Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 16:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus do ċonnaic Pól aisling san oiḋċe; Do ḃí fear ó’n Maiceadóin ’na ṡeasaṁ, ag cur impiḋe air, agus g‐á ráḋ, Tar anall go dtí an Ṁaiceadóin, agus caḃruiġ linne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Agus taisbeánaḋ taiḋḃreaṁ san oiḋċe do Ṗól: fear áiriṫe as an Ṁaicideoin a ḃí ina ṡeasaṁ, agus ġá ġuiḋe, agus ag ráḋ: Tar trasna ċun na Maicideoine, agus cuidiġ linn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 agus do taisbeánaḋ aisling do Pól sa n-oiḋċe; fear ó Ṁacedonia n-a ṡeasaṁ, agus é ’ġá ġuiḋe, agus deireaḋ sé: Tar anall go Macedonia agus caḃruiġ linne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus do ċonncas do Ṗóla dtaiḋḃsi sa noiḋċe; Duine áiríġe ó Ṁacedónia na ṡeasaṁ, dá ġuiḋe, agus ag ráḋ, Tárr go Macedónia, agus taḃuir caḃuir ḋúinne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 16:9
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do taiḋḃriġeaḋ ḋó go soiléir, tuairim na naoṁaḋ h‐uaire de’n lá, aingeal Dé ag teaċt ċuige isteaċ, g‐á ráḋ leis, A Ċornéliuis.


Agus aduḃairt Cornélius, Ceiṫre lá ó ṡoin, go dtí an uair seo, do ḃíos ag guiḋe ar an naoṁaḋ h‐uair im’ ṫiġ: agus féaċ, do ḃí fear ’n‐a ṡeasaṁ im’ ḟiaḋnaise agus éadaċ geal air,


Agus nuair do ċonnaic sé an aisling, do ċeapamar ar an láṫair imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, agus a ḋeiṁin againn gur ġlaoḋ Dia orainn an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ ḋóiḃ ann.


agus as sin go Pilippí, príoṁ‐ċaṫair an ċeanntair sin de’n Ṁaiceadóin, coilíneaċt Róṁánaċ: agus d’ḟanamar san gcaṫair sin tamall beag.


Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.


Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.


Agus tar a éis dó beirt díoḃ‐san do ḃíoḋ ag freastal dó, Timóteus agus Erastus do ċur go dtí an Ṁaiceadóin, d’ḟan sé féin tamall san Áise.


Agus do ḃí an ċaṫair tré ċéile le clampar: agus do riṫeadar i n‐éinḟeaċt isteaċ san téatar, agus greim aca ar Ġáius agus ar Aristárċus, beirt ó’n Ṁaiceadóin, comrádaiḋṫe siuḃail do Ṗól.


Nuair do ḃí deireaḋ leis an toirmeasc, do ċuir Pól fios ar na deisceablaiḃ, agus ṫug sé deaġ‐ċóṁairle ḋóiḃ, agus d’ḟág sé slán aca, agus d’imṫiġ sé le triall ar an Ṁaiceadóin.


Agus tar éis trí mí do ċaiṫeaṁ annsin do ċeap na h‐Iúdaiġ cóiṁċealg ’n‐a aġaiḋ, agus é ar tí imṫeaċta go Siria, agus do ṡocruiġ sé ar ḟilleaḋ tríd an Ṁaiceadóin.


Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do ḃí d’á seolaḋ le taoḃ cósta na h‐Áise, d’imṫiġeamar ar an ḃfairrge, agus Aristárċus, Maiceadónaċ ó Ṫessalónica, i n‐éinḟeaċt linn.


Agus ó ḃí Lidda i ngar do Ióppé, ar n‐a ċlos do na deisceablaiḃ go raiḃ Peadar san áit sin, do ċuireadar beirt deisceabal ċuige, d’iarraiḋ d’aṫċuinge air teaċt ċuca gan ṁoill.


Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cóṁ‐roinn do ḋéanaṁ leis na boċtaiḃ atá i measc na naoṁ i nIarúsalem.


agus nuair do ḃíos ’n‐ḃur láṫair, agus mé i ngáḃatar, ní raḃas mar ualaċ ar aon duine; óir na bráiṫre, ag teaċt ó’n Maiċeadóin dóiḃ, ṫugadar dom gaċ a raiḃ i n‐éasnaṁ orm; agus ar gaċ sliġe do ċoisceas mé féin ar ḃeiṫ mar ualaċ oraiḃ, agus coiscfead.


Agus mar ġeall ar ḟeaḃas na dtaiḋḃreaḋ sin, ar eagla go mbéaḋ móráil ṫar fóir orm, tugaḋ ḋom dealg san ḃfeoil, teaċtaire Ṡátain ċum mo ċiapṫa, ċum naċ ndéanfainn mórtas ṫar fóir.


Óir, ar dteaċt san Maiceadóin dúinn, ní raiḃ suaiṁneas colna againn, aċt do ḃíomar go buaiḋearṫa ar gaċ leiṫ; bruiġeanta ar an taoḃ amuiġ, eagla ar an taoḃ istiġ.


Anois, a ḃráiṫre, ba ṁaiṫ liom grása Dé tugaḋ i n‐eaglaisiḃ na Maiceadóine do ċur i n‐iúl daoiḃ:


óir is eol dom a ṫoilteanaiġe atá siḃ, go mbím ag déanaṁ maoiḋmeaċais ’n‐a ṫaoḃ asaiḃ le muinntir na Maiceadóine, go ḃfuil Aċáia ullaṁ le bliaḋain anuas: agus do ḃrostuiġ ḃur ndíoġrais an ċuid is mó aca.


agus go deiṁin, is é sin an rud atá d’á ḋéanaṁ agaiḃ i dtaoḃ na mbráṫar uile atá san Maiceadóin ar fad. Aċt impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, dul ar aġaiḋ níos dúṫraċtaiġe ’ná ariaṁ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ