Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 17:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus ḃíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ġlacadas an briaṫar go díoġraiseaċ, ag cuardaċ na scrioptúir gaċ lá d’ḟéaċain an raiḃ na neiṫe sin aṁlaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus b’uaisle iad seo ná muinntir na Teasalonaice, agus ġaḃ siad an briaṫar ċuca fá lán-ḋúṫraċt, agus iad ag scrúduġaḋ na Scrioptúirí gaċ uile lá, féaċaint arḃ aṁlaiḋ ḃí na neiṫe seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus ḃíodar so níos uaisle ’ná muinntir Ṫesaloníca, agus do ġlacadar an briaṫar le lán-díogras, agus ḃídís coitċianta ag cuardaċ na Scriptiúiri féaċaint an mbíoḋ san aṁlaid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus dob uáisle na Híuduiḋe sin na an ṁuinntir do ḃí a Dtessalonica, agus do ġaḃadar an ḃríaṫar go ro lúṫġáireaċ ċuca, ag cúartuġaḋ na sgríobtúireaḋ gaċ éun lá, dá ḟéuċuin an mar sin do ḃádar na neiṫesin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 17:11
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an duine ’n‐ar cuireaḋ an síol sa talaṁ maiṫ, is é sin an té do‐ċluin an briaṫar, agus ṫuigeas é; agus do‐ḃeir toraḋ uaiḋ, cuid de fá ċéad, cuid de fá ṫrí fiċid, cuid de fá ṫrioċaid.


de réir mar atá siad taḃarṫa ḋúinn aca‐san dc ċonnaic ó ṫosaċ le n‐a súiliḃ iad, agus do ḃí ’n‐a seirḃíseaċaiḃ do’n ḃriaṫar,


Taḃair ḋúinn ár n‐arán le h‐aġaiḋ an lae.


Aċt aduḃairt Abraċam, Atá Maois agus na fáiḋe aca; éistidís leo‐san.


Agus aduḃairt sé leo, Is iad so na briaṫra do laḃras liḃ, an ḟaid do ḃíos fós ’n‐ḃúr ḃfoċair, gurḃ éigean gaċ a ḃfuil scríoḃṫa i reaċt Ṁaoise, agus ins na fáiḋiḃ, agus ins na salmaiḃ, im’ ṫaoḃ‐sa, do ċóiṁlíonaḋ.


Aċt an té ċleaċtas an ḟírinne tig sé ċum an tsolais, ċum go ḃfoillseoċaiḋe a ġníoṁarṫa, go ndearnaḋ iad i nDia.


Cuarduiġeann siḃ na scrioptúirí, óir measann siḃ gur ab ionnta atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe agaiḃ; agus is iad sin do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa;


Ar an aḋḃar sin do ċuireas fios ort‐sa; agus is maiṫ do‐rinnis agus teaċt. Sin é an fáṫ go ḃfuilmíd uile láiṫreaċ annso i ḃfiaḋnaise Dé, ċum ḃeiṫ ag éisteaċt le gaċ ar órduiġ Dia ḋuit a ráḋ.


Agus do‐ċuala na h‐abstail agus na bráiṫre do ḃí i nIúdaea go ḃfuair na Cineaḋaiġ féin briaṫar Dé.


Annsin, ag gaḃáil tré Amfipolis agus tré Apollónia ḋóiḃ, ṫángadar go Tessaloníca, mar a raiḃ sionagóg ag na h‐Iúdaċaiḃ:


Do baisteaḋ iad‐san do ġlac le n‐a ḃriaṫar: agus do cuireaḋ leo an lá sin tuairim trí míle anam.


Agus do rinneaḃar aiṫris orainne agus ar an Tiġearna, ó ġlacaḃar an briaṫar i ndóġrainn ṁóir, le h‐áṫas an Spioraid Naoiṁ;


Ar an aḋḃar sin do‐ḃeirimíd buiḋeaċas gan stad do Ḋia, de ḃriġ, nuair ġlacaḃar briaṫar teaċtaireaċta Dé uainn, gur ġlacaḃar é, ní mar ḃriaṫar daoine, aċt (mar is é go fírinneaċ) mar ḃriaṫar Dé oibriġeas ionnaiḃ‐se ċreideas.


agus le gaċ ceilg dá gcuireann an cuirpṫeaċt ar an dream d’á ḃfuil an scrios i ndán; toisc nár ġlacadar gráḋ na fírinne, ċum go slánóċaiḋe iad.


Uime sin, ag cur gaċ neaṁ‐ġlaine agus droċ‐aigne iomarcaiġe ḋíḃ, glacaiḋ le ceannsaċt an briaṫar atá plannduiġṫe ionnaiḃ, ḟéadas ḃur n‐anmanna do ṡlánú.


agus gaċ fuar‐ċráḃaḋ, agus éad, agus gaċ bíodán, agus, mar ḋéanfaḋ naoiḋeanáin nua‐ḃeirṫe, cuiriḋ dúil san mbainne spioradálta úr‐ġlan, gan cealg, ċum go ḃfásfaiḋ siḃ ċum slánuiġṫe d’á ḃárr;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ