Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 17:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Annsin gan ṁoill do ċuir na bráiṫreaċa Pól uaṫa i dtreo na fairrge: aċt d’ḟan Sílas agus Timóteus ’n‐a ḋiaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus annsin, ar an ḃall, ċuir na bráiṫre Pól ar ṡiuḃal, go dtéiġeaḋ sé go dtí an ḟairrge: aċt d’ḟan Silas agus Timoteus annsin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Ansan, go tapaiḋ, ċuir na bráiṫre Pól ċun na farraige; aċ d’ḟan Sílas agus Tímoteus sá n-áit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Aċd do ċuireadar na bríaṫre Pól úaṫa ar an mball aṁail as go raċaḋ sé ar fairrge: aċd dfan Sílas agus Timotéus ann sin na gcoṁnuiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 17:14
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ nuair déanfar géir‐leanaṁain oraiḃ i n‐aon ċaṫair, teiċiḋ isteaċ sa gcéad ċaṫair eile: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ḃéiḋ deireaḋ ḃúr dturais i gcaṫraċaiḃ Israel déanta agaiḃ sara dtiocfaiḋ Mac an Duine.


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


Annsin do ṡocruiġ na h‐abstail agus na seanóirí ar ḋaoine do ṫoġaḋ as a gcuideaċtain féin, agus a seolaḋ go h‐Antuaiġ i n‐éinḟeaċt le Pól agus le Barnabas: ba iad sin Iúdás ar a dtugaḋ Barsabbas, agus Sílas, fir tosaiġ i measc na mbráiṫreaċ:


Agus ṫáinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féaċ, do ḃí deisceabal annsin, darḃ ainm Timóteus, mac mná Iúdaiġe go raiḃ an creideaṁ aici; aċt ba Ġréagaċ a aṫair.


Agus do ċuir na bráiṫreaċa Pól agus Sílas uaṫa gan ṁoill san oiḋċe, go Beréa: agus ar sroiċint dóiḃ, do ċuadar isteaċ i sionagóig na nIúdaċ.


Agus na daoine go raiḃ Pól fá n‐a gcúram aca ṫugadar leo é ċóṁ fada le Caṫair na h‐Aiṫne: agus tar éis teaċtaireaċt ċum Sílas agus ċum Timóteus d’ḟáġáil ag iarraiḋ orṫa teaċt ċuige ċóṁ luaṫ agus d’ḟéadfaidís, d’imṫiġeadar.


Agus do ḃí cuid aca do ċreid, agus do ġaḃadar le Pól agus le Sílas; agus orṫa‐san do ḃí a lán mór de na Gréagaċaiḃ diaḋa, agus cuid nár ḃeag de na mnáiḃ uaisle.


Agus nuair naċ ḃfuaradar iad, do ṫarraingeadar Iásón agus cuid de na bráiṫreaċaiḃ i láṫair riaġlóir na caṫraċ, g‐á ráḋ, Na daoine seo go ḃfuil an doṁan bun os cionn aca, atá siad tagṫa go dtí an áit seo, leis.


Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.


Agus tar a éis dó beirt díoḃ‐san do ḃíoḋ ag freastal dó, Timóteus agus Erastus do ċur go dtí an Ṁaiceadóin, d’ḟan sé féin tamall san Áise.


Agus tar éis trí mí do ċaiṫeaṁ annsin do ċeap na h‐Iúdaiġ cóiṁċealg ’n‐a aġaiḋ, agus é ar tí imṫeaċta go Siria, agus do ṡocruiġ sé ar ḟilleaḋ tríd an Ṁaiceadóin.


aċt do ṫóg a ḋeisceabail é san oiḋċe, agus do ċuireadar síos é tríd an mballa, g‐a leigin síos i gciseán.


Agus nuair fuair na bráiṫre fios ’n‐a ṫaoḃ sin, ṫugadar síos go Céasaria é, agus do ċuireadar as sin go Társus é.


D’impiḋeas ort fanaṁain i nEiféis, agus mé ag imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, ċum fógraḋ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ áiriṫe gan aṫrú teagaisc do ṁúineaḋ,


Is é seo an fáṫ gur ḟágas san Ċréit ṫu, ċum go gcuirfeá i dtreo na neiṫe do ḃí gan déanaṁ, agus ċum seanóirí d’órdú ins gaċ caṫair; fá mar d’órduiġeas duit:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ