Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 16:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus do ḃí sí g‐á ḋéanaṁ sin ar feaḋ mórán laeṫe. Aċt do ġoill sin ar Ṗól, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an spioraid, Órduiġim duit i n‐ainm Íosa Críost teaċt amaċ aisti. Agus ṫáinig sí amaċ an uair ċéadna sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus ġníoḋ sí an níḋ seo ar feaḋ mórán laeṫe. Aċt ġoill seo ar Ṗól, agus ar ṫionntóḋ ṫart dó, duḃairt sé leis an spiorad: Órduiġim duit i n-ainm Íosa Críost dul amaċ aiste. Agus d’imṫiġ sé amaċ ar an uair ċéadna sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Ḃí sí ’ġá ḋéanaṁ san ar feaḋ mórán laeṫanta. Do ġoill san an Ṗól agus d’iompuiġ sé agus duḃairt sé leis an spioraid: Deirim leat, i n-ainim Íosa Críost, imṫeaċt amaċ aisti. Agus d’imṫiġ, an uair ċéadna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus do rinne sí so mórán do laéṫiḃ. Aċd do ġoill sin, ar Ṗól, agus dfill sé air ais agus a duḃairt sé ris a spiorud, Aiṫniġim ḋíot a nainm Iósa Críosd teaċd amaċ aisde. Agus ar a núair sin do imṫiġ an spiorad aisde.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 16:18
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt do ḃí an bád fá’n am sin i lár na fairrge, d’á luascaḋ ag na tonnaiḃ, mar do ḃí an ġaoṫ ’n‐a ċoinniḃ.


Agus do leiġeas sé a lán daoine ar a raiḃ galair ilġnéiṫeaċa, agus do ċaiṫ sé amaċ a lán deaṁan; agus níor ċeaduiġ sé do na deaṁanaiḃ laḃairt, mar d’aiṫniġeadar é.


Agus is iad so na cóṁarṫaí leanfas iad‐san ċreidfeas: caiṫfid deaṁain amaċ im’ ainm‐se; laḃarfaid as teangṫaċaiḃ nua;


Agus do ġlaoḋ sé an dáréag ċuige, agus ṫug sé ḋóiḃ cuṁaċt agus uġdarás ar na deaṁnaiḃ go léir, agus ċum galair do leiġeas.


Aċt aduḃairt Peadar, Ní ḟuil airgead agam ná ór; aċt an niḋ atá agam do‐ḃeirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, éiriġ agus siuḃail.


Agus aduḃairt Peadar leis, A Aenéis, atá Íosa Críost ’gad’ ṡlánú: éiriġ, agus cóiriġ do leaba. Agus d’éiriġ sé ar an láṫair.


g‐á ṫáirngneáil do’n ċrois; ag cur na ḃflaiṫeas agus na gcuṁaċt de, do rinne sé sompla saoġalta ḋíoḃ, ag buaḋaċtain orṫa d’á bárr.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ