Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 16:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus ṫug sé isteaċ ’n‐a ṫiġ iad, agus do ċuir sé biaḋ rómpa, agus do‐rinne sé féin agus muinntear a ṫeaġlaiġ go léir gáirdeaċas mór, agus é ag creideaṁain i nDia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus nuair a ṫug sé ċun a ṫiġe féin iad, ċuir sé biaḋ ós a gcóṁair, agus ḃí lúṫġáir air féin agus ar a ṫeaġlaċ go léir, agus é ag creidḃeáil i nDia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 agus ṫug sé isteaċ ’n-a ṫiġ féin iad agus ċuir sé na suiḋe ċun búird iad, agus ḃí gáirdeaċas air féin agus an a ṫeaġlaċ agus a gcreideaṁ i nDia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus ar na mbreiṫ leis dó ḋá ṫiġ féin, do ċuir sé ḃiaḋ na ḃfíaḋnuisi, agus do rinne sé gairdeaċus, é féin agus a ṫiġ uile ag creideaṁ a Ndía.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 16:34
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ba ċeart súḃaċas agus gáirdeaċas do ḃéanaṁ: óir do ḃí do ḋearḃráṫair annso marḃ, agus do ṫéarnuiġ sé; do ḃí sé ar iarraiḋ agus friṫ é.


Agus do ḃrostuiġ seisean anuas, agus do ċuir sé fáilte roiṁe go h‐áṫasaċ.


Agus do‐rinne Léḃí fleaḋ ṁór dó ’n‐a ṫiġ: agus do ḃí cuideaċta ṁór poibleacán agus daoine eile ann agus iad ’n‐a suiḋe ċum biḋ ’n‐a ḃfoċair.


laḃarfaiḋ seisean briaṫra leat ṡlánóċas ṫú féin, agus muinntear do ṫeaġlaiġ go léir.


Agus nuair do ḃí sí féin agus muinntear a tiġe baistṫe, do ċuir sí impiḋe orainn, g‐á ráḋ, Má’s é ḃúr meas go ḃfuilim dílis do’n Tiġearna, tagaiḋ isteaċ agus fanaiḋ im’ ṫiġ. Agus do ċuir sí d’ḟiacaiḃ orainn dul.


Aċt ar maidin, do ċuir na giúistísí uaṫa na maoir, g‐á ráḋ, Scaoiliḋ na fir úd.


Agus d’ḟanaidís gaċ lá d’aon toil san teampall, agus do ḃrisidís arán ó ṫiġ go ṫiġ, ag caiṫeaṁ a mbiḋ le h‐áṫas agus le simpliḋeaċt croiḋe,


Agus nuair ṫángadar aníos as an uisce, d’ḟuaduiġ Spiorad an Tiġearna Pilib; agus ní ḟaca an coillteánaċ as sin amaċ é, óir d’imṫiġ sé ar a ḃóṫar agus árd‐áṫas air.


Anois go líonaiḋ Dia an dóċais siḃ de gaċ áṫas agus de gaċ síoṫċáin san gcreideaṁ, ċum go mbéiḋ siḃ féin lán de ḋóċas, tré ċumaċt an Spioraid Naoiṁ.


Agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt do‐ġnímíd gáirdeaċas i nDia tríd ár dTiġearna Íosa Críost, tré n‐a ḃfuaramar an réiḋteaċ sin.


tré n‐a ḃfuaramar, leis, sliġe tré ċreideaṁ ċum an ġrása so ’n‐a ḃfuil ár seasaṁ, agus atá gáirdeaċas orainn ag súil le glóir Dé.


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


Ní h‐é go ḃfuilim ag éileaṁ aon ḃronntanais; aċt gur ab aṁlaiḋ atáim ar lorg an torṫa raċas cum creideaṁna ḋaoiḃ.


Déanaiḋ gáirdeaċas san Tiġearna i gcóṁnaiḋe: adéarfad arís é, Déanaiḋ gáirdeaċas.


Óir ba ṁór an t‐aḋḃar áṫais agus sóláis dom do ġráḋ‐sa a ḃráṫair, toisc gur tógaḋ croiḋeaċa na naoṁ tríot.


A ċlann ḃeag, ná taḃraimís gráḋ i mbriaṫraiḃ béil, ná leis an teangain: aċt i ngníoṁarṫaiḃ agus i ḃfírinne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ