Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 17:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin, ag gaḃáil tré Amfipolis agus tré Apollónia ḋóiḃ, ṫángadar go Tessaloníca, mar a raiḃ sionagóg ag na h‐Iúdaċaiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus nuair a ċuaiḋ siad fríd an Aimfiopoil agus an Apallóin, ṫáinic siad ċun na Teasalonaice, mar a raiḃ sineagóg Iúdaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ansan do ṡiúḃluíġdar Amṗipolis agus Apollónia, agus ṫánadar go Tesaloníca, áit ’na raiḃ sinagóg leis na Iúdaíġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus ar nimṫeaċd tré Amṗípolis agus tré Apollonia ḋóiḃ, tangadar go Tessalónica, mar a raiḃ sinagóg ag na Iúduiḋiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 17:1
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫárla i nIcónium go ndeaċadar araon isteaċ i sionagóig na nIúdaċ, agus gur laḃradar ar ċuma gur ċreid sluaġ mór de na h‐Iúdaċaiḃ agus de na Gréagaċaiḃ.


Óir ó’n aimsir i ḃfad i gcéin, atá ag Maois ins gaċ caṫair a ṡeanmóiriḋṫe féin, agus é d’á léiġeaḋ gaċ sabóid ins na sionagógaiḃ.


Agus do ċuamar amaċ an geata lá na sabóide cois aḃann, mar ar ċeapamar go raiḃ áit urnaiġṫe; agus ’n‐ár suiḋe ḋúinn, do ḃíomar ag laḃairt leis na mnáiḃ do ḃí cruinniġṫe ann.


Agus do ċuir na bráiṫreaċa Pól agus Sílas uaṫa gan ṁoill san oiḋċe, go Beréa: agus ar sroiċint dóiḃ, do ċuadar isteaċ i sionagóig na nIúdaċ.


Agus ḃíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ġlacadas an briaṫar go díoġraiseaċ, ag cuardaċ na scrioptúir gaċ lá d’ḟéaċain an raiḃ na neiṫe sin aṁlaiḋ.


Aċt nuair fuair na h‐Iúdaiġ i dTessaloníca fios scéil go raiḃ Pól ag craoḃscaoileaḋ briaṫair Dé i mBeréa, leis, ṫáinig siad annsin mar an gcéadna, ag gríosaḋ agus ag saiġdeaḋ na ndaoine.


Agus do ċuaiḋ ’n‐a ċuideaċtain ċóṁ fada leis an Áise Sópater Ṗirris ó Ḃeréa; agus Aristárċus agus Secundus, Tessalónaiġ; agus Gáius ó Ḋerbé, agus Timóteus; agus Tuċicus agus Trofimus na h‐Áise.


Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do ḃí d’á seolaḋ le taoḃ cósta na h‐Áise, d’imṫiġeamar ar an ḃfairrge, agus Aristárċus, Maiceadónaċ ó Ṫessalónica, i n‐éinḟeaċt linn.


aċt siḃ‐se aṁáin; óir i dTesaloníca féin dom do ċuir siḃ congnaṁ ċugam uair nó dó le h‐aġaiḋ mo riaċtanais.


Pól, agus Silḃánus, agus Timóteus, ċum eaglaise na dTesaloníceaċ i nDia an tAṫair, agus san Tiġearna Íosa Críost: Grása agus síoṫċáin daoiḃ.


aċt tar á éis dúinn fulang roiṁe sin, agus masla náireaċ d’ḟáġáil i ḃFilipí, mar tá a ḟios agaiḃ, gur éiriġeamar dána ’n‐ár nDia ċum soiscéal Dé do ṡeanmórú ḋaoiḃ i lár toirmisc ṁóir.


Pól, agus Silḃánus, agus Timóteus ċum eaglaise na dTesaloníceaċ i nDia ár nAṫair agus san Tiġearna Íosa Críost:


óir do ṫréig Démas mé tré ġráḋ do’n tsaoġal láiṫreaċ so, agus atá sé imṫiġṫe go Tesaloníca; atá Crescens imṫiġṫe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ