin.)


Agus do ṡeas Pól i lár an Aréopaguis, agus aduḃairt sé, A ṁuinntear Ċaṫraċ na h‐Aiṫne, do‐ċím go ḃfuil siḃ, ins gaċ sliġe, an‐ċráiḃṫeaċ.


I n‐a ḋiaiḋ sin d’imṫiġ sé ó Ċaṫair na h‐Aiṫne, agus ṫáinig sé go Coirinnt.


Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.


Ar an aḋḃar sin, nuair nárḃ ḟéidir linn foiḋneaṁ níb’ ḟaide, do ċeapamar go mba ċeart dúinn fanaṁain ’n‐ár n‐aonar i gCaṫair na hAiṫne:


Nuair ċuirfead Artemas ċugat, nó Tiċicus, déan do ḋíċeall ċum teaċt ċugam go Nicopolis; óir is ann atá ceapṫa agam an geiṁreaḋ do ċur ṫarm.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ